Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 2:26 - An Bíobla Naofa 1981

26 Agus maidir le hAibíátár an sagart, dúirt an rí leis: “Imigh leat go hAnatót go dtí do thailte. Mar tá an bás tuillte agat, ach ní chuirfidh mé chun báis anois thú mar gur iompair tú áirc an Tiarna os comhair Dháiví m'athair agus go raibh páirt agat in anró m'athar go léir.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

26 ¶ Agus a dubhairt an rígh ré Abiatar an sagart, Imthighsi go Hanatot, dot mhachairibh féin; óir do thuill tú bás: acht ni chuirfe misi chum báis a núairse thú, do bhrígh gur iomchair tú aírc an TIGHEARNA Día roimhe Dháibhi mathair, agus do bhrígh gur fhulaing tú anshógh an gach áit ar iomchair mathair aushógh.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 2:26
16 Tagairtí Cros  

Tháinig taom feirge ar Dháiví in aghaidh an fhir: “Dar an Tiarna beo,” ar seisean le Nátán, “tá an bás tuillte ag an bhfear a rinne é sin.


Mar ghabh sé síos inniu agus rinne sé daimh agus gamhna biata agus caoirigh a íobairt go raidhsiúil, agus thug sé cuireadh do chlann mhac an rí go léir, do cheannairí an airm, agus d'Aibíátár an sagart; agus tá siad anois ag ithe agus ag ól ina láthair agus ag cur gáire suas: ‘Fad saoil don rí Adoiníá.’


Chuaigh sé i gcomhairle le Ióáb mac Zarúá agus leis an sagart Aibíátár, agus leanadarsan é agus chabhraíodar leis.


Cheap an rí Banáiá mac Iahóideá ina cheannasaí ar an arm ina áit, agus Zádóc an sagart in áit Aibíátár.


A Bhat Gailím, liúraigh leat! A Laiseá, éist léi! Tabhair freagra uirthi, a Anatót!


Briathra Irimia mac Hilciá, de chlann shagartúil i dtír Bhiniáimin.


“Agus má thugann duine ar bith oiread is an cupán d'fhíoruisce do dhuine den mhuintir bheag seo, as ucht gur deisceabal é, ní bheidh sé gan a thuarastal a fháil.”


Is sibhse an mhuintir a sheas go buan liom i mo thrialacha;


An saothar in aisce a bhfuil gafa tríd agaibh? má ba in aisce é.


Anatót lena thalamh féaraigh, Almón lena thalamh féaraigh - ceithre cathracha.


Caithfidh tú súil éadmhar namhad ar an maith go léir a dhéanfar d'Iosrael, ach ní fhágfar oiread agus aon seanduine amháin i do theaghlach go brách.


Ní maith mar a rinne tú. Dar an Tiarna beo, tá an bás tuillte agaibh go léir mar nach ndearna sibh bhur dtiarna, fear ungtha an Tiarna, a ghardáil. Féach, cá bhfuil sleá an rí anois, agus an crúsca uisce a bhí taobh lena cheann?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí