Má éisteann tú le m'orduithe go léir duit agus má leanann tú mo shlite, agus má dhéanann tú an ceart i mo láthair, ag comhlíonadh mo dhlíthe agus m'aitheanta, mar a rinne Dáiví mo shearbhónta, beidh mé in éineacht leat, agus tógfaidh mé teach daingean duit, mar a rinne mé do Dháiví, agus tabharfaidh mé Iosrael duit,
Nuair a chuaigh Solamh anonn in aois, chlaon a mhná céile a chroí i dtreo déithe eile, agus ní raibh a chroí go hiomlán ag an Tiarna, a Dhia, mar bhí croí a athar, Dáiví.
Óir rinne Dáiví an ceart i bhfianaise an Tiarna agus níor dhiúltaigh sé riamh i gcaitheamh a shaoil déanamh mar a d'ordaigh sé (seachas i gcas Úiríá an Hiteach).
“Cuimhnigh, impím ort, mar a d'iompair mé mé féin go dílis agus le dúthracht chroí i do láthair agus a rinne mé an ceart i do láthair.” Agus ghoil Hiziciá go fuíoch.
Ansin dúirt sé: “Má éisteann tú go cáiréiseach le glór an Tiarna do Dhia agus a bhfuil ceart ina láthair a dhéanamh agus aird a thabhairt ar a aitheanta agus a reachtanna a choimeád, ní dhéanfaidh mé aon cheann de na holca a d'imir mé ar na hÉigiptigh a imirt ort; mar is mise an Tiarna do shlánaitheoir.”
“Uch, a Thiarna, cuimhnigh, impím ort, mar a d'iompair mé mé féin i d'fhianaise le dílseacht agus faoi chroí mór maith, agus an rud a bhí maith i do shúile á dhéanamh agam.” Agus chaoin sé uisce a chinn.
“Anois, a Iosrael, cad a éilíonn an Tiarna do Dhia ort ach eagla an Tiarna do Dhia a bheith ort agus siúl ina bhealaí go léir, agus grá a thabhairt dó agus seirbhís a thabhairt don Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán,
Déan an chóir agus an mhaith i láthair an Tiarna i dtreo go rithfidh leat agus go rachaidh tú isteach agus seilbh a ghabháil ar an talamh fónta a mhionnaigh an Tiarna a thabharfaidh sé do d'aithreacha,