Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 3:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 “Tabharfaidh mé ógánaigh mar phrionsaí dóibh, agus beidh siad faoi réir ag lucht baoise.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus do bhéara mé leinibh dá mbeith na núachdaranuibh orra, agus ríaghlochuid naóidhin ós a ccionn.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 3:4
12 Tagairtí Cros  

Bhí Manaise dhá bhliain déag d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé cúig bliana agus caoga i réim in Iarúsailéim.


Bhí Ióisíá ocht mbliana d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé bliain agus tríocha i réim in Iarúsailéim.


Bhí Zidicíá bliain agus fiche d'aois nuair a tháinig sé i réim, agus bhí sé aon bhliain déag i réim in Iarúsailéim.


Bhí Iahóácház trí bliana fichead d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé trí mhí i réim in Iarúsailéim.


Bhí Iachóiácaím cúig bliana agus fiche d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé aon bhliain déag i réim i Iarúsailéim. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna a Dhia.


Bhí Iahóiácaín ocht mbliana d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé trí bliana agus deich lá i réim in Iarúsailéim. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna.


Mairg duit, a thír a bhfuil leanbh ina rí ort, agus a mbíonn do phrionsaí ag caitheamh fleá ar maidin.


A phobal liom, atá faoi ansmacht gasúra agus faoi anfhorlann ag mná. A phobal liom, tá do lucht rialtais ar seachrán agus iad ag milleadh an bhealaigh romhat.


Dúirt an Tiarna: “De bharr dhíomais iníonacha Shíón, mar go siúlann siad lena gceann suas agus iad ag caitheamh catsúile, mar go dtéann siad de ghearrchoiscéim, ag baint ceoil as a bhfáinní coise,


ceann feadhna, ceannasaí, comhairleoir, draoi agus ceard.


Is trí fhearg an Tiarna a tharla sé seo in Iarúsailéim agus in Iúdá, gur theilg sé uaidh iad faoi dheireadh. D'éirigh Zidicíá amach in aghaidh rí na Bablóine.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí