Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 17:11 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus fúair Manasseh a Nissachar agus a Naser Betsen agus a bailte, agus Ibleam agus a bailte agus dúthchusaigh Dor agus a bailte, agus dúthchusaigh Endor agus a baílte, agus dúthchusaigh Taanach agus a bailte, agus dúthchusaigh Megiddo agus a bailte, trí tíortha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 In Íosácár agus in Áiséar bhí ag Manaise: Béit Seán agus a shráidbhailte máguaird; Ibleám agus a shráidbhailte, lucht Dhór agus a shráidbhailte, lucht Éan Dór agus a shráidbhailte, lucht Thánác agus a shráidbhailte, lucht Mhigideo agus a shráidbhailte, agus trian Neifit.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 17:11
22 Tagairtí Cros  

¶ Agus dimthigh Dáibhi, agus do thóg cnámha Shauil agus cnámha Ionataín a mhic ó mhuinntir Iabes Gilead, noch do ghad íad ó shráid Bhetsan, mar ar chrochadar na Philistinigh íad, a nuáir do mharbhadar na Philistinigh Saul a Ngilboa:


¶ Agus isé so fáth an gheártha do thóg an rígh Solamh; do dhéanamh tighe an TIGHEARNA, agus a thighe féin, agus Millo, agus balla Ierusalem, agus Hasor, agus Megiddo, agus Geser.


Achd an tan do chonnairc Ahasiah rígh Iúdah sin, do theith sé a slighe tigh an gháirdín. Agus do lean Iehu na dhiáigh, agus a dubhairt, Buaílidh eision mar an gcéadna annsa charbad. Agus do rinneadar sin ag árd Gur, noch atá láimh ré Ibleam. Agus do theith sé go Megiddo, agus fúair sé bás annsin.


Agus as leiththreibh Mhanasseh; Aner gun a bailtibh, agus Bileám gun a bailtibh, do mhuinntir fhuighill mhac Cohat.


Agus leath ré teórannuibh chloinne Manasseh, Bet‐sean agus a bailte, Taanach agus a bailte, Meigiddo agus a bailte, Dor agus a bailte. As iontaso do áitreabhadar clann Ioseph mhic Israel.


Thairis sin níor bháill le Iosiah a aghaidh diompógh úadh, acht do chuir é féin a natharach crotha, chor go ttroidfeadh ris, agus níor éist ré bríathruibh Necho ó bhéul Dé, agus tháinic do throid a ngleann Megiddo.


Noch do thuit ag Endor: do rinneadh aóileach dhíobh chum na talmhan.


Uimesin, féuch, tiucfaid na láethe, a deir an TIGHEARNA, iona ttiubhra misi fa deara caismirt chogaidh do chluinsion ann Rabbah na Nammoníteach; agus biáidh sí na cárn dhólásach, agus loisgfighear a hingheana le teine: annsin biáidh Israel na oighre air an lucht do bhí na noighrighibh airsion, a deir an TIGHEARNA.


Annsa lo sin biáidh cumha mhór ann Ierusalem, amhuil cumha Hadadrimmon a ngleann Mhégiddon.


Agus chum na ríghthe do bhí búdh thuáidh ar na sléibhtibh, agus budh dheas réiteach Cinerot, agus ansa ghleann, agus a nimlibh Dor taobh shíar,


Rígh Taanach, áon; rígh Megiddo, áon;


Rígh Dor a gcósta Dor, áon; righ chineadhacha Ghilgal, áon;


Agus na caithreacha leithreachuis do chloinn Ephraim do bhádar a measc oighreachda chloinne Manasseh, na caithreacha uile gun a mbailtibh.


Ba le Ephraim budh dheas, agus ba le Manasseh budh thuáigh, agus sí an nfairge a théora; agus tárla le chéile íad ag Aser budh thuáigh, agus a Nissachar shoir.


Agus a dubhradar clann Ioseph, Ní lór an cnoc dhúinn: agus thairis sin atáid carbuid íaruinn ag na Canaanítigh uile áitreabhas a bhfearann an ghleana, ag an luchd atá do Bhetsean gun a bailtibh, agus an luchd atá do ghleann Iesreel.


¶ Ní mó do dhíbir Manasseh áitreabhuigh Bhetsean agus a bailteadh, ná Táanach agus a bailteadh, ná áitreabhuigh Dor agus a bailteadh, ná áitreabhuigh Ibleam agus a bailteadh, ná áitreabhuigh Mhegiddo agus a bailteadh: achd ba mían leis na Canaanítibh comhnuighe san tír sin.


Tangadar na ríghthe, agus do throideadar, annsin do throídeadar ríghthe Cánaan a Dtaanac láimh re huisgidhibh Mhegiddon; níor ghabhadar éadáil ar bithairgid.


¶ Ann sin a dubhairt Saul re na mhuinntir, Faghaidh dhamh bean agá bhfuil leannán síthe, go ndeachadh mé na ceann, dfagháil comhairle uaithe. Agus a dubhairt a shearbhfhoghantuighe ris, Féuch, atá bean agá bhfuil leannán síthe ann Endor.


Agus do chuireadar a arm a ttigh Astárot: agus do cheangladar a chorp do bhalla Bhet‐sán.


Déirgheadar an mhéid do bhí curata uile, agus do imthigheadar ar feadh na hoidhche, agus do rugádar corp Shauil agus cuirp a mhac ó bhalla Bhet‐san, agus tangadar go Iábes, agus do loisgeadar ann sin íad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí