An ndearna tú machnamh riamh ar an tábhacht a bhaineann lenár gcairde sa saol? Is minic a dhéanaimid neamhaird orthu nó nach dtuigeann muid a luach i ndáiríre. Sa mBíobla, tá neart véarsaí ann faoin gcairdeas, mar shampla Eoin 15:13: "Níl grá níos mó ag aon duine ná seo, go dtabharfadh sé a anam ar son a chairde."
Is furasta a rá gur cara thú, ach is tástáil í an chairdeas a chaithfimid a shárú gach lá. Mar chairde, is féidir linn comhbhrón agus dlúthpháirtíocht a thaispeáint, go háirithe nuair a bhíonn siad siúd is ansa linn ag fulaingt.
Tá an cumas ag fíorchairde fadhbanna, mothúcháin agus lúcháir a thuiscint agus a roinnt, gan bhreithiúnas. Tá an cumas agat féin a roghnú cé hiad na daoine ar mhaith leat a bheith in aice leat, mar sin timpeallaigh tú féin leis na daoine is fearr, iad siúd a ghlacann leat mar atá tú, gan iarracht a dhéanamh d’fhíor-dhuine a athrú.
Is gá go mbeadh siad ina ndaoine a thugann níos gaire do Dhia thú, a chabhraíonn leat do chuspóir a chomhlíonadh agus a spreagann tú gan éad. Caithfidh tú a bheith in ann brath orthu le linn na n-amanna is gile, ach freisin nuair a bhíonn rudaí dorcha, mar is ansin a nochtar fírinne an chairdis.
Fan dílis don méid a mhúineann na scrioptúir agus beidh sibh in ann taitneamh a bhaint as chuimhneacháin iontacha. Bí i ngrá le do chara i gcónaí, agus beidh sé/sí cosúil le deartháir/deirfiúr i n-am an ghaisce (Seanfhocail 17:17).
¶ Is marso a deir an Tighearna DIA; Do bhrígh go ndéarnadar na Philistinígh dioghaltas, agus gur dhioghladar maille ré croidhe aingidhe, dá scrios maille ré fúath síothbhúain;
Tuilleadh eile, is follas oibreachda na colla, mar atá; Adhaltrannas, sdríopthachas, neamhghloine, macnas, Féuch, a deirimse Pól ribh, dá dtimchillghearrthar sibh, nách bhfuighe sibh tairbhe ar bith a Gcríosd. Iodhaladhradh, piseóga, námhadas imreasuin, comórtus, míosguis, consbóid, ceannarruic, eireceachd,
A fhíora agus a mhná a nadhaltrannais, a né nach bhfuil a fhios aguibh gur naimhdeanus a naghuidh Dé, cairdeas an tsáoghailse? uime sin gidh bé ré mían an sáoghal bheith na charuid aige do ní sé namhuid Dé dhe féin.
Síolchuiridh an duine ceannairgeach imreasuin: agus dealuighidh an cogarnach na cáirde disle ó chéile.
Gidh bé cheilios sárughadh íarruidh sé grádh; acht gidh bé athnúaighios cúis dealnigh sé cáirde.
Do chúalabhair go ndubhradh, Gráidheóchuigh tú do chomharsa, bíadh fúath agad dod námhaird. Achd a deirimsi ribh, Bíodh grádh agaibh dá bhur naímhdibh, beannaighidh na dáoine mhallaigheas sibh, deunaidh maith do na dáoinibh ait ar beag sibh, agus deúnaidh urnaighthe ar son na muinntire bhuaidhreas sibh, agus dhíbreas subh;
Ar gcur a naimhdeanuis ar gcúl dó tré na fheóil, éadhon reachd na naitheantadh maille ris na hórduighthibh; ionnus go ndéanadh sé áonduine amháin núadh do dhías ann féin, ag déunamh siothchána;
Connaimh do chos ó thigh do chomharsan; deagla go mbeith sé cuirthe dhíot, agus go bhfúathochadh sé thú.
Ná tréig, do chara féin, agus cara hathar; agus ná héirigh go tigh do dhearbhráthar a ló do ríachdanuis: óir ís féarr cara a ccomhfhogus ná dearbhrathair a nimchían.
Agus do thochladar tobar eile, agus teagmhaid ré chéile uime sin mar an ccéadna: agus do ghoir sé Sitnah dainm dhe sin.
Mas féidir é, an mhéid thig dhíbhsé dhe, bíodh síothcháin agaibh ris na huile dhaóinibh
Bíodh gach uile shearbhus, agus gach aingidheachd, agus gach fearg, agus gach gárrtha, agus gach ithiomradh, ar ná thogbháil uáibh, maille ris a nuile olc: Bighidh sochroidhtheach, trócaireach dhá chéile, ag tabhairt maitheamhnuis uáibh, amhuil tug Día mar an gcéudna maitheamhnus dáoibhse a Gcríosd.
¶ Is féarr días nó aon duine; do bhrígh go bhfuil luáigheacht mhaith aca ar son a sáothair.
An té shiubhluighios le daóinibh críonna biáidh sé críonna: acht scriosfuighthear compánach na namadán.
Agus má bhuáidhionn áon na agháidh, seasfuid días leis; an ní furas córda fillte trí huáire do bhriseadh.
Biáidh an rígh na charaid ag an té ghrádhuighios gloine chroidhe, ar son millse a bhéil.
Ná lúathgháirigh a nuáir thuitfios do námhaid, agus ná gáirdigheadh do chroidhe a nuáir do gheibh sé tuisleadh:
A cháirde, bíodh grádh aguinn dá chéile: óir as ó Dhía tig an gradh; agus gidh bé neach ghrádhuigheas atá sé ar na gheineamhuin ó Dhía, agus is aithnidh dhó Día.
Fá dheóigh, bíghidh uile déininntinn, ag comhfhulang ré chéile, bíodh grádh bráthargha eadruibh, bíghidh trócaireach, sóchaidridh:
Achd a deirim ribhsi atá ag éisdeachd, Grádhuighidh bhur námhuid, déunuidh maith don dreim air ar fúadh sibh, Tabhruidh bhur mbeannachd don dreim mhalluigheas sibh, agus déunuidh urrnaíghe ar son na muinntire do ní bhur ndíoghbháil.
Oir má, réidheadh eadruinne agus Día tré bás a Mhic, a nuáir do bhámar ar náimhdibh, is mó ná sin go mór, ar mbeith a nathmhuinnteardhas dúinn, choimhéadfuighthear sinn tré na bheathasan.
Agus sibhse, do bhí a nallód bhur gcoimhightheachuibh agus bhur náimhdíbh ann bhur ninntinn tré drochóibrighibh, do réidhigh sé a nois daóibh A gcorp a fhéola féin tré bhás, chum bhur ndéunta náomhtha glan agus neimhchiontach na fhíadhnuise féin:
Dá nabra éinneach, atá grádh agum air Dhía, agus fúath bheith aige air a dhearbhráthair, is bréugach é: Oír cionnas is éidir don tí nach grádhuigheann a dhearbhráthair do chonnairc sé, grádh thabhairt do Dhía nach bhfacuidh sé?
A nuáir thaitnid slighthe an duine leis an TTIGHEARNA, do bheir sé air a námhaid féin bheith síodhach ris.
Oír as eision ar síothcháinne, noch do rinne áon dinn aráon, agus do bhris síos balla méadhónach na teóruinne; Ar gcur a naimhdeanuis ar gcúl dó tré na fheóil, éadhon reachd na naitheantadh maille ris na hórduighthibh; ionnus go ndéanadh sé áonduine amháin núadh do dhías ann féin, ag déunamh siothchána; Agus go ndéanadh réidh ar áon íad ré Día náonchorp tres an gcroich, lér chuir sé an naimhdeanas ar gcúl:
Oir is námhadus a naghuidh Dé gliocas na féola: óir ní úmhluigheann sé do dhligheadh Dé, agus fós ní héidir leis.
Má bhíonn do námhaid ocrach, tabhair arán dó re ithe; agus má bhíonn tart air, tabhair uisge dhó ré a ól: Oír crúachfuidh tú sméaróide teineadh air a chionn, agus cúiteochuidh an TIGHEARNA sin riot.
Tuilleadh eile, is follas oibreachda na colla, mar atá; Adhaltrannas, sdríopthachas, neamhghloine, macnas, Féuch, a deirimse Pól ribh, dá dtimchillghearrthar sibh, nách bhfuighe sibh tairbhe ar bith a Gcríosd. Iodhaladhradh, piseóga, námhadas imreasuin, comórtus, míosguis, consbóid, ceannarruic, eireceachd, Tnúth, dúnmharbhadh, meisge, cráos, agus a samhail sin: ar a labhruim ribh roimh láimh, amhuil do innis mé dháoibh roimhe, nach bhfuighe an drung do ní a samhail so óighreachda rioghachda Dé.
Ná déunuigh olc a naghuidh uilc, ná anchaint a naghuidh anchainte: achd go contrárgha dhó sin, tuguidh bhur mbeannachd; ar mbeith a fheasa aguibh gur chuige so do goireadh sibh, ionnas go bhfuigheadh sibh féin beannachd mar oighreachd.
A chairde grádhacha, ná déunaidh dioghaltus ar bhur son féin, achd fanaidh ris an bhfeirg: óir atá sgríobhtha, Is leamsa an dioghaltus; do bhéura mé cúitiughadh uáim, a deir an Tighearna. Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé. Uime sin dá raibh ocarus ar do námhuid, tabhair bíadh dhó; dá raibh tart air, tabhair deoch dhó: óir tré so do dhéunamh dhuit carnfuidh tú gríosach ar a cheann.
Atá an grádh fadfhoighideach, deaghchróidheach; ní ghabhann an grádh tnúth; ní dhéanann an ghradh ní ar bith go neamhchóir, ní máoithmheach é, Ní dhéanann ní ar bith ré taircuisne, ní iarran sé na neithe bheanus ris féin, ní sobhrosduighe é chum feirge, ní smuáineann sé ar a nolc;
Do chuir sé a lámha amach a naghaidh an luchda do bhí a síothcháin ris: do bhris sé a chunnradh. Bá bláithe bríathra a bhéil ná ím, acht do bhí cogadh iona chroidhe: bá buige a fhocail ná ola, gidheadh bá cloidhmhthe tairrngthe íad.
Dúisgidh duine nimhneach súas ceannairg: acht an té is mall chum feirge laghduighidh sé imreasuin.
Gidh bé neach fhúathuigheas a dhearbhráthair as fear dúnmharbhtha é: agus atá a fhios aguibh nach déunann an bheatha marthannach comhnuighe a bhfear dúnmharbhtha ar bith.
Ní dhéanann grádh olc don chomharsain: ar a nadhbharsin a sé an grádh coimhlionadh an dlighe.
Agus a dubhairt Iósa, A Athair, maith dhóibh; óir ní bhfuil a fhios aca créd do nid síad. Agus an roinn a éaduighsion, do theilgeadar crannchar orthu.
Oír ní ré fuil agus ré féoil do níomuid sbáirn, achd ré húachdaranuibh, ré cúmhachduibh, ré prionnsuidhibh an domhuin dhorchaduis an tsáoghailse, ré drochsbioraduibh, noch atá sna hionaduibh árda.
Leanuigh síothchain ris na huile dhaóinibh, agus náomhthachd, óir gan í ní fhaicfidh éinneach an Tíghearna. Tabhruidh aire ribh fá gan áoinneach aguibh do chláonadh ó ghrás Dé; fá gan fréumh shearbhuis ar bith do fhás súas dá bhur mbuáidhreadh, trés a ndéuntaói morán neamhghlan;
Ar son mo ghrádha atáid na neascáirde agam: agus misi ag urnaigh. Agus do thoirbhriodar dhamh olc a naghaidh maitheasa, agus fúath ar son mo ghrádha.
An cuid eile dhe, a dhearbhráithreacha, biodh gáirdeachas oruibh. Bighidh diongmhálta, bíodh deaghmheisneach aguibh, bíghidh déininntinn, leanuidh don tsíothcháin; agus biáidh Día an ghradha agus na siothchána maille ribh.
A dhearbhraithre, má ghreamuighthear neach a gcóir ar bith go hobann, tuguidhse a dhream spioradálta, a shamhuil sin do dhuine ar a ais ré sbiorad ceannsachda; ag tabhairt aire leachd féin a dhuine, nach ccuirfidhe cáthughadh ortsa mar an gcéudha.
Agus seachain ceasda éigcéillidhe neamhfhoghlomtha, ar mbeith a fheasa agad go mbrósduighid síad ceannaruic. Oír ní coir do shearbhfoghantuidhe an Tíghearna bheith ceannarraiceach; achd bheith ceannsa ris na huile dháoinibh, réidh chum teaguisg, ag iomchar ré drochdháonibh,
Uime sin ar gcur na huile aingidheachda, agus meabhla, agus fhalláis, agus thnútha, agus an uile ithiomráidh uáibh,
Oír do bhamairne féin ar úairibh éigcéillidhe, easúmhal, ag dul ar seachrán, ag leanmhuin dainmíanuibh agus danntoilibh eugsámhla, ag caitheamh ar mbeatha a miosguis agus a dtnúth, fúathmhar, agus ag fúathughadh a cheilé. Achd an tan do shoillsigh féile agus grádh Dé ar Slánaightheóra do dháoinibh, Ní do réir na noibrightheadh bhfiréunnda do rinneamairne, achd do réir a thrócaire féin do sháor sé sinn, tré ionnladh na haithghineamhna, agus tré athnúadhughadh an Spiorad Náoimh;
Gan éinní tré chonnsbóid ná tré ghlóir dhíomháoin; achd a númhlachd inntinne measadh gach áon gur fear neach eile na é féin. Do bhrígh go dtáinic sé go garr don bhás ar son oibre Chríosd, agus nár chuir suim ann a anam, ionnus go gcoimhlíonfadh sé a nuireasbhaidh do bhí oramsa a dtáobh bhur seirbhísse. Nár ab íad na neithe bheanais ris féin bhéuras gach áon dá aire, achd gach áon na neithe fós bheanas ré dáoinibh eile.
Agus fós bá móide eagla Shauil roimhe Dháibhi sin; agus thainic Saul chum a bheith na námhuid ag Daibhi a gcomhnuidhe.
Ná habairsi, Cúiteochuidh mé olc, acht feith air an DTIGHEARNA, agus táirtheochuidh sé thú.
Ar ndul do Pheadar na ionnsaidh an tráth sin, a dubhairt sé, A Thighearna, gá a mhioncachd do dheana mo dhearbhráthair coir a maghaidh, agus mhaithfeas mé dhó? an go nuige an seachdmhadh húair? A deir Iósa ris, Ni abruim riot, Gus an seachdmhadh húair a mháin: achd, Go soithe seachdmhoghad seachd nuáire.
Má theagmhann riot damh nó assal do námhad ag dul ar seachrán, do bhéura tú gó deimhin chuige ar ais é. Má chí tú assal an té lér fúath thú na luighe fán úalach, agus go bhfailleochá a thártháil, cuideocha tú leis go deimhin.
Agus go dtugaidh Día na foighide agus na cómhfhurtachda dhaóibh bheith dáoininntin a dtáobh a chéile do réir Iósa Críosd: Ionnus go madh héidir libh go háontadhach ré hén bhéul amháin, Día Athair ar Dtighearna Iósa Críosd do mholadh.
Bí tuigsi mhor ag an té bhíos mall chum feirge: acht an té bhíos deithniosach a spioraid árduighidh sé leimhe.
Má chuitigh mé olc ris an té do bhí a síothcháin riom; (fós, do ainic mé an té noch atá na námhuid dhamh gan chúis:) Déanadh mo námhaid gérleanmhuin air manam, agus gabhadh sé é; fós, saltradh sé síos mo bheatha air an ttalamh, agus léigeadh sé monóir san luáithreadh. Selah.
An tí a deir é féin do bheith sa tsolas, agus fhúaithigheas a dhearbhráthair, atá sé sa dorchadus gus a nois.
An té fhúathuighios do ní sé blandar le na phuisínibh, agus taisgidh sé cealg a stigh ann; A nuáir labhras sé go breághdha, na creid é: óir atáid seachd nathfhúathmhaireachta iona chroidhe.
Agus íarruim dathchuinge oruibh, a dhearbhráithreach, géurchoimhéud do dhéunamh dháóibh ar an muinntir thógbhus siosma agus is ciontach ré hoilbheim do thabhairt úatha contrarrdha don teagasg do fhoghluim sibh; agus seachnaidh íad. Oír an luchd is cosmhuil ríu so, ní don Tighearna Iósa Críosd do níd síad seirbhís, achd dá mbolg féin; agus meallaid síad ré briathraibh millsi agus ré cluain croidhthe na ndáoine neamhurchóideach.
Agus as ó Dhía atáid uile, noch do reidhigh sinne ris féin tré Iósa Críosd, agus tug dhúinne miniosdrálachd an réitigh sin; Oír go deimhin, do bhí Día a Gcríosd, ag réiteach an tsáoghuil ris féin, gan conntus do dhéunamh ríu fá sa gcionntuibh; agus do chuir sé ionnuíne briathar an réitigh sin.
Agus roimh na huile neithibh bíodh grádh ro dhioghraiseach aguibh dhá chéile: óir cuirfidh an grádh folach ar iomad peacadh.
Agus íarruim dathchuinge oraibh a dhearbhraithreacha, tré ainm ar Dtighearna Iósa Críosd, sibh uile do labhairt éainneithe amháin, agus gan siosma do bheith bhur measg; achd a bheith ceangailte dhá chéile go diongmhalta a náoininntinn agus a náoin chéill.
Maille ris a nuile úmhlachd inntinne agus cheannsachd, maille ré foighid fhada, ag iomchur ré cheile a ngrádh; Achd ní mar sin fúarabhairse foghluim Chríosd; Má chúalabhair é, agus má teaguisgeadh sibh ris, (amhuil atá a nfírinne a Níosa:) Gur coir dháoibh do réir na céud choinbhearsáide an seanduine do chur dhíbh, noch atá ar na thruáilleadh ó ainmhíanuibh seachráin; Agus bheith dháoibh ar bhur nathnúadhughadh a sbioruid bhur ninntinne; Agus an duine núadh do chur íomuibh, noch atá ar na chrúthughadh do réir Dé a bhfiréuntachd agus a bhfíornáomhthachd. Uime sin ar ndealughadh ris an mbréig dháoibh, lábhradh gach áon aguibh a nfírinne ré ná chomharsuin: óir as buill dá chéile sinn. Bíodh fearg oruibh, gidheadh ná déunuigh peacadh: ná maireadh bhur bhfearg go dul na gréine fáoi: Agus ná tuguidh áit do diábhal. An tí do rinne goid ná gadah ní sá mhó: achd go madh luáithe dheánas sé sáothar, ag oibriughadh maitheasa ré na lámhuibh féin, ionnus go mbíádh ní aige ré thabhairt don tí air bhfuil ríachdanus. Ná tigheadh bríathar ar bith thruáillighe amach as bhur mbéul, achd gidh bé bríathar fhoghnas chum follamnuighthe, ionnus go dtíubhradh grása don luchd éisdeacha. Ag déunamh díthchill air áondachd na Sbioruide do choimhéud a gcoimhcheangal siothchána.
Ná tárruing mé leis na cionntachaibh, ná leis a ndroing oibrighios olc, noch labhras síothcháin ré na ccomharsanuibh, a nuáir bhíos urchóid iona ccroidhe.
Oir ma mhaithi a gcionnta do dháonibh, maithfidh bhur Nathair neámhdha dáoibhsi mar an gcéadna: Achd muna maithtisi a gcionta do na dáoinibh, ni mhaithfidh bhur Nathair féin dáoibhsi bhur gcionta.