Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 8:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 ag cur athchuinghe air, g‐á rádh, A Thighearna, atá mo ghiolla ’n‐a luighe sa tigh agus pairilis air, agus atá sé fá phian‐pháis mhóir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 agus á rá, “A Thiarna, tá mo sheirbhíseach ina luí sa bhaile agus an phairilis air, agus é á chéasadh go dian.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Agus ag rádh: A Thighearna, tá mo ghiolla san bhaile ina luighe tinn le galar creathach, agus é fá phéin ghéir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus a rádh, A Thighearna, atá móglach na luighe a sdigh a bpairilis, agus ar na phiánadh go ró íomarcach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus dubhairt sé: A Thighearna, tá mo bhuachaill sa bhaile ’n-a luighe gan lúth a ghéag, agus tá pianta móra air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 “A Thiarna,” ar seisean, “tá mo ghiolla ina luí sa bhaile ina phairiliseach agus é dá chrá go léanmhar.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 “A Thiarna,” ar seisean, “tá mo ghiolla ina luí sa bhaile ina phairiliseach agus é á chrá go léanmhar.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 8:6
12 Tagairtí Cros  

Agus do leath a chlú ar fud tíre na Sithre ar fad, agus tugadh chuige iad‐san go léir ar a raibh easláinte, iad do bhí cráidhte le galaraibh ilghnéitheacha agus le piantaibh, agus go raibh deamhain ionnta, daoine go raibh an galar tuitimeach agus pairilis ortha; agus do leigheas sé iad.


Agus adubhairt Íosa leis, Tiocfad‐sa agus leigheasfad é.


Agus féach, tugadh chuige fear pairiliseach, agus é ’n‐a luighe ar leabaidh: agus nuair thug Íosa fá ndeara an creideamh do bhí aca, adubhairt sé leis an bhfear pairiliseach, A Mhic, bíodh meisneach agat; atá do pheacaidhe maithte dhuit.


Agus nuair d’imthigh an t‐aingeal do bhí ag cainnt leis, do ghlaodh sé chuige beirt d’á sheirbhíseachaibh, agus saighdiúir cráibhtheach díobh‐san do bhíodh i gcómhnaidhe ag freastal air;


Óir do bhí mórán daoine as a dtáinig spioraidí neamh‐ghlana amach, ag éigheamh go h‐árd: agus do leigheasadh mórán go raibh pairilis ortha, agus do bhí ’n‐a máirtíneachaibh.


Agus fuair sé annsin duine darbh ainm Aenéas, d’fhan ’n‐a leabaidh ar feadh ocht mbliadhan, agus pairilis air.


Ní fhuil Gréagach ná Iúdach ann, ní fhuil timcheall‐ghearradh ná neamh‐thimcheall‐ghearradh, barbarach, Scitidheach, daor ná saor ann, acht is é Críost an t‐iomlán, agus é san iomlán.


agus ní fhuil meas ar phearsain duine seachas a chéile. A mháighistreacha, tabhraidh a gceart agus a gcomhthrom féin do bhur seirbhíseachaibh, agus a fhios agaibh go bhfuil Máighistir agaibh féin ar neamh, leis.


Agus an méid go bhfuil máighistrí chreideas aca, ná bíodh dí‐mheas aca ortha, toisc gur bráithre iad; acht go mb’ fhearrde an tseirbhís dhéanfas siad dóibh é, toisc gur creidmhigh ion‐ghráduighthe na daoine bhaineas an tairbhe as a seirbhísí. Múin agus mol na neithe seo.


ní mar sheirbhíseach feasta, acht mar dhuine is mó ’ná seirbhíseach, mar bhráthair ionmhain, ionmhain liom‐sa, go mórmhór, acht gur mó is annsa leat‐sa é san bhfeoil agus san Tighearna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí