Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 22:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Chruinnigh rí Iosrael na fáithe le chéile, dá bhrí sin, ceithre chéad díobh. “Ar chóir dom dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?” ar sé. “Téigh,” ar siad, “tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Ann sin do chruinnigh rígh Israel na fáighe a gcionn a chéile, timchioll cheithre chéud fear, agus a dubhairt riu, An racha mé a naghaidh Rámot‐ghílead do chur catha, nó an léigfidh me dho? Agus a dubhradarsan, Imthigh súas; óir toirbheora an TIGHEARNA a láimh an rígh í.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 22:6
22 Tagairtí Cros  

“Cén freagra a chomhairlíonn sibh dúinn a thabhairt don mhuintir seo a dúirt liom: ‘Bog dínn an chuing a leag d'athair orainn’?” ar sé leo.


Cuir fios ar Iosrael go léir anois más ea agus cruinnigh i mo thimpeall ar Shliabh Chairmeil iad, agus na ceithre chéad go leith fáidh de chuid Bhál chomh maith (agus na ceithre chéad fáidh do chuid Aiséará) a shuíonn chun boird le Ízeibil.”


Chuir Acháb tionól ar chlann Iosrael uile agus bhailigh sé na fáithe le chéile ar Shliabh Chairmeil.


Bhí rí Iosrael agus Iahóiseáfát rí Iúdá ina suí ina ríchathaoireacha ina lánlibhré ag an urlár buailte ag geata na Samáire agus na fáithe go léir ag fáidheoireacht os a gcomhair.


Nuair a tháinig sé chun an rí, dúirt an rí: “A Mhíocáia, ar chóir dúinn dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?” D'fhreagair sé: “Gluais agus treise leat! Tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é!”


Ach dúirt Iahóiseáfát le rí Iosrael: “Faigh ar dtús comhairle an Tiarna.”


Glaoigí chugam dá bhrí sin ar fháithe Bhál ar a mhóidíní go léir, agus ar a shagairt; ná bíodh aon duine in easnamh mar tá íobairt mhór le hofráil agam do Bhál. Má bhíonn aon duine ar iarraidh, caillfidh sé a anam dá bharr.” Cleas ab ea é seo ag Iéahú le móidíní Bhál a scrios.


Ansin dúirt Eilíseá le rí Iosrael: “Cén gnó atá agatsa liomsa? Téigh go fáithe d'athar agus do mháthar.” D'fhreagair rí Iosrael: “Ní dhéanfaidh mé. Ghlaoigh an Tiarna ar an triúr ríthe seo, lenár dtabhairt i lámha Mhóáb.”


Nuair a tháinig sé chun an rí, dúirt an rí: “A Mhíocáia, ar chóir dúinn dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?” D'fhreagair sé: “Gluaisigí agus beirigí bua! Tabharfar in bhur lámha iad.”


Rud eile fós, an dóigh leat gur gan fhios agus ar neamhchead don Tiarna atá mé i ndiaidh a theacht chun an tír seo a ionsaí agus a scrios? Ní amhlaidh; ach an Tiarna féin a dúirt liom: ‘Gabh suas i gcoinne na tíre sin agus scrios í!’ ”


tairngreann na fáithe go bréagach, teagascann na sagairt ar a gcomhairle féin. Agus is maith le mo phobal é. Ach i ndeireadh na cúise, céard a dhéanfaidh sibh?


De bhrí gur chuir sibh imní le bréaga ar an bhfíréan nár chuir mise imní air; agus gur spreag sibh an ciontach ionas nach gcasfadh sé óna drochiompar lena bheatha a shlanú;


“Seachnaígí na fáithe bréige a thagann chugaibh faoi chló caorach ach gur faolchúnna amplacha iad laistigh.


Tá an uair ag teacht nuair nach nglacfaidh daoine a thuilleadh leis an teagasc folláin. Ina ionad sin cruinneoidh siad múinteoirí ina dtimpeall a bheidh chun a dtola agus iad ar bís chun iad a chloisteáil;


Gabhadh an beithíoch agus, in éineacht leis, an fáidh bréige, an té a rinne comharthaí os a chomhair lenar mheall sé an dream a ghlac marc an bheithígh agus a shléacht le hómós dá dhealbh. Teilgeadh iad araon ina steillbheatha isteach sa linn tine ar lasadh le ruibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí