“Moladh leis an Tiarna a thug suaimhneas dá phobal Iosrael de réir gach ar gheall sé; níor theip ar oiread agus ceann de na nithe fónta go léir a gheall sé trí bhéal Mhaois a shearbhónta.
Agus tusa, a Sholaimh, a mhic, cuir aithne ar Dhia d'athar; tabhair seirbhís dó ó do chroí go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán; óir scrúdaíonn an Tiarna gach croí agus is eol dó gach beartas agus gach smaoineamh. Má lorgaíonn tú é, ligfidh sé duit é a fháil, ach má dhéanann tú é a thréigean, caithfidh sé i leataobh thú go brách.
Ná bíodh eagla ort, tá mise i d'fhochair; ná bíodh faitíos ort, mar is mé do Dhia. Cuirimse neart ionat agus cuidím leat, coinním suas le mo dheasláimh bhuach thú.
Lasfaidh m'fhearg ina gcoinne an lá sin agus tréigfidh mé iad, agus ceilfidh mé mo ghnúis orthu, agus alpfar iad; is iomaí urchóid agus tubaiste a thiocfaidh orthu i dtreo go ndéarfaidh siad an lá sin: ‘Nár tháinig na hurchóidí seo orm mar nach bhfuil an Tiarna mo Dhia in éineacht liom?’
Bíodh neart ionaibh, agus misneach agaibh; ná bíodh eagla ná scanradh oraibh rompu; óir is é an Tiarna do Dhia a théann libh; ní theipfidh sé ort, ná ní fheallfaidh ort.”
Ná bíodh andúil agaibh san airgead. Ach bígí sásta lena bhfuil agaibh. Óir, deir Dia féin: “Ní thréigfidh mé thú go deo; ní fhágfaidh mé san abar thú choíche.”
Ní fhéadfaidh aon duine an fód a sheasamh i d'aghaidh i gcaitheamh do shaoil go léir; mar a bhí agam le Maois is ea a bheidh agam leatsa; ní thréigfidh mé thú ná cliseadh ort.