A chara, smaoinigh ar na focail Íosa, conas a dúirt sé go gcaithfimid Dia agus a cheart a lorg roimh aon rud eile, gan a bheith buartha faoi fhadhbanna an tsaoil seo. B’fhéidir nach bhfuil sé sin éasca i gcónaí sa lá atá inniu ann, ach tá an Bíobla soiléir faoi – caithfimid muinín iomlán a chur i nDia.
Mura bhfuilimid cúramach, is féidir lenár nasc le Dia lagú go mall, go dtí nach mbraithimid a láithreacht inár gcroíthe ar chor ar bith. Mura ndéanaimid urnaí, mura léimid an Bíobla, agus mura léirímid grá dár gcomharsana, múchfar ár spiorad, agus beidh muid fuar agus i bhfad ó Dhia.
Iarraimid Dia orainn a láithreacht a lorg gach lá, mar tá rudaí nua le múineadh dúinn i gcónaí, rudaí nua le taispeáint dúinn, agus bealaí nua le sinn a mhealladh chuige. Aithnímid go bhfásann caidreamh trí idirghníomhú, agus is cuimhin linn i gcónaí nach n-athróidh grá Dé dúinn go deo.
Trí bheith i dtiúin lena Spiorad, is féidir linn na chuimhneacháin is fearr dár saol a chruthú leis. Ná himímid uaidh. Cothaímis ár ndúil ann, mar is breá leis sinn agus tá sé ag tnúth go mór lenár gcuideachta.
Gidheadh atá agum a tádhuigh, gur thréig tú do chéudghrádh. Uime sin bíodh coimhne agud cá hionad as ar thuit tú, agus bíodh aithreachas ort, agus déun na céudoibreacha; nó tiucfuidh mé ad choinne go haithghearr, agus athróchad do choinnleoir as a ionad, mona ndearna tú aithrighe.
Agus grádhochuidh tú an TIGHEARNA do Dhía réd chroidhe uile, agus réd anam uile, agus réd chumhachduibh uile.
¶ Do labhair mo ghradh, agus a dubhairt sé riom, Eirigh súas, a ghrádh, mo áon bréadha, agus tárr liomsa.
Eírigh agus éigh a cclúasaibh Ierusalem, gha rádh, Is marso a deir an TIGHEARNA; cuimhnighim dhuit cinéul hóige, grádh do dhála, a nuáir do chuáidh tú am dhiáigh annsa bhfásach, a bhfearann nach ar cuireadh.
¶ Cuir misi mar shéala air do chroidhe, mar shéala air do righe: óir is láidir an grádh amhuíl an bás; is fíochmhar an téud mar a nuáigh: is sméaróide teineadh a smearóide sin, agá mbí lasair ro dhíbhfheirgeach. Ní fhéaduid mórán uisgeadh an grádh do mhuchadh, ní mó fhéaduid na tuilte a bháthadh: dá ttugadh duine uile mhaóin a thighe ar ghrádh, do dísbeagfuidhe é thríd amach.
Agus pósfa mé thusa riom fein go bráth: fós pósfa mé riom féin thú a nionnracus, a mbreitheamhnus, agus a ccinéul ghrádhach, agus a ngrásaibh. Tagraidh ré bhur mathair, tagraidh: óir ní hí mo bheansa í, ní mó is misi a fearsa: ar a nadhbharsin cuireadh sí uáithe a stríopachus as a radharc amach, agus a hadhaltrannas ó idir a cíochuibh; Ceangóla mé fós riom thú a nionnracus: agus aitheonuidh tú an TIGHEARNA.
Agus a dubhairt Iósa ris, Gráidheóchuidh tú do Thighearna Día léd chroidhe uile, agus léd anam uile, agus léd smuáintiughadh uile. A sí so an chéad aithne, agus a naithne mhór.
Achd ní adhnáirgheann an dóchus; do bhrígh go bhfuil grádh Dé ar na dhórtudh an ar gcroidhibhne trés an Spiorad Náomh atá ar na thabhairt dúinn.
Atá an grádh fadfhoighideach, deaghchróidheach; ní ghabhann an grádh tnúth; ní dhéanann an ghradh ní ar bith go neamhchóir, ní máoithmheach é, Ní dhéanann ní ar bith ré taircuisne, ní iarran sé na neithe bheanus ris féin, ní sobhrosduighe é chum feirge, ní smuáineann sé ar a nolc; Ní dhéanann gáirdeachus sa néugcóraidh, achd gabhuidh sé gáirdeachus sa bhfírinne; Fuilngidh sé na huile neithe, creidigh sé na huile neithe, bí muinighin aige as na huile neithibh, iomchraidh rís na huile neithibh.
Giodh go laibhéoruinn ré teangthuibh dháóine agus aingeal, agus gan grádh ionnam, ní bhfuilim achd mar phrás ag déunmah fuáime, nó mar chimbal ag cluigineachd. Achd an tan thiucfus a ní iomlán, cuirfighthear an tansin a ní easbhuidheach ar gcúl. An tan do bhí mé am náoidhean, do labhair mé mar náoidhean, do thuig mé mar náoidhean: as cíall náoidhin do bhí agum: achd ar dteachd damh go háois iomláin, do chuir mé na neithe leanbuidhe ar gcúl. Oír is radharc spéucláire dorcha, atá aguinn a nois; achd a núairsin bíam ar aghaidh a chéile: a nois atá gné aithne agam; achd an tan sin aithéonad do réir mar atá aithne oram. Agus a nois fanaid na trí neithesi, creideamh, dóthchas, agus grádh; gidheadh a sé an grádh is mó dhíobh so. Agus bíodh go mbeith fáidheadóireachd agam, agus go mbeith fios na nuile ruindíamhradh, agus gach uile éolas agam; agus bíodh go mbeith an creideamh uile agam, ar ghléus go bhféudfuinn sléibhte athrughadh, agus mé bheith gan ghrádh, ní bhfuil éifeachd ionnam. Agus bíodh go gcaithfinn a bhfuil agam ré bochdaibh do chothughadh, agus go dtuibhruinn mo chorp da losgadh, agus mé bheith gan grádh, ní bhfuil tarbha dhamh ann.
Mar dhúilighios a neilit srotha na nuisgeadh, is marsin dhúilighios manam ionnadsa, a Dhé. Lé cloidheamh ann mo chnámhuibh, scannluighid meascáirde mé; an feadh a deirid riom go láetheamhuil; Cáit a bhfuil do Dhía? Cred fa tteilgeann tú thú féin síos, ó manam? agus cred fa bhfuil tú buáidheartha ionnam? cuir do dhóigh a Ndía: óir molfa mé fós é, sláinte maighthe, agus mo Dhía. Atá tart air manam chum Dé, chum an Dé mharthannuigh: ca huáir thiucfad agus thaisbeanfad mé féin ós coinne aighthe Dé?
Ar a nadhbharsin Gráidheíchuidh tú an Tighearna do Dhía féin as do chroidhe uile, agus as thanum uile, agus as thíntinn uile, agus as do bhrígh uile: ag so an chéudaíthne.
A chlann bheag, nár ab a mbréithir, ná a dteanguidh bhías bhur ngrádh; achd a ngníomh agus a bhfírinne.
A Dhia, is tú mo Dhíasa; sírfe mé thú go moch: atá manam tartmhar chugad, atá mfeóil míanmhar chugad a ttalamh thirm thartmhar, mar nach bhfuilid uisgeadha;
Oír atáim éudmhar ribh ré héud díadha: óir do ullmhuigh mé sibh déinfhear amháin, chum bhur dtabhartha mar óigh fhíorghloin do Chríosd.
Is as so is aithnigh dhúinn grádh Dé, gur chuir sé a anum síos air ar soinne: uime sin atá dfíachuibh oruinne ar nanmanna do chur síos ar son ar ndearbhraithreach.
Ionnus go ndéanadh Críosd comhnuidhe tré chreideamh ann bhur gcroidhthibh: Ionnas ar mbeith díbh, ar bhur bhfréumhughadh agus ar bhur bfonndameantughadh a ngrádh, go madh féidir libh a choimsiúghadh maille ris na huile náomhuibh créd é an leithead, agus an fad, agus an doimhne, agus an aired; Agus eólus ro oirdheirc ghrádha Chríosd do bheith aguibh, chum go lionfuidhe sibh ré huile iomláine Dé.
Oír isé do Chruthaightheóir thfear; TIGHEARNA na slogh isé a ainm; agus do Shlánaightheóir Aon Náomhtha Israel; Día na talmhan go hiomlán ghoirfighear dhe.
Agus siúbhluidh a ngrádh, amhuil do ghrádhuigh Críosd sinne, agus tug sé é féin air ar son a ofráil agus na iodhbairt dheaghbhaluidh do Dhía.
Anois an tan do ghabh mé láimh riot, agus damhairc mé ort, féuch, do bé haimsir aimsir ghrádha; agus do leathnuigh mé mo sciorta thort, agus dfoluigh mé do thárnochtuigh: fós thug mé mionna dhuit, agus do chuáidh mé a cunnradh riot, a deir an Tighearna DIA, agus do budh liomsa thú.
On tráth fá gcúalamar iomrádh bhur gcreidimh a Níosa Críosd, agus bhur ngrádh do na huile náomhuibh, Ar son ná muinighne atá ar na cur a gcoimhéud bhur noirchill air neamh, agá bhfuárabhair a túarásgbháil roimhe a mbréithir fhírinne an tsoisgéil;
Is cumhachtach an TIGHEARNA do Dhía ann do lár: tárthocha sé, gáirdeocha sé ós do chionnsa lé lúathghair; coimhneocha sé ann a ghrádh, gáirdeocha sé ós do chionn le caintic.
Agus go méuduighe an Tíghearna sibh agus go dtuguidh fó deara dhibh líonadh a ngrádh dhá chéile, agus do na huile dhaóinibh, do réir mar atámuidne fós díbhse:
Oír atá a dheirbhfhios agam, nach búdh héidir lé bás, na lé beatha, na lé hainglibh, ná lé húachdaranachuibh, ná lé cúmhachduibh, ná leis na neithibh atá do láthair, ná leis na neithibh atá chum teachda, Ná lé hairde, ná lé doimhne, ná lé creatúr ar bith eile, sinne dhéalughadh ó ghrádh Dé, atá a Niósa Críosd ar Dtighearna.
Oír a sé as críoch don náithne grádh ó chróidhe glan, agus ó choinnsías mhaith, agus ó chreideamh neamhfhallsa:
Achd ós cionn na neitheannsa uile biodh aguibh carrthannachd, noch as coimcheangal diongmháltachda ann.
Achd an tí choimhéudas a bhríathar, as ann atá grádh Dé ar na choimhlíonadh go fírinneach: as so aithnighmíd sinn féin do bheith annsan. An tí a deir go bhfuil sé na chomhnuighe annsan atá dfíachuibh air síubhal, réir mar do shiubhaíl seision.
Tuguidh dá bhur naire, créd é méud an ghrádha tug an Tathair dhúinne, as a ngoirfidhe clann Dé dhínn: is uime so nach aithnidh don tsáoghal sinn, do bhrígh nach aithnidh dhó eisean.
A cháirde, bíodh grádh aguinn dá chéile: óir as ó Dhía tig an gradh; agus gidh bé neach ghrádhuigheas atá sé ar na gheineamhuin ó Dhía, agus is aithnidh dhó Día. An tí nach grádhuigheann ní bhfuil eólas Dé aige; óir as grádh é Día.
Cred é oirdhearcus do thrócaire a Dhé! air a nadhbhar sin cuirfid mic na ndáoine a ndóigh a scáile do sciathán.
Agus do aithneamhar agus do chreideamar an grádh atá ag Día dhúinn. Is grádh é Día; agus an tí chomhnuigheas a ngrádh, comhnuighe sé a Ndía, agus Día annsan.
A cháirde, bíodh grádh aguinn dá chéile: óir as ó Dhía tig an gradh; agus gidh bé neach ghrádhuigheas atá sé ar na gheineamhuin ó Dhía, agus is aithnidh dhó Día.
Ná tréigeadh trócaire agus fírinne thú: ceangail fad bhrághaid íad; scríobh íad ar chlár do chroidhe: Ná ceannairg ré duine gan adhbhar, muna ndéarna sé dochar ar bith dhuit. Ná bí tnúth agad ris an bfoiréigeantach, agus ná tógh áon dá shlighthibh. Oir is adhfhúathmhaireacht don TIGHEARNA an ceannairgeach: acht atá a shecréid ag an bhfíréun. Atá mallacht an TIGHEARNA a ttigh an drochdhuine: acht beannuighidh sé áitreabh a nionnruic. Go dearbhtha tarcuisnighidh sé na tarcuisnigh: acht do bheir sé grása do na huiríslibh. Gheabhuidh an duine glic oighreacht ghlóire: acht is náire bhus árdughadh do na hamadánuibh. Marsin do gheabha tú fabhar agus tuigsi mhaith a radharc Dé agus duine.
Agus biáidh dúil agam féin ann haitheantaibh, noch do ghrádhuigh mé. Agus tóigfid súas mo lámha fós chum haitheanta, noch do ghrádhuigh mé; agus do dhéanad smuáineadh ann do reachtaibh.
Is ionmhuin liom an TIGHEARNA, do bhrígh go ccluin sé mo ghuth ann mathchuinghibh. Do chreid mé, uime sin do labhair mé: do bhí mé buáidheartha go hanmhór. A dubhras ann mo dheithnios, Atá a nuile dhuine bréagach. Cred an luáidheachd do bhéaras mé don TIGHEARNA ar son a thabhartas damh? Géabha me cupán an tslánuighthe, agus goirfead air ainm an TIGHEARNA. Coimhlíonfa mé mo mhóide don TIGHEARNA anois ós coinne a dhaóine uile. Is mórluáigh a bhfíaghnuise an TIGHEARNA bás a náomh. A THIGHEARNA, go deimhin is mé do sheirbhíseach; is mé do sheirbhíseach, agus mac hinnilte: do sgáoil tú mo chúibhrighthe. Is duitsi do dhéana mé iodhbartha an mholta, agus air ainm an TIGHEARNA ghoirfios mé. Diolfa mé mo mhóide ris an TTIGHEARNA anois ós coinne a phobail uile, A ccúirtibh thighe an TIGHEARNA, ann do mheadhónsa, a Ierusalem. Moluidh an TlGHEARNA. Do bhrígh gur chláon sé a éisdeachd chugam, ar anabharsin gairfe mé air ar feadh mo bheatha.
Achd a sé as toradh don Spiorúid grádh, gáirdeachas, síothcháin, foíghid fhasa, ceannsachd, rún maitheasa do dhéunamh, creideamh, Macántas, measardhachd: ní bhfuil dligheadh a nadhuigh a samhuil sin.
Agus íarruim so dathchuinghe, bhur ngrádhsa do líonadh fós ní sa mhó ná chéile a neólas agus a nuile thuigse;
Re mo chroidhe iomlán do lorguir mé thú: ná cuir air seachrán ód aitheantaibh mé. Tuigim nios mó ná na sinnsir, do bhrígh gur choimhéad mé haitheantasa. Do chonnuimh mé mo chos ó nuile dhroichshlighe, iondus go ccoimhéadfuinn thfocal. Od bhreitheamhnusaibh níor dhealuigh mé: óir do theagaisg tú mé. Cred é millse do ráidhte dom charbad! ní is millsi ná mil dom bhéul! Od aitheantaibh fuáir mé tuigse: uimesin fúathuighim uile shlighe na neimhfhírinne. As lóchrann dom chosaibh do bhríathar, agus solus dom chasánaibh. Thug mé mo mhionna, agus coimhlionfad sin, breitheamhnuis thfíréantachda do chomhall. Do bhí mé ar mo bhuáidhreadh go hiomarcach: béoghaidh mé, a THIGHEARNA, do réir thfocail. Gabh uáim, íodhbartha sochroidheacha mo bhéil, guidhim thú, a THIGHEARNA, agus teagaisg dhamh do bhreitheamhnuis. Atá manam ann mo láimh do ghnáth: acht níor dhearmaid mé do dhligheadhsa. Ann mo chroidhe dfoluigh mé do bhríathra, ionnus nach bpeacuighinn ad aghaidh.
Agus tugam aire dhá chéile ionnus go mbéam dhár mbrosdughadh féin chum grádha agus deaghoibrigheadh: Gan tréigean an chomhchruinnighe do níomaóid a gceann a cheile, do réir nóis dhruinge áirighe; achd ag teagusg a chéile: agus go madh móide dhéanam sín, an mhéid as léir dhibh an lá úd ag drúd rinn.
Achd bíghidh ag fás a ngrás, agus a neólas ar Dtíghearna agus ar Slanaightheóra Iósa Críosd. Glóir dhósan a nois agus go síorruidhe. Amén.
Molfad thú, a THIGHEARNA mo Dhía, rem uile chroidhe: agus do dhéanad hainm do ghlórughadh go bráth.
Ná tuguidh grádh don tsáoghal, ná do na neithibh atá sa tsáoghal. Dá dtuguidh neach ar bith grádh don tsáoghal, ní bhfuil grádh a Nathar ann. Oír gach ní atá sa tsáoghal, mar atá ainmhían na colla, agus ainmhían na súl, agus úabhar na beatha, ní ó Nathair atáid síad, achd is ón tsáoghal atáid. Agus atá an sáoghal ag imtheachd thoruinn, agus a ainmhían: achd an tí do ní toil Dé mairidh sé go siorruidhe.
Oír atá grádh Chríosd dar mbrosdughadh; ar na bhreathnughadh so dhúinn, eadhon má fuáir éunduine bás ar son na nuile, go bhfúaradar uile bás: Agus go bhfuáir seisean bás ar son na nuile, ionnus nach bíadh an dream atá béo ó so amach béo dhóibh féin, achd don to fuáir bás ar a son, agus do éiséirghe.
Agus roimh na huile neithibh bíodh grádh ro dhioghraiseach aguibh dhá chéile: óir cuirfidh an grádh folach ar iomad peacadh.
Ná cuimhnigh peacadh móige, ná mo sháruighthe: do réir do thrócaire cuimhnigh mé ar son do mhaitheasa, a THIGHEARNA.
Ar a nádhbharsin ó thárrla a chomhmór sin do néull fíadhnuiseadh ar dtimchiollne mar an gceudna, ag cur gach uile thruim dhínn, agus an pheacuigh leanus din go héusguidh, riótham maille ré foighid chum chin na coimhleanga atá romhuinn, Oír do bhádarson dár smachdughadhne beagan láethe réir a dtola féin; achd chum ar leasa eision, ionnus go nglacfamaóis a náomhthachd san. Achd ní cosmhuil smachdughadh air bith ré headh na nuáire sin do bheith solásach, achd dólasach: gidheadh do bheir sé na dhiáigh sin toradh smuáimhneach na fíréuntachda don druing chleachdas é. Uime sin tógbhuidh súas na lámha díomhaóineach, agus na glúine gan sbracadh; Agus déunuidh céimniughadh díreach ré bhur gcosuibh, deagla a neithe atá bacach do chláonadh as a tslighe; ach go madh táosga leighéosaidh é. Leanuigh síothchain ris na huile dhaóinibh, agus náomhthachd, óir gan í ní fhaicfidh éinneach an Tíghearna. Tabhruidh aire ribh fá gan áoinneach aguibh do chláonadh ó ghrás Dé; fá gan fréumh shearbhuis ar bith do fhás súas dá bhur mbuáidhreadh, trés a ndéuntaói morán neamhghlan; Deagla go mbíadh éinneach na sdríopuigh, ná neimhdhíagha, mar Esau, noch do reac a cheart óighreachda ar son éinchinn amháin bídh. Oír atá a fhios aguibh an tan bá mían rís fós ná dhiáigh sin, an bheannachd fhagháil mar oighreachd, gur diultadh é: óir ní bhfuáir sé áit aithrighe, bíodh gur íarr sé í maille re déuruibh. Oír ní chum an tsléibh thangabhair ré a bhféudtar cumailt, ná chum na tíneadh lasarrgha, ná chum na sdoirme, ná an dorchaduis, na an gairbhshíain, Ná chum fuáime an sduicm bá ghótha na mbríathar; agár shireadar an dream do chúaluidh é dathchuinge gan an bhríathar do labhairt ríu féin ní sa mhó: Ag féuchuinn ar Iósa ceannphort agus fear críochnuighe an chreidimh; noch ar son an tsóláis do cuireadh as a chomhair do fhúlaing céusadh na croithe, ag gcur na masla a neamhshuim, agus do shuigh ar deis árdchathaóire Dé.
Beirmíd a bhuidhe ré Día agus ré Hathair ar Dtíghearna Iosa Críosd, ag déunamh urnuighe do shíor ar bhur sonsa, On tráth fá gcúalamar iomrádh bhur gcreidimh a Níosa Críosd, agus bhur ngrádh do na huile náomhuibh, Ar son ná muinighne atá ar na cur a gcoimhéud bhur noirchill air neamh, agá bhfuárabhair a túarásgbháil roimhe a mbréithir fhírinne an tsoisgéil;
Ní bhfuil eagla sa ngrádh; achd cuiridh an grádh diongmhálta eagla amach úadh: óir atá pían aig an neagla. Uime sin gidh bé ar a mbí eagla ní bhfuil sé diongmhálta a ngrádh.
Oír a sé so grádh Dé, eadhon sinne do choimhéud a aitheantadh: agus ní bhfuilid a aitheanta trom.
A cháirde, má ghrádhuigh Día sinne mar sin, atá dfíachuibh oruibhe mar an gcéudna a chéile do ghrádhughadh.