Caibidil XVI. Crannchar chloinne Ephraim. 10 Ag a raibh na Canaanitigh fáoi áirdchíos.1 Agus do thuit crannchar chloinne Ióseph ó Iordan láimh ré Iéricho, go huisge Iericho táobh shoir, gus an bhfásach théid suas ó Iericho ar feadh shléibhe Bétel, 2 Agus theíd amach ó Bhetel go Lus, agus theíd ar fad go teórannuibh Archi go Hatarot, 3 Agus theíd síos a taobh shíar go cósta na Iaphleteach, go nuige cósta Bhetóron iochtarach, agus go Geser: agus ataíd a ndula amach sin ag an bhfairge, 4 Marsin do ghlacadar clann Ióseph, a noighreachd, Manasseh agus Ephráim. 5 ¶ Agus is marso do bhí teóra chloinne Ephraim do reír a muinntear: eadhon teóra a noighreachda ar an ttáoibh shoir do bé Atarot‐addar, go Betóron uachdarach; 6 Agus do chúaidh an teóra amach leath ris an bhfairge go Michmetah ar an ttaoibh thuáigh; agus do chuáidh an teóra timchioll don táoibh shoir go Taanat‐síloh, agus do chúaidh láimh ris air a noirthear go Ianohah; 7 Agus do chuáidh sin ó Ianohah go Hatarot, agus go Naarat, agus táinic go Iericho, agus do chuaidh amach ag Iordan. 8 Do chúaidh an teóra amach ó Thappuah don táoibh shíar go sruth Canah; agus do bhí a ndula amach ag an bhfairge. Sé so oighreachd threibhe chloinne Ephraim do réir a muinntear. 9 Agus na caithreacha leithreachuis do chloinn Ephraim do bhádar a measc oighreachda chloinne Manasseh, na caithreacha uile gun a mbailtibh. 10 ¶ Agus níor dhíbir siad amach na Cananítigh do chomhnuigh a Ngéser: achd do áitreabhadar na Cananítigh a measc na Nephraimíteach gus a niugh, agus foghnuid faoi áirdchíos dóibh. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society