Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 2:35 - An Bíobla Naofa 1981

35 Cheap an rí Banáiá mac Iahóideá ina cheannasaí ar an arm ina áit, agus Zádóc an sagart in áit Aibíátár.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

35 ¶ Agus do chuir an rígh Benaiah mhac Iehoiada iona áit ós cionn an tslóigh: agus do chuir an rígh Sádoc an sagart a nionad Abiathair.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 2:35
19 Tagairtí Cros  

Ach níor thug sé cuireadh domsa, do shearbhónta, ná do Zádóc an sagart, do Bhanáiá mac Iahóideá ná do do shearbhónta Solamh.


“Tugaigí libh garda bhur dtiarna,” arsa an rí, “agus cuirigí Solamh ar muin mo mhiúile féin, agus tugaigí libh síos go Gíohón é.


Ansin ghabh Zádóc an sagart, Nátán fáidh, Banáiá mac Iahóideá, na Ceiréitigh agus na Peiléitigh síos; chuir siad Solamh ar muin mhiúil Dháiví rí agus thugadar leo é go Gíohón.


Bhain Solamh sagartacht an Tiarna d'Aibíátár agus chomhlíon sé ar an gcuma sin briathar an Tiarna, an briathar a labhair sé in aghaidh theaghlach Éilí i Sileo.


(Banáiá mac Iahóideá ceannasaí an airm; Zádóc agus Aibíátár, sagairt);


Chuir Dáiví fios ar na sagairt Zádóc agus Aibíátár agus ar na Léivítigh Úiriéil, Asáiá, Ióéil, Seamáiá, Eilíéil agus Aimíonádáb.


Rinne Dáiví iad a eagrú ina ranna de réir a ndualgais seirbhíse le cabhair Zádóc, mac le hEileázár, agus Aichímeilic mac le hÍteámár.


Ba é Banáiá mac Iahóideá, an t‑ardsagart, oifigeach an tríú roinn i gcomhair an tríú mí. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.


D'itheadar agus d'óladar an lá sin i láthair an Tiarna agus iad lán d'áthas. Ansin cheapadar Solamh mac Dháiví mar dhara rí acu agus d'ungadar é mar thaoiseach in ainm an Tiarna, agus d'ungadar Zádóc ina shagart.


mac Shealúm, mac Zádóc, mac Aichítiúb,


Bascann sé cumhacht lucht an nirt gan fiosrú ina dtaobh, Agus cuireann dream eile ina n‑áit.


Gura tearc iad laethanta a shaoil; agus go nglaca neach eile a chúram.


do shagairt na haltóra an seomra a fhéachann ó thuaidh. Mic Zádóc iad, an t‑aon dream de mhic Léiví a thagann i ngar don Tiarna chun freastal air.”


tabharfaidh tú tarbh mar íobairt pheaca do na sagairt Léivíteacha de shíol Zádóc a thagann chugam chun freastal orm - an Tiarna Dia a labhraíonn.


“Mar atá scríofa i leabhar na Salm: ‘Go raibh a áitreabh ina fhásach, agus gan aoinneach ina chónaí ann.’ Agus: ‘Tógadh duine eile a fheidhmeannas.’


Ardóidh mé suas sagart dílis dom féin; déanfaidh sé de réir mo chroí agus m'intinne. Tógfaidh mé teach daingean dó agus siúlfaidh sé i láthair m'ungthaigh go brách.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí