Iósua 17 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil XVII. Crannchar leth threibh oile Mhanasseh. 4 Agus ingheana Selophehad. 1 Do bhí mar an cceadna cuid ronna ag treibh Mhanasseh; oir do bé céadmhac Ióseph é; do Mháchair ceidghin Mhanasseh, athair Ghílead: do chionn gur bfhear coguidh é, uíme sin fúair se Gilead agus Básan. 2 Do bhí mar an ccéadna cuid ronna don chuid oile do chloinn Mhanasseh do reir a muinntear; do chloinn Abieser, do chloinn Helec, agus do chloinn Asriel, agus do chloinn Shechem, agus do chloinn Hepher, agus do chloinn Shemida: dob íad so clann fheardha Mhanasseh mhic Ióseph do réir a muintear. 3 Acht ag Selophehad, mhac Hepher, mhic Gilead, mhic Machir, mhic Manasseh, ní rabhadar mic, achd ingheana amháin aige: agus is íadse anmanna a inghean, Mahlah, Noah, Hoglah, Milcah, agus Tirsah. 4 Agus tangadar annsin a lathair Eleasar an sagairt, agus a lathair Iosua mhic Nun, agus a lathair a bpriónsadha, gha rádh, Do aithin an TIGHEARNA do Mháoise oighreachd do thabhairt dúinne a measc ar ndearbhraithreadh. Uimesin do réir aitheanta an TIGHEARNA thug sé oighreachd dóibh a measc dhearbhrathar a nathar. 5 Agus do thuit deich ccoda chum Manasseh, táobh amuich dfearann Ghíléad agus Básan, noch bhí ar an ttaóibh oile do Iordan; 6 Do bhrígh go bhfúaradar íngheana Mhanasseh oighreachd a measc a mhac: agus go bhfúaradar an chuid oile do mhacaibh Mhanasseh fearann Gilead. 7 ¶ Agus do bhí cósta Mhanasseh ó Aser go Michmetah, atá as coinne Shechem; agus do chuáidh an téora air fad ar an láimh dhéis go dúthchusaibh En‐tappuah. 8 Annois fúair Manasseh fearann Tappuah: achd Taphuah ar imeal Mhanasseh do budh lé cloinn Ephraim é; 9 Agus do chuáidh an cósta síos go srúth Canáh, budh dheas ó nabhuinn: atáid na caithreachasa Ephraim a measc chaithreach Mhanasseh: do bhí cósta Mhanasseh mar an gcéadna air an taóibh ó thuáigh do nabhuinn, agus do bhádar a ndula amach ag an bhfairge: 10 Ba le Ephraim budh dheas, agus ba le Manasseh budh thuáigh, agus sí an nfairge a théora; agus tárla le chéile íad ag Aser budh thuáigh, agus a Nissachar shoir. 11 Agus fúair Manasseh a Nissachar agus a Naser Betsen agus a bailte, agus Ibleam agus a bailte agus dúthchusaigh Dor agus a bailte, agus dúthchusaigh Endor agus a baílte, agus dúthchusaigh Taanach agus a bailte, agus dúthchusaigh Megiddo agus a bailte, trí tíortha. 12 ¶ Gidheadh níor fhéadadar clann Mhanasseh dúthchusaigh na gcaithreachsin do dhibirt amach; achd do choimhneochaidís na Canaanítigh annsa bhfearannsin. 13 Gidheadh tárla, a nuáir do fhásadar clann Israel láidir, gur chuireadar na Canaanítigh fá chíos; achd níor dhíbreadar amach go hiomlán íad. 14 ¶ Agus do labhradar clann Ioseph re Iosua, dhá rádh, Cred as nach ttug tú dhamsa achd éanchuid ronna agus éanchrannchair amháin a noighreachd, ó táim mórán daóine, do bhrígh gur bheannuigh an TIGHEARNA mé go ttí so? 15 Agus do fhreagair Iosua íad, Má tá tú mórán daóine, éirghidhe súas don tír choillteamhuil, agus gearr síos duit féin annsin a nduithche na Bperisíteach agus na naitheach, má tá slíabh Ephraim ro chumhang agad. 16 Agus a dubhradar clann Ioseph, Ní lór an cnoc dhúinn: agus thairis sin atáid carbuid íaruinn ag na Canaanítigh uile áitreabhas a bhfearann an ghleana, ag an luchd atá do Bhetsean gun a bailtibh, agus an luchd atá do ghleann Iesreel. 17 Agus do labhair Iosua re tigh Ióseph, re Hephraim agus re Manasseh, gha rádh, Is daóine móra sibhsi, agus atáid cumhachda móra aguibh: ní táobha ré éanchuid amháin bhías tú: 18 Acht budh leachd an slíabh; óir is coill é, agus gearrfa tú síos í: agus budh leachd a dula amach: óir cuirfidh tú na Canaanítigh amach, bíodh go bhfuílid carbaid íaruinn aca, agus bíodh go bhfuilid láidir. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society