Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 17:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Ba mhaith dhó dá gcrochtaidhe bró muilinn ar a mhuineál, agus dá gcaithtidhe é isteach sa bhfairrge, ’ná go scannlóchadh sé duine de’n mhuinntir bhig seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Bʼfhearrde don té úd dá gcrochfaí cloch mhuilinn faoina mhuineál agus dá gcaifí amach san fharraige é, ná é a bheith ina chúis pheaca ag aon duine beag amháin acu seo.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 B’fheárr dó dá gcuirtí bró fá n-a mhuinéal agus go dteilgthí san fhairrge é, ná go dtabharadh sé scainneal do chionn de na rudaí beaga seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Do bfearr dhó cloch mhuilinn do chur fá na mhuinéul, agus a theilgean ann sa bhfairrge, ná áon don mhuinntir bhigsi sgannlachadh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 B’ fhearra dhó gur bró mhuilinn a curfaí ar a mhuineál agus é chaitheamh sa bhfaraige ’ná go dtabharfadh sé sgannal do dhuine de’n mhuintir bheag so.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 ba é a leas go gcrochfaí cloch mhuilinn faoina mhuineál agus é a theilgean sa bhfarraige níos túisce ná a thabharfadh sé scannal dʼaon duine amháin de na daoine beaga seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 b'é a leas go gcrochfaí cloch mhuillinn faoina mhuineál agus é theilgean san fharraige níos túisce ná thabharfadh sé scannal d'aon duine amháin de na daoine beaga seo.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 17:2
13 Tagairtí Cros  

Acht, an eagla go dtiubhraimís scannal dóibh, imthigh‐se chum na fairrge, agus caith dubhán, agus tóg an chéad iasc thiocfas aníos; agus nuair fhosclóchas tú a bhéal, do‐gheobhair píosa airgid ann: glac é sin, agus tabhair dhóibh‐sean é ar mo shon‐sa agus ar do shon féin.


Tabhraidh aire gan dímheas do chaitheamh ar aoinneach de’n mhuinntir bhig seo; óir adeirim libh, go mbíonn a n‐aingil sin, ar neamh, ag sír‐fhéachaint ar ghnúis m’Athar atá ar neamh.


Ar an gcuma chéadna ní toil le n‐bhúr nAthair atá ar neamh go gcaillfidhe aoinneach de’n mhuinntir bhig seo.


Atá Mac an Duine ag imtheacht, fá mar atá scríobhtha ’n‐a thaobh: acht monuar do’n fhear sin tré n‐a mbraithtear Mac an Duine! do b’fhearr‐de an fear sin dá mba nach rugadh é ariamh.


Agus cibé duine bhéarfas adhbhar scannail d’aoinneach de na daoinibh beaga so chreideas ionnam, do b’fhearr dó go gcrochfaidhe cloch muilinn ar a mhuineál, agus go gcaithfidhe é sa bhfairrge.


Annsin, nuair do bhí ithte aca, adubhairt Íosa le Peadar, A Shíomóin Eoin, an annsa leat‐sa ’ná leo so mé? Adubhairt seisean leis, Is eadh, a Thighearna is eol duit gur ab ionmhain liom thú. Adubhairt sé leis, Beathuigh m’uain.


Acht níor bhaineas‐sa feidhm as nidh ar bith dhíobh sin: agus ní le súil go mbéadh éinnidh d’á thairbhe agam atáim ag scríobhadh ’n‐a thaobh so: óir do b’fhearr liom bás d’fhágháil ’ná go ndéanfadh aoinneach neimhnidh de’n adhbhar maoidhmheachais seo agam.


Do na daoinibh atá lag do bhíos mar dhuine lag, chum go mbuaidhfinn an lucht lag: do bhíos san uile chruth do’n uile dhuine, chum go saorfainn cuid aca ar chuma ar bith.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí