Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 16:10 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 ¶ Agus níor dhíbir siad amach na Cananítigh do chomhnuigh a Ngéser: achd do áitreabhadar na Cananítigh a measc na Nephraimíteach gus a niugh, agus foghnuid faoi áirdchíos dóibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 Níor díbríodh na Canánaigh a bhí ag cur fúthu i nGeizir; tá cónaí orthu in Eafráim go dtí an lá inniu, ach tá cuing na daoirse orthu.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 16:10
12 Tagairtí Cros  

¶ Agus isé so fáth an gheártha do thóg an rígh Solamh; do dhéanamh tighe an TIGHEARNA, agus a thighe féin, agus Millo, agus balla Ierusalem, agus Hasor, agus Megiddo, agus Geser.


Oír do chúaidh Phárao righ na Hégipte súas, agus do ghabh se Geser, agus do loisg í le teine, agus do mharbh sé na Canáanitígh do aítreibh ann sa ccathruigh, agus thug sé mar thiodhlacadh dá inghin, do mhnáoi Sholuimh í.


A cclann do fhagbhadar na ndiáigh san tír nach ar fhéadadar clann Israel do scrios uile, orra sin do thog Solamh duibhchíos serbhíse daóire gus a niugh.


A cclann sin, noch do fágbhadh na ndiáigh san tír, nach ar dhíthlairigheadar clann Israel, do chuir Solamh íad fa chíos gus a niugh.


¶ Annsin thainic Horam rígh Geser súas do chongnamh le Lachis; agus do bhuáil Iosua é féin agus a mhuintir, no gur fhág gan eanduine béo é.


¶ Agus ar son na Iebusíteach dúthchusaigh Ierusalem, níor fhéad clann Iúdah a ndíbirt amach: achd aítreabhuid na Iebusitigh maille re cloinn Iúdah ann Ierusalem gus a niugh.


Agus na caithreacha leithreachuis do chloinn Ephraim do bhádar a measc oighreachda chloinne Manasseh, na caithreacha uile gun a mbailtibh.


¶ Gidheadh níor fhéadadar clann Mhanasseh dúthchusaigh na gcaithreachsin do dhibirt amach; achd do choimhneochaidís na Canaanítigh annsa bhfearannsin.


Gidheadh tárla, a nuáir do fhásadar clann Israel láidir, gur chuireadar na Canaanítigh fá chíos; achd níor dhíbreadar amach go hiomlán íad.


¶ Mar an ccéadna nior chuir Ephraim amach na Canaanítigh noch do áitreibh ann Géser; achd do áithreabhadair na Canaanítigh an Gesér na meascsan.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí