Chuir sé lucht ceannais i bhfeighil Eadóm (chuir sé lucht ceannais i bhfeighil Eadóm ar fad). Tháinig na hEadómaigh go léir faoi smacht Dháiví. Thug an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a ndeachaigh sé.
1 Ríthe 2:3 - An Bíobla Naofa 1981 Cuir orduithe an Tiarna do Dhia i gcrích, lean a shlite agus comhlíon a dhlíthe, a aitheanta, a nósanna, a reachtanna faoi mar atá scríofa i ndlí Mhaois. Ar an dóigh sin beidh an rath ar gach rud a dhéanfaidh tú agus a ghlacfaidh tú ar láimh, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus coimhéad cúram do THIGHEARNA Dé, ag siubhal iona shlighthibh, ag coimhéad a statúideadh, agus a aitheanta, agus a bhreitheamhnasa, agus a fhiaghnuiseadh, mar atá scriobhtha a ndligheadh Mhaóise, chor go mbeirigh tú buáidh ann sa nuile ní dá déana tú, agus ann gach uile tháobh a niompochuídh tú thú féin: |
Chuir sé lucht ceannais i bhfeighil Eadóm (chuir sé lucht ceannais i bhfeighil Eadóm ar fad). Tháinig na hEadómaigh go léir faoi smacht Dháiví. Thug an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a ndeachaigh sé.
Chuir Dáiví lucht ceannais i bhfeighil Aram na Damaisce agus ghéill na hAramaeigh go léir do Dháiví agus d'íocadar cáin le Dáiví. Thug an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a dtéadh sé.
Bhí grá ag Solamh don Tiarna agus lean sé reachtanna Dháiví a athair ach gur ofráil sé íobairtí agus túis ar na hardionaid.
Bhí an Tiarna ina theannta agus bhí an rath air cibé áit ar a raibh a thriall. D'éirigh sé amach in aghaidh rí na hAsaíre agus d'eitigh fónamh dó.
Tabhair do Sholamh mo mhac croí meáite ar d'aitheanta, do reachtanna, agus d'fhorálacha, a chomhlíonadh; go gcuire sé iad go léir i bhfeidhm agus an pálás seo a d'ullmhaigh mé duit a thógáil.”
Tá a thriall amach as teorainn na spéire agus a iomchuairt thart chun na teorann eile, agus níl dul óna theas ag aon ní ar bith.
Mar choimriú scoir ar a bhfuil cloiste agat: bíodh eagla Dé ort agus coimeád a aitheanta, mar is é sin príomhdhualgas an duine.
Ní foláir daoibh fanacht seacht lá agus seacht n‑oíche ag doras Bhoth na Teagmhála ag comhlíonadh ghnás an Tiarna; déanaigí amhlaidh agus ní baol daoibh an bás. Sin é an t‑ordú a fuaireas.”
Ghabhamar a dtír agus thugamar é mar oidhreacht do threibh Reúbaen agus do threibh Ghád agus do leath-threibh Mhanaise.
“Coimeádaigí dá bhrí sin briathra an chonartha seo agus comhlíonaigí iad, agus rithfidh libh i ngach ní dá ndéanfaidh sibh.
“Anois, más ea, a Iosrael, tabhair aird ar na dlíthe agus na reachtanna a mhúinim daoibh; comhlíonaigí iad i dtreo go mairfeadh sibh agus go rachadh sibh isteach agus seilbh a ghlacadh ar an bhfearann atá an Tiarna, Dia bhur n‑aithreacha, á thabhairt daoibh.
seo iad na hachtanna agus na dlíthe agus na reachtanna a d'ordaigh Maois do chlann Iosrael ar theacht as an Éigipt dóibh,
Seo mise ag teagasc dlíthe agus reachtanna daoibh, mar a d'aithin an Tiarna mo Dhia dom, le comhlíonadh agaibh sa tír ina bhfuil sibh ag dul le seilbh a ghabháil air.
Agus cén cine mór a bhfuil comhfhíréan an dlí go léir, a chuir mé romhaibh inniu, de dhlíthe agus de reachtanna acu?
Thionóil Maois Iosrael go léir chuige agus dúirt leo: “A Iosrael, éist leis na dlíthe agus leis na reachtanna a labhraím in bhur gcomhchlos inniu. Foghlaimígí iad agus comhlíonaigí iad le barr cúraim.
Féachaigí chuige le barr cúraim go gcomhlíonfaidh sibh na haitheanta agus an dlí a thug Maois, óglach an Tiarna, daoibh; bíodh grá agaibh don Tiarna, bhur nDia, leanaigí ar a chosáin i gcónaí, comhlíonaigí a aitheanta, bígí dílis dó agus déanaigí seirbhís dó ó chroí go hiomlán agus ó anam go hiomlán.”
Seasaigí an fód dá bhrí sin agus déanaigí agus comhlíonaigí a bhfuil scríofa i leabhar dlí Mhaois, gan claonadh ar dheis uaidh, ná ar chlé,
Théadh taoisigh na bhFilistíneach amach chun catha, ach gach uair a théidís chun catha ba mhó í caithréim Dháiví ná caithréim cheannairí Shóil go léir, agus bhí clú agus cáil dá réir air.
Cibé uair a ghabhadh Dáiví amach, agus cibé cúram a chuireadh Sól air, ritheadh leis, agus chuir Sól i gceannas na saighdiúirí é. Bhí gean ag an bpobal air agus ag oifigigh Shóil chomh maith.