Mar seo a deir an rí: ‘Ná cuireadh Hiziciá an dallamullóg oraibh mar ní bheidh ar a chumas sibh a fhuascailt as mo ghreim.
2 Ríthe 19:3 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt siad leis: “Mar seo a deir Hiziciá: ‘Lá anró an lá seo, lá pionóis agus aithise. Tá leanaí i mbéal a mbreithe, ach níl sé de neart ag a máithreacha iad a thabhairt ar an saol. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhradar ris, Is marso a deir Heseciah, Is lá buaidheartha an láso, agus míochlú, agus scannla: óir thangadar an chlann go ham a mbeartha, agus ní bhfuil do neart a mbreith. |
Mar seo a deir an rí: ‘Ná cuireadh Hiziciá an dallamullóg oraibh mar ní bheidh ar a chumas sibh a fhuascailt as mo ghreim.
Chuir sé Eiliácaím, reachtaire an pháláis, agus Seabná, an rúnaí, agus seanóirí na sagart, agus iad gléasta in éadach róin, go dtí an fáidh Íseáia mac Ámóz.
Go gcluine an Tiarna do Dhia briathra uile an phríomhchornaire a chuir a mháistir, rí na hAsaíre, chun masla a thabhairt do Dhia beo, agus go ndéana an Tiarna do Dhia na briathra a chuala sé a agairt. Cuir suas do ghuí dá bhrí sin ar son an iarmhair atá fágtha.’ ”
Á, dá n‑eistfeadh sibh inniu lena ghlór: “Ná cruaigí bhur gcroí mar a tharla i Miríbeá, nó an lá úd ag Masá san fhásach
An dtabharfaidh mé chun breithe, gan an bhreith a thabhairt chun críche? a deir an Tiarna. Mise a ghin, an ndúnfaidh mé an bhroinn? a deir do Dhia.
Tá tinneas clainne ag tosú di, ach is páiste díchéillí í; mar cé go bhfuil ionú a breithe ann, ní thagann sí go béal na broinne.
Fillfidh mé ar ais arís ar mo láthair féin, nó go n‑admhóidh siad a gcionta agus go dtiocfaidh siad ar mo lorg. Nuair a bheidh siad i gcruachás, cuardóidh siad mé go dúthrachtach, [á rá:]