Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Iósua 16 - An Bíobla Naofa 1981


Treibh Eafráim

1 An chuid oidhreachta a fuair clann Iósaef ar cranna ghabh sí soir ón Iordáin, os comhair Ireachó sall; ghabh an teorainn ar aghaidh ó Ireachó, agus an t‑ardchlár suas go fásach Bhéitéil,

2 chuaigh sí ó Bhéitéil go Lúz agus ar aghaidh i dtreo theorainn na nAircíoch ag Atárót.

3 Síos léi ansin agus siar go teorainn na nIaflaetach chomh fada le críocha Bhéit Horon íochtaraigh, ansin go Geizir agus go ceann scríbe ag an bhfarraige.

4 Sin í an oidhreacht a fuair muintir Iósaef, Manaise agus Eafráim.

5 Maidir le fearann chlann Eafráim de réir a bhfiní: ba é Atárót Adár go Béit Horon uachtarach teorainn a n‑oidhreachta lastoir.

6 Shroich sí ceann scríbe ag an bhfarraige... Micmeatát lastuaidh; chas an teorainn soir go Tanát Sileo, agus ar aghaidh thairis lastoir go Iánóchá.

7 Ghabh sí síos ansin ó Iánóchá go hAtárót agus go Nárá, theagmhaigh le Ireachó agus shroich ceann scríbe ag an Iordáin.

8 Ghabh an teorainn siar ó Thapúach go sileán Cháná agus shroich ceann scríbe ag an bhfarraige. Ba é sin oidhreacht chlann Eafráim de réir a bhfiní,

9 chomh maith leis na bailte a coinníodh do chlann Eafráim laistigh d'oidhreacht chlann Mhanaise - na bailte sin go léir lena sráidbhailte máguaird.

10 Níor díbríodh na Canánaigh a bhí ag cur fúthu i nGeizir; tá cónaí orthu in Eafráim go dtí an lá inniu, ach tá cuing na daoirse orthu.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí