Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 4:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Annsin do rug an diabhal leis é isteach sa gcathair naomhtha, agus do chuir sé ’n‐a sheasamh ar spuaic an teampaill é,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Ba ansin a thug an diabhal leis é go dtí an naomh-chathair, gur chuir ina sheasamh é i bhfíor-mhullach an teampaill,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 Rug an diabhal leis annsin é isteach san chathair naomhtha, agus chuir ar bheinn an teampaill é,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Rug an díabhal leis é an tansin don chathruigh náomhtha, agus do chuir sé air bhinn an teampuill é,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Ansan do thóg an t-Áirseóir leis é isteach sa chathair naomhtha, agus chuir sé ’n-a sheasamh ar spuaic an teampuill é. Agus dubhairt sé leis: Má’s tu Mac Dé caith thu féin le fánaidh. Óir tá sgríobhtha:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Rug an diabhal leis ansin é isteach sa chathair naofa agus chuir sé ar bhinn an Teampaill é

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 Rug an diabhal leis ansin é isteach sa chathair naofa agus chuir sé ar bhinn an Teampaill é

Féach an chaibidil Cóip




Matha 4:5
11 Tagairtí Cros  

agus ag teacht amach as na tuamaibh dóibh tar éis a aiséirighthe, do chuadar isteach sa gcathair naomhtha, agus d’fhoillsigheadar iad féin do mhórán.


Annsin do threoruigh sé go h‐Iarúsalem é, agus do chuir sé ar bhinn an teampaill é, agus adubhairt sé leis, Má’s tú Mac Dé, caith thú féin as so le fánaidh síos;


D’fhreagair Íosa dhó, Ní bhéadh aon chumas agat im’ aghaidh muna dtugtaidhe dhuit é ó neamh anuas: uime sin, an té thug ar láimh duit mé, is móide a pheacadh é.


Agus leig thart an chúirt atá taobh amuigh de’n teampall, agus ná tómhais í: óir atá sí tabhartha do na cinidheachaibh: agus gabhfaidh siad‐san de chosaibh ar an naomh‐chathair ar feadh dhá mhí agus dá‐fhichid.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí