2 Ríthe 22 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil XXII. Athnúadhughadh an teampuill agus sheirbhis Dé, tre chúram Iosias. 1 Do bhí Iosiah ochd mblíadhna dáois a núair do thosuigh a ríghe, agus do ríoghaidh áon bhlíadhuin déug ar fhithchid ann Ierusalem. Agus do bé ainm a mhathar Iedidah, inghean Adaiah ó Bhoscat. 2 Agus do rinne sé an ní fa mhaith a radharc an TIGHEARNA, agus do shiubhail sé a nuile shlighthibh a athar Dáibhi, agus níor fhill sé do leathtaoibh ar a láimh dheis nó ar a láimh chlé. 3 ¶ Agus tárla annsa nochdmhadh bliadhuin déug don rígh Iosiah, gur chuir an rígh Saphan mac Asaliah, mhic Messullam, an scribhneóir, go tigh an TIGHEARNA, gha rádh, 4 Eírigh súas go Hilciah an tárdshagart, go náirimh sé an tairgiod tugadh go tigh an TIGHEARNA, noch do chruinnigheadar luchd coimheáda an doruis ón phobal: 5 Agus tugaidís a láimh luchd déanta na hoibre é, agá bhfuil féuchuin ós cionn tighe an TIGHEARNA: agus tugaidíssion é don luchd oibre noch atá a ttigh an TIGHEARNA, do leasughadh bristeadhadh an tighe, 6 Do sháoruibh crainn, agus do áos déanta an tighe, agus do shaóruibh cloch, agus do cheannach adhmuid, agus chloch suoighte daithdhéanamh an tighe. 7 Acht cheana ní dhéarnadh cuntus ar bith riú fan nairgiod tugadh air a láimh, do bhrígh go ndéarnadar fírinne. 8 ¶ Agus a dubhairt Hilciah an tárdsagart ré Saphan an scribhneóir, Fuair mé leabhar an dlighe a ttigh an TIGHEARNA. Agus thug Hilciah an leabhar go Saphan, agus do leígh sé é. 9 Agus tháinic Saphan an scribhneóir gus an rígh, agus thug scéula chum an righ a rís, agus a dubhairt, Do chruinnigheadar do sherbhísigh an tairgiod fríth annsa tigh, agus thugadar é a láimh na druinge atá ag déanamh na hoibre, agá bhfuil fuirfheithiomh ós cionn thighe an TIGHEARNA. 10 Agus do thaisbeín Saphan an scribhneóir don rígh, gha rádh, Thug Hilciah an sagart leabhar dhamhsa. Agus do léigh Saphan é a lathair an rígh. 11 Agus tárla, a nuáir do chúala an rígh bríathra leabhair an dlighe, gur bhris sé a eádach. 12 Agus dfúagair an rígh do Hilciah an sagart, agus do Ahicam mac Saphan, agus do Achbor mhac Michaiah, agus do Shaphan an scribhneóir, agus do Asahiah serbhíseach don rígh, dhá rádh, 13 Eirghidhe, fiafruighidh don TIGHEARNA air mo shonsa, agus ar son an phobail, agus ar son Iúdah uile, a ttaobh bhríathar an leabhairso do fríth: óir is mór fearg an TIGHEARNA atá ar na hadhadh ar naghaidh, do bhrígh nar umhluigheadar ar naithre do bhríathruibh an leabhairso, do dhéanamh a nuile neithe dá bhfuil scríobhtha dar ttaóibh. 14 Mar sin do chuáidh Hilciah an sagart, agus Ahicam, agus Achbor, agus Saphan, agus Asahiah, go Huldah an bhanfháigh, beán Shallum mhic Ticbhah mhic Harhas, fear coimhéada na néuduigheadh; (anois do comhnuigh sí ann Ierusalem annsa cheláisde); agus do labhradar ría. 15 ¶ Agus a dubhairt sisi ríu, Is marso a deir an TIGHEARNA Día Israel, Innsidh don duine do chuir chugamsa sibh, 16 Is marso a deir an TIGHEARNA, Féuch, do bhéara mé olc ar a náitsi, agus air a háitreabhuibh, uile bhríathra an leabhair do léigh rígh Iudah: 17 Do bhrígh gur threígeadar mé, agus gur loisgeadar túis do dheeibh eile, chor go mbrostuigheadis misi chum feirge le uile oibreacha a lámh; uimesin lasfuidh mfearg a naghaidh na háitesi, agus ní mhúchfuighthear í. 18 Acht re rígh Iudah noch do chuir sibhsi dfíafruighe don TIGHEARNA, is marso a déarthaoi ris. Is marso a deir an TIGHEARNA Día Israel, A ttaobh na mbríathar do chúaluidh tú; 19 Do bhrigh go raibh do chroidhe máoth, agus gur umhluigh tú thú féin a lathair an TIGHEARNA, a nuáir do chúala tú cred do labhair misi a naghaidh na háitesi, agus a nagháidh a haitreabhach, go mbéidis na bhfásach agus na mallachduin, agus gur réub tú héadach, agus gur ghuil tú am fhíadhnuise; do chúala misi mar an gcéadna thú, a deir an TIGHEARNA. 20 Féuch, ar a nadhbharsin, cruinneochadsa thú a bhfochair haithreadh, agus cruinneochar chum húaighe thú go síothchanta; agus ní fhaicfid do shúile an lán uilc do bhéaras mé ar a náitsi. Agus thugadar scéula a rís chum an rígh. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society