Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 17:15 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus do fhreagair Iosua íad, Má tá tú mórán daóine, éirghidhe súas don tír choillteamhuil, agus gearr síos duit féin annsin a nduithche na Bperisíteach agus na naitheach, má tá slíabh Ephraim ro chumhang agad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

15 D'fhreagair Iósua: “Más pobal líonmhar sibh, suas libh chun na foraoise agus déanaigí talamh a ghlanadh i gcríocha na bPirizeach agus na Rafáím mar go bhfuil ardáin Eafráim róchúng daoibh.”

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 17:15
12 Tagairtí Cros  

Agus do bhí imreasan eidir áodhairibh áirnéisi Abram, agus áodhairibh áirnéisi Lot: agus do áitreabhadar na Canáanitigh, agus na Perisitigh an tan sin ann sa duthaigh.


Agus annsa ceathramhadh Bliadhain déug tainic Chedorlaomer, agus na righthe do bhí na fhochair, agus do bhuáileadur na Rephamigh an Asterot Carnaim, agus na Susimigh ann Ham, agus na Hemimigh an Sabheh Ciriataim,


Agus na Hititigh, agus na Perisitigh, agus na Rephamitigh.


¶ Mar sin do chúaidh an pobal amach san machaire a naghaidh Israel: agus sé áit a raibh an cath, a ccoill Ephraim;


Achd a núair tangadar na Philistinigh agus do leathnuigheadar íad féin a ngleann Rephaim.


¶ Agus do chúadar na Philistinigh súas fós a rís, agus do leathnuigheadar íad féin a ngleann Rephaim.


Anois a núair do rinneadh na neithesi, thangadar na prionnsadha chugamsa, dha rádh, Níor dhealuigh pobal Israel, nó na sagairt, nó na Lebhítigh, íad feín ó dhaoinibh na ccríoch, ag déanamh do reír a ngráineamhlachd, eadhon na Ccananíteach, na Hititeach, na Bperisiteach, na Iebusiteach, na Nammomteach, na Moabiteach, na Négipteach, agus na Namoriteach.


Agus cuirfe me aingeal rómhad; agus díbeóra mé amach an Cananíteach, an Tamoríteach, an Hitíteach, an Perisíteach, an Hibhíteach, agus an Iebusíteach:


Achd an tí úd ag nach raibh a fhios, agus fós do rinne na neithe do thuill buillidhe, buáilfabhear beagán air. Oír gidh bé dár tugadh morán, iárrfuidhthear morán a dtaisge, iarrfuidhthear ni sa mhó air.


¶ Agus do labhradar clann Ioseph re Iosua, dhá rádh, Cred as nach ttug tú dhamsa achd éanchuid ronna agus éanchrannchair amháin a noighreachd, ó táim mórán daóine, do bhrígh gur bheannuigh an TIGHEARNA mé go ttí so?


Agus a dubhradar clann Ioseph, Ní lór an cnoc dhúinn: agus thairis sin atáid carbuid íaruinn ag na Canaanítigh uile áitreabhas a bhfearann an ghleana, ag an luchd atá do Bhetsean gun a bailtibh, agus an luchd atá do ghleann Iesreel.


Agus do bhí duine do shlíabh Ephraim, dar bhainm Micah.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí