Ansin mharaigh Iéahú gach ar mhair de shliocht Acháb in Izréil, a mhaithe go léir, a dhlúthchairde agus a shagairt, gan duine díobh a fhágáil ina bheatha.
Marsin do mharbh Iehu án mhéid do mhair do thigh Ahab an Iesreel, agus a dhaóine móra uile, agus a luchd gáoil uile, agus a shagairt, go nar fhág sé áon díobh na bheathuigh aige.
Dá bharr sin tabharfaidh mé tubaiste ar theach Iarobám; scriosfaidh mé gach mac máthar de mhuintir Iarobám, idir dhaor is shaor in Iosrael; scuabfaidh mé teaghlach Iarobám chun siúil faoi mar a scuabann duine aoileach chun siúil go dtí nach mbíonn ruainne fágtha.
A luaithe agus a tháinig sé i gcoróin, bhásaigh sé teaghlach Iarobám ar fad, gan anacal a dhéanamh ar oiread agus duine beo, ach iad go léir a ídiú, díreach faoi mar a thairngir briathar an Tiarna a labhair sé trína shearbhónta Aichíá ó Shileo,
Nuair a tháinig sé i réim, a luaithe a shuigh sé sa ríchathaoir, bhásaigh sé teaghlach Bháiseá go léir, níor fhág sé fear dá ghaolta ná dá chairde beo.
Cuir fios ar Iosrael go léir anois más ea agus cruinnigh i mo thimpeall ar Shliabh Chairmeil iad, agus na ceithre chéad go leith fáidh de chuid Bhál chomh maith (agus na ceithre chéad fáidh do chuid Aiséará) a shuíonn chun boird le Ízeibil.”
Dúirt Éilias: “Gabhaigí fáithe Bhál agus ná ligigí d'aon duine díobh éalú.” Ghabhadar iad agus thug Éilias síos go Gleann Chíseon iad agus bhásaigh ansiúd iad.
Tabharfaidh mé an íde chéanna ar do theaghlach agus a thug mé ar theaghlach Iarobám mac Nabát, agus ar theaghlach Bháiseá mac Aichíá, de bhrí gur chuir tú fearg orm agus gur sheol tú Iosrael ar bhóthar an pheaca.
“Ar thug tú faoi deara mar atá Acháb tar éis é féin a umhlú os mo chomhair? De bhrí gur umhlaigh sé é féin os mo chomhair, ní thabharfaidh mé an tubaiste anuas ina laethanta féin; tabharfaidh mé anuas ar a theaghlach é i laethanta a mhic.”
Chruinnigh rí Iosrael na fáithe le chéile, dá bhrí sin, ceithre chéad díobh. “Ar chóir dom dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?” ar sé. “Téigh,” ar siad, “tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.”
Ba é toil an Tiarna é Achaizíá a scriosadh tríd an turas seo ar thuairisc Iahórám. Nuair a tháinig sé ansiúd chuaigh sé amach le Iahórám le bualadh le Iéahú mac Nimsí an té a bhí ungtha ag an Tiarna le teaghlach Acháb a scriosadh.
Agus Iéahú ag cur na daorbhreithe ar theaghlach Acháb i bhfeidhm, bhuail sé le flatha Iúdá agus le nianna Achaizíá a bhí i seirbhís an rí agus chuir chun báis iad.
“Tabhair Izréil mar ainm air,” arsa an Tiarna leis ansin, “mar i gceann tamaillín eile imreoidh mé díoltas ar theaghlach Iéahú in éiric fhuil Izréil agus cuirfidh mé deireadh le réimeas theaghlach Iosrael.
Thug an Tiarna í seo ar láimh d'Iosrael chomh maith, í féin agus a rí; d'imríodar faobhar claímh uirthi agus ar gach duine inti, gan duine beo a fhágáil inti; agus thugadar an íde chéanna ar a rí agus a thugadar ar rí Ireachó.
Thug an Tiarna ar láimh d'Iosrael iad; bhriseadar orthu agus chuadar sa tóir orthu siar chomh fada le Síodón Mhór agus Misreafot Maím agus soir chomh fada le Gleann Mhizpeá. Bhíodar á bpleancadh go dtí nár fágadh fear inste scéil díobh.
Gabhadh an beithíoch agus, in éineacht leis, an fáidh bréige, an té a rinne comharthaí os a chomhair lenar mheall sé an dream a ghlac marc an bheithígh agus a shléacht le hómós dá dhealbh. Teilgeadh iad araon ina steillbheatha isteach sa linn tine ar lasadh le ruibh.
Agus an diabhal a mheall iad, teilgeadh é sa linn tine agus ruibhe mar ar teilgeadh an beithíoch agus an fáidh bréige chomh maith; beidh siad á gciapadh de lá agus d'oíche ar feadh na síoraíochta.