Tá an saol lán le neamhchinnteacht, a chara. Cé a fhios dúinn cad atá i ndán dúinn inniu, gan trácht ar amárach? Ach tá rud amháin cinnte, grá Dé dúinn. Thug sé a Aonghin Mic ar ár son, le slánú a thabhairt dúinn.
Tá áit á hullmhú aige dúinn sa bhFlaitheas, agus ní ligfidh sé d’aon rud ná d’aon duine sinn a scaradh óna ghrá. “Is tusa, a Thiarna, mo dhóchas, mo mhuinín ó mo ógántacht” (Salm 71:5).
I ndomhan atá chom neamhchinnte seo, is é Dia ár ndóchas. Luímid ar a ghrá dochloíte. Fiú nuair a bhíonn an stoirm ag greadadh thart orainn, ní rachaimid go tóin poill, mar tá Íosa linn.
Gach lá, guímid ar an Spiorad Naomh ár gcreideamh a neartú, ionas nach dtitfimid i lag trátha. Tuigimid go bhfuil bua ag Íosa cheana féin ar gach olc, agus trína ainm, is buaiteoirí muid.
Beidh amanna crua romhainn, gan dabht, ach tugann Íosa Críost an neart dúinn leanúint orainn. Amén.
Do labhuir mé na neithesi ribh, do chum go mbeíth síodhcháin aguibh ionnumsa. Do ghéubhtháoi trioblóid sa tsáoghal: achd bíodh dóchus maith aguibh; so bhúadhaigh misi ar a tsaoghal.
Is maith an TIGHEARNA, caisléan daingion a ló na buáidheartha; agus aithnigh sé an drong dhóthchusuighios ann.
Ann mamhgar do ghoireas aír mo THIGHEARNA, agus déighios air mo Dhía: do chúaluidh sé ó na theampull mo ghuth, agus do chuáidh méighmhe ós a choinne, iona chlúasaibh.
As fogus an TIGHEARNA don druing agá bhfuil a ccroidhe briste; agus sáorfuidh na comhmbrúighte a spioraid.
Oír ni dearmadfuighear an teasbhadhach a ccomhnuigh: ní rachuidh dóthchus na mbochd a mugha go bráth.
Bídhidh láidir, agus neirteochuidh sé bhur ccroidhe, sibhsi uile agá bhfuil bhur ndóigh san TIGHEARNA.
Fágbhuim síodhchain aguibh, do bheirim mó shíodhcháin féin dhaóibh: ní mar do bheir an sáoghal, do bheirimsi dhaóibh. Ná buaidhearthar bhur ccroidhe, agus ná bíodh eagla air,
A nuáir bhías eagla orum, biáidh mo dhóigh ionnadsa. A Ndía mholfas mé a bhríathar, a Ndía chuirim mo dhóigh; ní bhiáidh eagla orum cred do dhéanas feóil orum.
Oír bí dóigh as crann, má ghéarrthar síos é, go ngabhlochuidh a rís, agus nach sguirfidh a bhuinnéan máoth.
Cred fa tteilgeann tú thú féin síos, ó manam? agus cred fa bhfuil tú buáidheartha ionnam? cuir do dhóigh a Ndía: óir molfa mé fós é, sláinte maighthe, agus mo Dhía.
Ise an TIGHEARNA mo sholus agus mo shlánughadh; cía re a mbiáidh eagla agum? sé an TIGHEARNA neart mo bheatha; cía budh eagal damh?
Féuch, is misi an TIGHEARNA, Día na nuile fhéola: an bhfuil ní ar bith ro chruáidh orum?
Se Día ar ndídean agus ar neart, cungnamh ro ollamh a mbuaidhreadh. Coisgidh, agus bíodh a fhios agaibh gur misi Día: biáidh mé ar márdughadh a measc na gcineadhach, biáidh mé onórach air an ttalamh. Atá TIGHEARNA nа slogh linn; atá Día Iácob na ro dhidean aguinn. Selah. Ar a nadhbharsin ní bhía eagla oruinn, da mbeith go nárthochadh an talamh, bíodh go náthrochadh na sléibhte go meadhon na fairge;
Bímid dar mbuáidhreadh ar gach táobh, ge nach ccurthar a gcúmhgach sinn; bímid a gconntabhairt, gé nach dtéid sin a néudóthchas;
Oír atá a dheirbhfhios agam, nach búdh héidir lé bás, na lé beatha, na lé hainglibh, ná lé húachdaranachuibh, ná lé cúmhachduibh, ná leis na neithibh atá do láthair, ná leis na neithibh atá chum teachda, Ná lé hairde, ná lé doimhne, ná lé creatúr ar bith eile, sinne dhéalughadh ó ghrádh Dé, atá a Niósa Críosd ar Dtighearna.
Ar mo shonsa, éighfe mé chum Dé; agus sáorfa an TIGHEARNA mé. Tráthnóna, agus air maidin, agus san meadhon laói, do dhéana mé urnaigh, agus éighfiod ós áird: agus cluinfidh seision mo ghuth. Dfúasgail sé manam a síothcháin ón gcath do bhí am aghaidh: óir is re hiomad do bhádar ag cur chugam.
¶ Ná bíodh eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigbhrígheach: óir is misi do Dhía: neirteochuidh mé thú: fós, cuideocha mé leachd; fós, cuinneocha mé súas thú le láimh dheis mo cheirt.
Gidheadh, O manam, comhnuighsi a Ndía amháin; óir is úadhsan atá mo dhóthchus. Is eision amháin mo charruig agus mo shlánughadh: is é mo dhídion; ní chorrochthar mé.
Oír ní sbiorad eagla tug Día dhúinne; achd sbiorad cúmhachd, agus grádh, agus sláinte inntinne.
Agus an TIGHEARNA, is eision an té rachus romhad; biáidh sé maille riot, ni fheallfa sé ort, ní mó thréigfios sé thú: ná himeagluidh, agus ná bíodh úamhan ort.
¶ Fillidhse chum an chaisléin láidir, sibhse a phríosúnacha an dóthchuis: eadhon a niugh fhoillsighim go ndíolfa mé dúbalta ribh;
Leanaidh manam don luáithreadh: béoghuidh mé do réir do bhréithre. Do comháirimh mé a rís mo shlighthe, agus do chúala tú mé: teagaisg do reachta dhamh.
Beinneocha mé an TIGHEARNA, noch thug comhairle dhamh: do thegaisgeadar mo dhubháin mé mar an ccéadna a naimsir na hoidhche. Do chuirios an TIGHEARNA do ghnáth ós mo choinne: do bhrígh go bhfuil sé air mo láimh dheis, ní chorrochthar mé.
An dream chuirios síol a ndéaruibh beanfaid a lúathgháire. An té dimthigh amach go doilghiosach agus do ghuil, ag cur a shíl, tiocfa sé lé lúathgháire, ag iomchar a phunnann.
Is tor daingion ainm an TIGHEARNA: riothuidh an fíréun chuige, agus bí sé daingion.
Congmham gan chorruidhe admháil ar muinighne; (óir as díleas an tí thug gealladh dhúinn:)
Cuiridh bhur ndóigh ann a ccomhnuighe; sibhsi a dhaoine, dóirtighe amach bhur ccroidhe dá lathair: isé Día is dídion dhúinn. Selah.
An ní ann a bhfuil sibhse ag déunamh gáirdeachais, bíodh go bhfuil sibh a nois ré sealad, má atá na riachdanus, fá thuirse a gcathuighthibh éugsamhla:
Acht an drong fheithios air an TTIGHEARNA athnúadhuighid síad a neart; éreochuid súas le sciathánuibh amhuil iolair; riothfaid siad, agus ní bhéid coirthe; agus siubholuid, agus ní bhéid síad anbhfann.
A nuáir ghabhus tú thríd na huisgeadhuibh, biáidh misi ad fhochair; agus thríd na haibhnibh, ní fhoileochuid síad thú: a nuáir shíubholas tú thríd an tteine, ní loisgfighear thú; ní mó dheargfas an lasair ort.
Oír atá fios na smuáintigheadh smuáinim dá bhur ttáobh agum, a deir an TIGHEARNA, smuaintighthe síothchána, agus ní uile, do thabhairt críche agus dothchus díbh.
Agus ní hé amháin, achd do nimid gáirdeachus mar an gcéadna a dtrioblóidibh: do bhrígh go bhfuil a fhios aguinn go noibrigheann an trioblóid foighid; Agus an fhoighid, dearbhadh; agus an dearbhadh, dóthchus: Achd ní adhnáirgheann an dóchus; do bhrígh go bhfuil grádh Dé ar na dhórtudh an ar gcroidhibhne trés an Spiorad Náomh atá ar na thabhairt dúinn.
Agus go líonaidh Día an dóthchais sibhse do gach uile gháirdeachus agus shoithcháin ó chreideamh dháoibh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chúmhachdaibh an Spiorad Náoimh.
Uime sin ní bhfuilmíd ag dul a nanbhfainne; achd bíodh go dtruáillighthear ar nduine leithimealach, athnúadhaighthear fós an tí atá don táóbh a stigh go láethamhuil. Oír oibrighidh ar mbuáidhirt éudtrom, noch nach mhairios acht momeint, níos módh go líonmhar agus truime mbairthanach dan ghloire dhuinne: Ar mbeith dhúinn ag tabhairt ar naire do na neithibh nach bhfuil ré a bhfaicsin, agus ní do na néithibh ata re a bhfaicsin: oír is neamhbúan na neithe atá ré a bhfaicsin; agus is síorruidhe na neithe nach bhfaicthear.
Noch atá aguinn mar ancaire, daingean diongmhálta a nanma, agus théid a steach go soithe a ní atá don táoibh a stigh don bhrat;
Goirim so a rís chum minntinne, uimesin atá dóthchus agam. ¶ Is do thrócaire an TIGHEARNA nach bhfuilmíd aidhmhillte, do bhrígh nach bhfáillighid a ghrása. Atáid núadh gach aon mhaidin: is mór thfíreantachtsa.
Tigidh chugamsa, uile a bhfuiltí tuirseach agus fá anúalach trom, agus do bhéaraidh mé fúaradh dháoibh. Tógbhuidh mo chuingsi oraibh, agus foghlamuigh úaim; óir a táim ceannsaighe agus úmhal a gcroidhe: agus do gheabhtháoi súaimhneas dá bhur nanmaibh. A dubhair sé ris, An tusa an té ús do bhí réd atharrach? Oir a tá mo chuingsi sóiomchuir, agus a tá múalach éadtrom.
Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Dathair ar Dtíghearna Iósa Críosd, noch do aithghin sinn do réir a mhórthrócaire chum béomhuinighne tré eiséirghe Iósa Críosd ó mharbhuibh.
Do fheith mé air an TTIGHEARNA, atá manam ag feithiomh, agus iona bhréithir atá mo dhóigh.
Is beanuighe an té aga bhfuil Día Iácob mar chabhair, agá a bhfuil a dhóigh annsa TIGHEARNA a Dhía féin:
Marsin bhías éolus na héagna dot hanam: anuáir do gheabha tú é, annsin do gheabhthar luáigheacht, agus ni ghéarrfuighthior amach do dhóthchus.
Toigfiod súas mo shuile chum na ccnoc, as a ttiocfa mo chabhair. Is ón TTIGHEARNA atá mo chabhair, noch do rinne neamh agus talamh.
Ná bíodh ró chúram neithe ar bith oruibh; achd sa nuile ní biodh bhur níarratuis foillsighthe do Dhía a nurnuighe agus a nathchuinge maille ré breith buidheachais. Agus coimhéudfuigh siothcháin Dé sháruigheas a nuile thuigse, bhur gcroidhthe agus bhur ninntinneacha a Níosa Críosd.
Achd ag déunamh maitheasa ná bímid tuirseach: oír beanfum iona ám féin, muna ndeacham a neimbrígh.
Dar thogair Día a fhoillsiughadh créd é siadhbhread ghlóire an ruindíamhairse a measg na Gcineadhach; agar ab é Críosd é bhur measgsa, muinighin na glóire:
Uime sin don tí lér féidir na huile neithe do dhéunamh go hiomarcach tar mar iarrmuid nó mar smuáinemíd, do réir an chúmhachd oibrigheas ionnain, Don tí sin glóir sa neagluis tré Iósa Críosd ó dhíne go dine, go sáoghal na sáoghal. Amén.
Agus atá a fhios aguinn go gcomhoibrigheann gach uile ní chum maitheasa do na daóinibh ghráduigheas Día, noch atá ar na ngairm do reir a órduighesion.
Do rachfuinn a nanbhfhuinne, muna ccreidfinn go bhfaicfinn maith an TIGHEARNA a gcrích na mbéo. Feith air an TTIGHEARNA: bí láidir, agus neartochuidh sé do chroidhe: agus déan‑fheitheamh air an TTIGHEARNA.
Ar mbeith dhamh dearbhtha as an ní céudnasa, eadhon an tí do thionnsguin obair mhaith ionnuibh go gcuirfe sé críoch uirrthe go lá Iósa Críosd: