1 Ríthe 2:4 - An Bíobla Naofa 19814 agus cuirfidh an Tiarna i gcrích an gealltanas a thug sé dom á rá: ‘Má bhíonn do chlann mhac aireach faoina n‑iompar agus leanúint go dílis dom le lán a gcroí agus a n‑anama ní bheidh tú go brách gan fear i gcoróin ar Iosrael.’ Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)4 Ionnus go ndamgneochaidh an TIGHEARNA a fhocal, noch do labhair sé dom tháobhsa, ga radh, Má bheirid do chlann aire dá slighe, ag siubhal a bhfírinne am lathairse maille re na nuile croidhe agus re na nuile annum, ní theisdeocha uáit (ar seision) duine a ccathaóir ríogha Israel. Féach an chaibidil |
Sheas an rí ar an ardán agus rinne sé conradh i láthair an Tiarna a chur mar cheangal air féin an Tiarna a leanúint agus a aitheanta agus a reachtanna agus a dhlíthe a chomhlíonadh lena chroí go hiomlán, agus lena anam go hiomlán, ionas go mbeadh éifeacht le briathra an chonartha a bhí scríofa sa leabhar sin. D'aontaigh an pobal ar fad leis an gconradh.
Agus tusa, a Sholaimh, a mhic, cuir aithne ar Dhia d'athar; tabhair seirbhís dó ó do chroí go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán; óir scrúdaíonn an Tiarna gach croí agus is eol dó gach beartas agus gach smaoineamh. Má lorgaíonn tú é, ligfidh sé duit é a fháil, ach má dhéanann tú é a thréigean, caithfidh sé i leataobh thú go brách.
Agus anois, a Thiarna, a Dhia Iosrael, coinnigh an gealltanas a thug tú do do shearbhónta Dáiví á rá: ‘Ní bheidh tú choíche gan fear le suí os mo chomhair i ríchathaoir Iosrael, ar choinníoll go dtabharfaidh do chlann mhac aire dá n‑iompar agus siúl ar chosán mo dhlí mar a rinne tusa féin os mo chomhair.’