Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 2:28 - An Bíobla Naofa 1981

28 Nuair a fuair Ióáb an scéala - mar thug Ióáb a thacaíocht d'Adoiníá cé nár thug d'Aibseálóm - theith sé go both an Tiarna agus rug greim ar bheanna na haltóra.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

28 ¶ Annsin tháinic scéula go Ióab (óir dfill Ióab le Adoniiah, giodh nar iompóigh sé a ndiáigh Absolon). Agus do theith Ióab go tabernacuil an TIGHEARNA, agus do ghlac greim ar bheannuibh na haltóra.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 2:28
8 Tagairtí Cros  

Chuir Aibseálóm Amásá i gceannas an airm ar fad in áit Ióáb. Mac le duine darb ainm Itreá an tÍsméileach a bhí pósta le Aibíogáil iníon [Ieise], deirfiúr Zarúá, máthair Ióáb, ab ea an tAmásá seo.


Rinne Dáiví an t‑arm [a roinnt ina thrí bhuíon], buíon faoi cheannas Ióáb, buíon faoi cheannas Aibísí, mac Zarúá, deartháir Ióáb, agus buíon faoi cheannas Iotaí an Giteach. Ansin dúirt an rí leis na sluaite: “Máirseálfaidh mé féin cois ar chois libh.”


D'éirigh Adoiníá chomh maith, agus, le barr eagla roimh Sholamh, rith sé leis agus rug ar bheanna na haltóra.


Chuaigh sé i gcomhairle le Ióáb mac Zarúá agus leis an sagart Aibíátár, agus leanadarsan é agus chabhraíodar leis.


Ach má leomhann duine a chomharsa a ionsaí d'aon ghnó agus a mharú le feall, ní foláir duit é a bhreith fiú ó m'altóir chun a mharaithe.


Déanfaidh tú beanna dá ceithre cuinní; beidh na beanna d'aon phíosa léi; cumhdóidh tú í le cré-umha.


Liomsa an díoltas, agus an cúiteamh, i gcomhair an lae nuair a shleamhnóidh a gcos. Óir tá lá a scriosta in achmaireacht agus tá a dtubaiste ar sodar faoina ndéin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí