Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 17:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Tabhraidh aire dhaoibh fhéin: má ghní do dhearbhrátair peacadh id’ aghaidh, ceartuigh é; agus má ghní sé aithrighe ann, maith dhó é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Seachnaígí sibh féin; má pheacaíonn do bhráthair, ceartaigh é, agus má bhíonn aithreachas air, maith dó;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Tabhairigidh aire díbh féin: Má chionntuigheann do bhráthair i d’aghaidh, tabhair achmhusán dó, agus má ghní sé aithrighe, tabhair maitheamhnas dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Tabhraidh bhur naire dhíbh féin: Má pheacaigheann do dhearbhrathair ad aghaidh, imdhearg é; agus má ní sé aithrighe, tabhair maitheamhnus dó.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Tugaidh aire dhaoibh féin. Má dheineann do dhritháir beart ad’ choinnibh, cas leis é; agus má bhíonn cathú air, maith dhó é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Aire daoibh! Má pheacaíonn do bhráthair, tabhair casaoid dó, agus má bhíonn aithreachas air, maith dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Aire daoibh! Má pheacaíonn do bhráthair, tabhair casaoid dó, agus má bhíonn aithreachas air, maith dó.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 17:3
18 Tagairtí Cros  

Annsin tháinig Peadar chuige, agus adubhairt sé leis, A Thighearna, Créad a mhionca dhéanfas mo bhráthair coir im’ aghaidh, agus go maithfead dó é? seacht h‐uaire, an eadh?


Acht tabhraidh aire dhaoibh féin, ar eagla go mbéidh dúire croidhe oraibh le craos, agus le meisce, agus le cúramaibh an tsaoghail seo, agus go otiocfaidh an lá sin go h‐obann oraibh ar nós gaiste:


D’á bhrigh sin bidhidh an‐aireach i dtaobh an tsaoghail chaitheas sibh, ní ar nós daoine dith‐céillidhe, acht ar nós daoine céillidhe;


ag féachain chuige ar eagla go gclisfeadh ar aoinneach fá ghrása Dé; ar eagla go bhfásfadh aon fhréamh seirbhe do bhéadh mar adhbhar buaidheartha, agus go dtruailleochaidhe mórán d’á dheascaibh;


A bhráithre, má tá aoinneach ’n‐bhur measc ag claonadh ó’n bhfírinne, agus má thionntuigheann duine eile é,


Bidhidh ar bhur n‐aire chum nach gcaillfidh sibh a bhfuil saothruighthe agaibh, acht go bhfaighidh sibh lán‐luach saothair.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí