Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 8:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Chuir Dáiví lucht ceannais i bhfeighil Aram na Damaisce agus ghéill na hAramaeigh go léir do Dháiví agus d'íocadar cáin le Dáiví. Thug an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a dtéadh sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Annsin do chuir Dáibhi gairiosún a Síria Dhamascus: agus do bhádar na Sírianuigh na serbhíseachaibh ag Dáibhi, agus tugadar tiodhlaicthe léo. Agus do choimhéad an TIGHEARNA Dáibhi ann gach uile bhall ad téigheadh.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 8:6
26 Tagairtí Cros  

Nuair a chonaic na ríthe go léir a thug géillsine do Hadad Eizir go raibh buaite orthu ag Iosrael, rinneadar síocháin le hIosrael, agus ghéilleadar dóibh. B'eagal leis na hAramaeigh cabhrú leis na hAmónaigh a thuilleadh.


Bhí Dáiví ansin sa dún, agus bhí garastún Filistíneach an uair sin i mBeithil.


Cuirigí i gcrích anois é más ea. Thug an Tiarna gealltanas do Dháiví á rá: ‘Le neart láimhe mo sheirbhísigh Dáiví, déanfaidh mé mo phobal Iosrael a shaoradh ó lámha na bhFilistíneach agus ó lámha a naimhde go léir.’ ”


Chuaigh Dáiví i neart agus i neart agus bhí an Tiarna, Dia na Slua, ina chuideachta.


Gach slógadh dá ndearna tú, bhí mé in éineacht leat; rinne mé do naimhde go léir a threascairt romhat. An té is mó ar talamh, ní mó a chlú ná an clú a thabharfaidh mé duitse.


Chuir sé lucht ceannais i bhfeighil Eadóm (chuir sé lucht ceannais i bhfeighil Eadóm ar fad). Tháinig na hEadómaigh go léir faoi smacht Dháiví. Thug an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a ndeachaigh sé.


Bhris sé freisin ar na Móábaigh agus chuir d'iallach orthu luí ar an talamh agus thomhais sé iad le téad; thomhais sé fad dhá théad le cur chun báis, agus téad iomlán eile le hanacal. Thug na Móábaigh géillsine do Dháiví agus d'íoc cáin leis.


Thóg Dáiví na sciatha óir a bhíodh á n‑iompar ag cosantóirí Hadad Eizir agus thug leis iad go Iarúsailéim.


Tar éis bháis do Acháb, rinne Móáb ceannairc in aghaidh Iosrael.


An chuid eile de stair Iarobám, a imeachtaí go léir, a ghaisce, na cogaí a d'fhear sé, (conas mar a bhuaigh sé an Damaisc agus Hamát i Iáidí), nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?


Bhí an Tiarna ina theannta agus bhí an rath air cibé áit ar a raibh a thriall. D'éirigh sé amach in aghaidh rí na hAsaíre agus d'eitigh fónamh dó.


Ba thógálaí caorach é Méisa rí Mhóáb agus dhíoladh sé céad míle uan agus an lomra ó chéad míle reithe le rí Iosrael mar cháin.


Chuir sé garastúin in Eadóm agus tháinig na hEadómaigh go léir faoi smacht Dháiví. Thugadh an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a dtéadh sé.


Chuir sé buíonta saighdiúirí i gcathracha daingne Iúdá go léir, agus cheap sé ceannairí i dtír Iúdá agus sna bailte in Eafráim a ghabh a athair Ásá.


Deirim leis an Tiarna: “Mo Dhia thú!” Éist, a Thiarna, le glór mo ghuí.


is é Móáb mo bháisín níocháin. Ar Eadóm a bhuailfidh mé mo bhróg, agus béarfaidh mé bua ar Fhilistía.”


Déantar an t‑each a ghléasadh le haghaidh lá an chatha, ach is é an Tiarna a bheireann bua.


Scrios Iónátán an garastún Filistíneach a bhí i nGibeá, agus thuig na Filistínigh [go raibh na hEabhraigh éirithe amach]. Shéid Sól an trumpa ó cheann ceann na tíre á rá: “Bíodh cluas le héisteacht ar na hEabhraigh!”


Dúirt Iónátán mac Shóil le fear iompair a airm lá: “Téanam anonn go dtí an garastún Filistíneach [sa bhealach],” ach ní dúirt sé aon ní lena athair.


Bhí scéin sa champa agus faoin tuath ina thimpeall; tháinig scanradh ar an ngarastún agus ar an lucht creiche; chrith an talamh agus bhí uafás Dé ar dhaoine.


Dúirt Iónátán le fear iompair a airm: “Téanam anonn go dtí garastún na droinge sin gan timpeallghearradh; b'fhéidir go ndéanfadh an Tiarna rud éigin dúinn, óir ní féidir d'aon ní cosc a chur ar an Tiarna an bua a thabhairt dúinn dá líonmhaire nó dá laghad slua iadsan.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí