Níor thug an rí aon aird ar an gcomhairle a thug na seanóirí dó, ach thug freagra garbh ar an bpobal,
1 Ríthe 12:14 - An Bíobla Naofa 1981 agus labhair leo de réir chomhairle na n‑ógfhear agus dúirt: “Leag m'athair ualach trom oraibh. Cuirfidh mise, más ea, breis ualaigh oraibh. Bhuail m'athair sibh le lasca; buailfidh mise sibh le scairpeanna.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do labhair riú do reír chomhairle na ndaóine óga, dha radh, Dó rinne mathair bhur ccuing trom, agus cuirfidh misi a ccionn bhur ccuinge: do smachduigh mathair sibh mar an gcéadna le sciúrsadhuibh, ácht smaichdeochuidh misi sibh le sciúrsadhuibh cailgeamhla. |
Níor thug an rí aon aird ar an gcomhairle a thug na seanóirí dó, ach thug freagra garbh ar an bpobal,
agus d'fhágadar an saol go searbh acu le saothar dian i mbun moirtéil agus brící agus gach sórt saothair sna goirt; bhrúdar gach sort saothair orthu.
Is ionraic iad smaointe an fhíréin; ach is fealltach iad comhairlí na n‑urchóideach.
Leanann aighneas stuacacht na n‑éaganta; ach is ag lucht leanta na comhairle atá an eagna.
Is cuma aighneas a thosú nó scaoileadh le tuile; buail cos air dá bhrí sin sula n‑adhntar an t‑achrann.
Ach má tá éad searbh oraibh agus uaillmhian doicheallach in bhur gcroí, ná bígí ag maíomh ná ag bréagnú na fírinne.