Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 2:29 - An Bíobla Naofa 1981

29 Insíodh do Sholamh rí: “Theith Ióáb go both an Tiarna; tá sé ansiúd le taobh na haltóra.” [Ansin chuir Solamh scéala go Ióáb: “Cén fáth ar theith tú chun na haltóra?” D'fhreagair Ióáb: “Bhí eagla orm romhat.”] Ansin chuir Solamh Banáiá mac Iahóideá uaidh á rá: “Imigh agus treascair é!”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

29 Agus do hinnseadh don rígh Solamh gur theith Ioab go tabernacuil an TIGHEARNA; agus, feuch, atá sé ag an naltóir. Ann sin do chuir Solamh Benaiah mac Iehoiada, gha rádh, Imthigh, tiomáin air.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 2:29
9 Tagairtí Cros  

Bhí Banáiá mac Iahóideá i gceannas na gCeiréiteach agus na bPeiléiteach. Bhí clann mhac Dháiví ina sagairt.


Sheol Solamh rí Banáiá mac Iahóideá á threascairt, agus fuair sé bás.


Chuaigh Banáiá dá bhrí sin go both an Tiarna. “Ar ordú an rí,” ar sé, “tar amach!” “Ní dhéanfaidh mé,” ar seisean, “gheobhaidh mé bás anseo.” Thug Banáiá scéala ar ais chun an rí: “A leithéid seo a dúirt Ióáb, agus sin é an freagra a thug sé orm.”


“Déan mar a dúirt sé,” d'fhreagair an rí, “treascair é agus déan é a adhlacadh, agus glan díomsa agus de theaghlach m'athar an chiontacht ar son na fola a dhoirt Ióáb gan chúis.


Ansin thug an rí orduithe do Bhanáiá mac Iahóideá agus ghabh sé amach agus threascair sé Simeí agus fuair sé bás. Agus d'fhág sin an ríocht go daingean i lámha Sholaimh.


Ach má leomhann duine a chomharsa a ionsaí d'aon ghnó agus a mharú le feall, ní foláir duit é a bhreith fiú ó m'altóir chun a mharaithe.


An té ar a bhfuil fuil duine eile, beidh sé ina theifeach go bás; ná tabhair cabhair dó.


Maraígí ar áit na mbonn idir fhir - sean agus óg - agus chailiní, idir pháistí agus mhná; ach ná bainigí d'aon duine a bhfuil an comhartha air. Tosaigí ag mo shanctóirse.” Thosaigh siad, dá bhrí sin, leis na sinsir a bhí os comhair an Teampaill.


Óir tá an uain tagtha don bhreith tosú le teaghlach Dé; agus más linne a thosaíonn sí, cén chríoch a bheidh ar an muintir nach ngéilleann do shoisceal Dé?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí