Cheap an rí Banáiá mac Iahóideá ina cheannasaí ar an arm ina áit, agus Zádóc an sagart in áit Aibíátár.
1 Ríthe 2:27 - An Bíobla Naofa 1981 Bhain Solamh sagartacht an Tiarna d'Aibíátár agus chomhlíon sé ar an gcuma sin briathar an Tiarna, an briathar a labhair sé in aghaidh theaghlach Éilí i Sileo. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Marsin do theilg Solamh Abiatar amach ó bheith na shagart ag an TTIGHEARNA; go ccoimhlíonfadh sé focal an TIGHEARNA, noch do labhair sé a ttaobh thighe Eli ann Síloh. |
Cheap an rí Banáiá mac Iahóideá ina cheannasaí ar an arm ina áit, agus Zádóc an sagart in áit Aibíátár.
Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí scrioptúir na bhfáithe. Ansin thug na deisceabail uile a gcúl leis agus theith siad.
ionas go gcomhlíonfaí an focal a dúirt Íseáia fáidh: “A Thiarna, cé a chreid ár scéala? Agus cé dó ar taispeánadh lámh an Tiarna?”
Mar sin, dúirt siad le chéile: “Ná stróicimis é, ach é a chur ar chrainn cé aige go mbeidh sé” - chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr a deir: “Roinn siad mo chuid éadaigh eatarthu, agus chuir siad ar chrainn mo chulaith.” Rinne na saighdiúirí an méid sin.
Tar éis an méid sin, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach ní déanta feasta, chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr, dúirt sé: “Tá tart orm.”
Chruinnigh tionól phobal uile Iosrael le chéile ag Sileo agus cóiríodh Both na Teagmhála ansiúd dóibh; bhí an tír uile faoina smacht agus faoina réir.
Ach d'éalaigh duine de chlann mhac Aichímeilic mac Aichiteob darbh ainm Aibíátár, agus theith sé leis chun Dáiví,