Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 18:29 - An Bíobla Naofa 1981

29 Mar seo a deir an rí: ‘Ná cuireadh Hiziciá an dallamullóg oraibh mar ní bheidh ar a chumas sibh a fhuascailt as mo ghreim.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

29 Marso a deir an rígh, Na mealladh Heseciah sibh: óir ní bhiáidh ar a chumus bhur sáoradh as a láimh:

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 18:29
10 Tagairtí Cros  

Ansin sheas an príomhchornaire agus dúirt in ard a chinn agus a ghutha i dteanga Iúdá: “Éistigí le briathar an rí mhóir, rí na hAsaíre.


Ná cuireadh Hiziciá ina luí oraibh a bheith ag brath ar an Tiarna lena rá libh: Déanfaidh an Tiarna sinn a fhuascailt go cinnte agus ní thabharfar an chathair seo i lámha rí na hAsaíre.’


Nach bhfuil Hiziciá do bhur gcur amú? Nach bhfuil sé do bhur ndaoradh chun báis de ghorta agus de thart nuair a deir sé: “Déanfaidh an Tiarna ár nDia sinn a fhuascailt ó láimh rí na hAsaíre”?


Ná cuireadh Hiziciá amú sibh, ná cuireadh sé dallamullóg oraibh ar an tslí seo. Ná géilligí dó! Óir níor fhéad dia aon chine ná aon ríochta a phobal a fhuascailt ó mo ghreim ná ó ghreim mo shinsear. Nach lú go mór ná sin a fhéadfaidh bhur nDia sibh a fhuascailt ó mo ghreim!’ ”


an t‑áibhirseoir a ardaíonn é féin os cionn gach neach atá in ainm bheith ina Dhia nó ina dhíol ómóis, go dtí go suíonn sé faoi i dteampall Dé agus é a mhaíomh gur Dia é féin.


Agus ansin taispeánfaidh an mac mallachta é féin, ach déanfaidh an Tiarna Íosa é a bhascadh le hanáil a bhéil agus díothóidh é le niamhracht a theachta.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí