Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 4:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Acht d’fhreagair seisean, agus adubhairt, Atá scríobhtha, Ní h‐ar arán amháin mhairfeas an duine, acht ar an uile bhriathar thig ó bhéal Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Ach dʼfhreagair sé, “Is é atá scríofa, ‘Ní ar arán amháin a mhairfeas an duine, ach ar an uile bhriathar dá dtagann as béal Dé.’”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Acht d’fhreagair seisean, agus dubhairt: Tá sé scríobhtha: ní ar arán amháin a mhaireas an duine, acht ar an uile bhriathar dá dtig ó bhéal Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Achd do fhreagair seisean, agus a dubhairt, Atá sé sgriobhtha, Ní lé harán a mhain mhairfeas duine, achd lé gach uile bhreithir dá dtig ó bhéul Dé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus dubhairt seisean ’ghá fhreagradh: Tá sgríobhtha: Ní h-ar arán amháin a mhaireann an duine, ach ar an uile fhocal d’á dtagann ó bhéal Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Dúirt sé dá fhreagairt: “Tá sé scríofa: ‘Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine, ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.’”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 Dúirt sé á fhreagairt: “Tá sé scríofa: ‘Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine, ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.’ ”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 4:4
26 Tagairtí Cros  

An rud théigheas isteach sa mbéal, ní h‐é sin shaluigheas an duine; acht an rud théigheas amach as an mbéal, is é sin shaluigheas an duine.


agus mé d’adhradh. Annsin adubhairt Íosa leis, Imthigh, a Shátain: óir atá scríobhtha, Adharfaidh tú do Thighearna Dia, agus is dó‐san amháin do, ghéanaidh tú seirbhís.


Adubhairt Íosa leis, Atá scríobhtha fós, Ní chuirfidh tú cathú ar do Thighearna Dia.


Agus adubhairt sé, An nidh théigheas amach as an duine, is é sin shaluigheas an duine.


Agus d’fhreagair Íosa, agus adubhairt sé leis, Atá ráidhte, Ní dhéanfair fromhadh ar an Tighearna, do Dhia.


Agus d’fhreagair Íosa é, Atá scríobhtha, Ní h‐ar arán amháin mhairfeas an duine.


Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, Atá scríobhtha, Adharfaidh tú an Tighearna, do Dhia, agus is dó‐san amháin dhéanfasse tú irbhís.


Acht nuair thiocfas an Sólásaidhe, an té chuirfeas mé chugaibh ó’n Athair, Spiorad na fírinne, ghluaiseas ó’n Athair, do‐bhéarfaidh seisean fiadhnaise im’ thaobh‐sa:


Is í an spioraid do‐bheir beatha; ní fhuil tairbhe ar bith sa bhfeoil: na briathra atá ráidhte agam libh, is spioraid agus is beatha iad.


Óir gach ar scríobhadh roimhe seo do scríobhadh iad chum teagasc do thabhairt dúinn, ionnas go mbéadh dóchas againn tré fhoighid agus tré shólás na scrioptúir.


Agus glacaidh clogad an tslánuighthe, agus claidheamh an Spioraid, is é sin briathar Dé:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí