Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

2 Ríthe 10 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil X. Tóruigheachd Iehu umorroar thigh Achab. 29 Ach gur lean se fein fós peacadh Ieroboam.

1 Agus do bhí ag Ahab seachdmhoghad mac a Samária. Agus do scriobh Iehu litreacha, agus do chuir go Samária, go húachdaranuibh Iesreell, gus na sinnsioruibh, agus gus an muinutir thug súas clann Ahab, gha rádh,

2 Anois mar is lúaithe thiucfas an litírsi chugaibh, ó tharla clann bhur maighistir bhur bhfochair, agus go bhfuil aguibh carbuid agus marcshlúagh, cuthair dhaingion fós, agus arm;

3 Féuchuidh amach an mac is féarr agus is iomchubhaidh do chloinn bhur maighistir, agus cuirigh a ccathaóir ríogha a athar é, agus troidigh ar son tighe bhur maighistir.

4 Achd do bhádarsan lán deagla, agus a dubhradar, Féuch, níor sheasadar dhá rígh an aghaidh: cionnus marsin sheasfuimne?

5 Agus an té do bhí ós cionn an tighe, agus an té do bhí ós cionn na caithreach, na sinnsir mar an gcéadna, agus altranna na cloinne, do chuireadar teachda go Iehu, gha radh, Is sinne do shearbhfhoghantuighidhse, agus do dheánam gach ní déaras tú rinn; ní dhéanam rígh ar bith, deánasa ann ní is féarr do chítear dhuit.

6 Ann sin do scríobh sé litir an dara huáir chuca, dhá rádh, Mas liomsa sibh, agus má éistighe rem ghuth, glacaidh cinu nan bhfear mac bhur mhaighistir, agus tigidh chugamsa go Iesreel fa namsa márach. Anois mic an rígh, bá seachdmhoghad íad, agus do bhádar ag dáoinibh móra na caithreach, noch thug súas íad.

7 Agus tárla, a núair rugadh an litir chucasan, gur ghabhadar clann an rígh, agus gur mharbhadar deithneamhar agus trí tithchid fear, agus do chuireadar a ccinn a cclíabhuibh, agus do chuireadar chuigesion go Iesreel íad.

8 ¶ Agus tháinic teachdaire, agus dinnis dó, ghá rádh, Thugadar leó cinn mhac an righ. Agus a dubhairt seision, Cuirigh an ndá chárnan iad a ndul a steach an gheata go ttí maidin.

9 Agus tárla ar maidin, go ndeachaidh sé amach, agus gur sheas sé, agus go ndubhairt ris an bpobail uile, Atáthaóisi ionruic: féuchuidh do rinne misi feall ar mo thighearna, agus do mharbh mé é: achd cia mharbh iad so uile?

10 Biodh a fhíos aguibh a nois nach rachaidh éinní fa lár do bhreithir an TIGHEARNA, noch do labhair an TIGHEARNA a ttáoibh thighe Ahab: óir do rinne an TIGHEARNA an ní do labhair sé tré na shearbhfhoghantuigh Elias.

11 Marsin do mharbh Iehu án mhéid do mhair do thigh Ahab an Iesreel, agus a dhaóine móra uile, agus a luchd gáoil uile, agus a shagairt, go nar fhág sé áon díobh na bheathuigh aige.

12 ¶ Agus déirigh sé agus do ghluais, agus tháinic go Samária. Agus mar do bhí sé ag tígh lomartha cáorach ar a tslighe,

13 Tárla Iéhu ré dearbhráithribh Ahasiah rígh Iúdah, agus a dubhairt, Cía sibhsi? Agus do fhreagradarsan, Atámaoidne dearbhraithre Ahasiah; agus atámáoid ag dul síos do chur fáilte roimhe chloinne an righ agus cluinne na bainríoghna.

14 Agus a dubhairt seision, Glacuidh beó íad. Agus do ghlacadar beó íad, agus do mharbhadar íád ag log thighe an lomartha, días agus dá fhithchiod fear; níor fhág sé duine dhíobh.

15 ¶ Agus a núair do imthigh sé as sin, tárla ris Iehonadab mhac Rechab ag teachd na choinne: agus do bheannuigh sé dhó, agus a dubhairt ris, An bhfuil do chroidhese díreach, mar tá mo chroidhesi red chroidhese? Agus do fhreagair Iehonadab, Ata. Má tá, tabhair dhamhsa do lámh. Agus thug sé a lámh dhó; agus do ghlac sé súas chuige ann sa ccarbad é.

16 Agus a dubhairt ris, Tarr liomsa, agus féuch mo theasghrádh ar son an TIGHEARNA. Marsin thugadar air marcuigheachd iona charbad.

17 Agus an tan tháinic sé go Samaria, do mharbh se ar mhair le Ahab ann Samária, nó gur sgrios sé é, do reír bhréithre an TIGHEARNA, noch do labhair sé re Helias.

18 ¶ Agus do chruinnigh Iehu an pobal uile a gcionn a chéile, agus a dubhairt riú, Do rinne Ahab serbhís bheag do Bhaal; achd do dhéana Iéhu serbhís mhór dhó.

19 Anois ar a nadhbharsin goiridh chugam fáighe Bhaal uile, a sherbhísigh uile, agus a shagairt uile; ná teastuigheadh éandúine dhíobh: óir atá íodhbuirt mhór agamsa ré a dhéanamh do Bháal; gidh bé fhanfus a muigh, ní mairfidh sé. Achd do rinne Iehu so mar ghliocus, ionnus go sgriosfadh sé luchd adhartha Bhaal.

20 Agus a dubhairt Iehu, Fúagruighe oireachdus sollamanta do Bhaal. Agus dfúagradarsan é.

21 Agus dó chuir Iehu fios ar feadh Israel uile: agus thangadar luchd adhartha Bhaal uile, iondus nár fágbhadh duine nach ttáinic. Agus thangadar go tigh Bhaal; agus do bhí tigh Bhaal líonta ó chionn go chéile.

22 Agus a dubhairt seision ris an té do bhí ós cionn shéomra na cculadh, Tabhair amach culadhacha do luchd adhartha Bhaal uile. Agus thug sé culadhacha amach chuca.

23 Agus do chúaidh Iehu, agus Iehonadab mac Rechab go tigh Bhaal, agus a dubhairt sé re luchd adhartha Bhaal, Spíonuidh, agus féuchuidh nach bíadh aguibh annso éanduine do mhuinntir an TIGHEARNA, achd luchd adhartha Bhaal amháin.

24 Agus a nuáir do chúadar a steach dofráil íodhbartha agus ofrála loisge, dórduigh Iehu ceithre fithchid fear amuigh, agus a dubhairt, Má léigthí éanduine as dá ttug mé ann bhur lámhuibh, rachaidh anum an té léigfios uadh é, ar son a anma.

25 Agus tárla, an tan do chríochnuigh sé a nofráil loisge dofráil, go ndubhairt Iehu rís an ngárda agus ris na caiptínibh, Imthighidh asteach, agus marbhuidh íad; na léigidh éanduine as. Agus do bhuáileadarsan íad lé fáobhar an chloidhímh; agus do theilg an gárda agus na caiptínigh amach íad, agus do chúadar go cathruigh thighe Bhaal.

26 Agus thugadar amach na hiómháighe ass tighe Bhaal, agus do loisgeadar íad.

27 Agus do bhrisiodar síos íomháighe Bhaal, agus do bhriseadar síos tigh Bhaal, agus do rinneadar campa dhe gus a niugh.

28 Marso do scrios Iehu Baal amach as Israel.

29 ¶ Acht cheana níor dhealuigh Iehu ré peacadhuibh Ieroboam mhic Nebat, noch thug ar Israel peacughadh; níor fhill Iehu, O na láoghibh órdha do bhí a Mbetel, agus do bhí ann Dan.

30 Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Iehu, Do bhrígh go ndéarna tu go maith a ccríochnughadh an neithesi is ceart ann mo radharcsa, agus go ndéarna tú ré tigh Ahab do réir a raibh ann mo chroidhe, suighfid do chlann don cheathramhadh glún a ccathaóir ríogha Israel.

31 Acht níor chuír Iehu beann ar shiubhail a ndligheadh an TIGHEARNA Día Israel maille re na uile chroidhe: óir níor dhealuigh sé ré peacuidhuibh Ieroboam, noch thug ar Israel peacughadh.

32 ¶ Annsna láethibhsin do thionnsguin an TIGHEARNA Israel do ghearrughadh: agus do bhuáil Hasael íad ann gach uile chósta Disrael;

33 O Iordan don táobh shoir, fearann Gílead uile, na Gadítigh, agus na Reubinítigh, agus na Manassítigh, ó Aroer, (nóch atá ag abhuinn Arnon), eadhon Gilead agus Básan.

34 Anois an chuid oile do ghniomhuibh Iehu, agus a ndéarna sé, agus a neart uile, nach bhfuilid síad scríobhtha a leabhar croinice ríogh Israel?

35 Agus do choduil Iehu a bhfochair a aithreadh: agus do hadhlaiceadh a Samária é. Agus do ríoghadh Iehoahas a mhac iona ait.

36 Agus do bá ochd mblíadhna fithchiód a naimsir do bhí Iehu na rígh air Israel a Samária.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí