Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 17:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Ní féidir nach dtiocfadh scannail: acht monuar do’n té sin tré n‐a dtigid!

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Agus dúirt sé lena dheisceabail, “Ní féidir gan cathuithe chun peaca a bheith ann; ach is mairg a chuireas iad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Agus dubhairt sé le n-a dheisciobail: Ní féidir gan scainnéil a theacht; acht is mairg do’n té tré n-a dtig siad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus a dubhairt sé ris na deisciobluibh, Ní héidir nach dtíocfuid sgannalacha!: achd is trúagh don tí, tré a dtigid síad!

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Ní féidir gan sgannail do theacht, ach is léanmhar do’n t-é tré n-a dtagaid siad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Dúirt sé lena dheisceabail: “Ní féidir gan na scannail a theacht, ach is mairg don té trína dtagann siad;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Dúirt sé lena dheisceabail: “Ní féidir gan na scannail a theacht, ach is mairg don té trína dtagann siad;

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 17:1
14 Tagairtí Cros  

Acht d’iompuigh seisean, agus adubhairt sé le Peadar, Druid siar uaim, a Shátain: atáir‐se id’ cheap tuisle dhom: óir ní fhuil do dhearcadh ar a mbaineann le Dia, acht ar a mbaineann le daoinibh.


Is mairg do’n tsaoghal mar gheall ar na scannalaibh! ní foláir do na scannalaibh teacht; acht cheana is mairg do’n duine tré n‐a dtig an scannal!


Agus adubhairt sé leis, Muna n‐éistid le Maois agus leis na fáidhibh, ní mó ’ná sin do chreidfidís, dá n‐éirigheadh duine ó na marbhaibh.


Uime sin ná bímís ag breith breithe ar a chéile a thuilleadh; acht ’n‐a ionad sin tabhraidh aire gan ceap tuislidh, ná adhbhar tuitme do chur i mbealach bhur mbráthar.


Anois, a bhráithre, impidhim oraibh bheith ar bhur gcosaint ar an dream do‐ghní siosmaí agus scannail i n‐aghaidh an teagaisc atá foghlamtha agaibh; agus druididh uatha.


Ná tabhraidh adhbhar scannail do lúdachaibh ná do Ghréagachaibh, ná d’eaglais Dé


Óir ní féadfaidhe gan siosmaí bheith ’n‐bhur measc, chum go nochtfaidhe iad‐san ’n‐bhur measc atá fírinneach.


D’á bhrigh sin, má bheir biadh adhbhar scannail dom’ bhráthair, ní íosad feoil go deo, ar eagla go gcuirfinn ceap tuislidh roimh mo bhráthair.


Acht adeir an Spiorad go soiléir go dtréigfidh cuid de na daoinibh an creideamh ins na h‐aimsearaibh deireannacha, ag tabhairt aire do spioraidibh mealltacha agus do theagascaibh deamhan,


Acht atá beagán agam le rádh it’ aghaidh, de bhrigh go bhfuil annsin agat cuid de’n dream leanas de theagasc Bhaláaim, an té do mhúin do Bhalac ceap tuislidh do chur roimh chlainn Israel, chum neithe do bhí íodhbartha d’íodhalaibh d’ithe, agus chum striapachas do chleachtadh.


Acht atá an méid seo agam it’ aghaidh, go bhfulaingeann tú an bhean Iesebel, adeir gur ban‐fháidh í féin; agus múineann agus mealann sí mo sheirbhísigh chum striapachas do chleachtadh, agus chum neithe atá íodhbartha d’íodhalaibh d’ithe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí