Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 17:16 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus a dubhradar clann Ioseph, Ní lór an cnoc dhúinn: agus thairis sin atáid carbuid íaruinn ag na Canaanítigh uile áitreabhas a bhfearann an ghleana, ag an luchd atá do Bhetsean gun a bailtibh, agus an luchd atá do ghleann Iesreel.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 D'fhreagair treibh Iósaef: “Ní leor dúinn na hardáin, ach tá carbaid iarainn ag na Canánaigh go léir atá ag cur fúthu sna machairí, acu siúd i mBéit Seán agus sna sráidbhailte máguaird, agus acu siúd i Machaire Izréil.”

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 17:16
20 Tagairtí Cros  

Agus tárla ar a bhfadsin, go raibh neamh dorcha lé néulluibh agus lé gaoith, agus do bhí fearthuinn romhór ann. Agus do chuáidh Ahab na charbad, agus do chuáidh sé go Iesreel.


Agus do bhí lámh an TIGHEARNA ar Elias; agus do chriosluigh sé súas a leasrach, agus do rioth roimhe Ahab go dul a steach go Iesreel.


Agus tárla a ndiáigh na neitheannsa, go raibh fíneamhuin ag Nábot an Tiesreelíteach, noch do bhí ann Iesreel, láimh ré palás Ahab rígh Samária.


Agus do labhair an TIGHEARNA ar Iesebel mar an gcéadna, ghá rádh, Iosuid na madruigh Iésebel láimh re balla Iesreel.


Baana mac Ahilud; as ris do bhean Taanach agus Megiddo, agus Betsean uile, noch atá láimh re Sartana taóibh shíos do Iesreel, ó Bhet‐sean go Habelmeholah, go nuige táobh thall do Iocneam:


Agus íosuid na madruidh Iesebel a mír Iesreel, agus ní bhiáidh áonduine adhlacas í. Agus dfoscuil se an dorus, agus do theith sé.


Agus biáidh conablach Iesebel amhuil áoileach ar aghaidh na talmhan a ngárdha Iesreel; iondus nach aibeóruid siád, Si so Iesebel.


Uimesin, féuch, tiucfaid na láethe, a deir an TIGHEARNA, iona ttiubhra misi fa deara caismirt chogaidh do chluinsion ann Rabbah na Nammoníteach; agus biáidh sí na cárn dhólásach, agus loisgfighear a hingheana le teine: annsin biáidh Israel na oighre air an lucht do bhí na noighrighibh airsion, a deir an TIGHEARNA.


Agus Iesreel, agus Iocdeam, agus Sanoah,


Agus fúair Manasseh a Nissachar agus a Naser Betsen agus a bailte, agus Ibleam agus a bailte agus dúthchusaigh Dor agus a bailte, agus dúthchusaigh Endor agus a baílte, agus dúthchusaigh Taanach agus a bailte, agus dúthchusaigh Megiddo agus a bailte, trí tíortha.


Agus do fhreagair Iosua íad, Má tá tú mórán daóine, éirghidhe súas don tír choillteamhuil, agus gearr síos duit féin annsin a nduithche na Bperisíteach agus na naitheach, má tá slíabh Ephraim ro chumhang agad.


Agus do labhair Iosua re tigh Ióseph, re Hephraim agus re Manasseh, gha rádh, Is daóine móra sibhsi, agus atáid cumhachda móra aguibh: ní táobha ré éanchuid amháin bhías tú:


Acht budh leachd an slíabh; óir is coill é, agus gearrfa tú síos í: agus budh leachd a dula amach: óir cuirfidh tú na Canaanítigh amach, bíodh go bhfuílid carbaid íaruinn aca, agus bíodh go bhfuilid láidir.


Agus do bhí a tteóra leath re Iesreel, agus Chesullot, agus Sunem,


Agus do bhí an TIGHEARNA re Iúdah; agus do dhíbir sé amach áitreabhuigh an tsléibhe; achd níor fhéad sé áitreabhuigh an ghleanna do dhíbirt, do chionn go raibh carbuid íaruinn aca.


Agus do chruinnigh Sisera a bhfochair a chéile a charbuid uile, eadhon naói gcéad carbad íaruinn, agus a nuile dhuine da raibh na fhochair, ó Hasoret na Ngeinteadh go nuige a nabhuinn Císon.


Agus déighmheadar clann Israel chum an TIGHEARNA: óir do bhí aige naói gcéud carbad íaruinn; agus do sháruigh sé go hanmhór clann Israel fhithche bhadhan.


¶ Annsin do bhádar na Mídíanuigh uile agus na Hamalecitigh agus clanna a noirthear ar na gcruinniughadh a bhfochair a chéile, agus do chúadar anonn, agus do shuigheadar a ngleann Iesreel.


Anois do chruinnigheadar na Philistinigh a sluagh uile a gcionn a chéile go Haphec: agus do bhí Israel a ccampa láimh re tobar atá ann Iesreel.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí