Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 1:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Agus nuair tháinig sé amach, níor fhéad sé labhairt leo; agus do bhí a fhios aca go bhfaca sé aisling sa teampall: agus do lean sé ag déanamh cómhartha dhóibh, agus d’fhan sé balbh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 Agus nuair a tháinig sé amach, ní raibh sé in inmhe labhairt leo, agus ba léir dóibh go raibh sé i ndiaidh taispeáint a fheiceáil sa teampall; agus dhéanadh sé comharthaí leo agus é balbh i rith an ama.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Agus ar theacht amach dó, ní raibh sé ábalta labhairt leo, agus bhí a fhios acu go bhfaca sé radharc san teampall. Agus bhí sé ag déanamh cómharthaí dóibh, agus mhair sé balbh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Agus ar ndul a mach dhó, nír bhéidir leis labhairt ríu: agus do aithnigheadar go bhfacaidh sé taidhbhsi sa teampoll: óir do sméid sé orrtha, agus do fhan sé balbh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Agus nuair a tháinig sé amach ní féadfadh sé labhairt leó, agus bhí ’fhios acu go bhfeacaidh sé radharc sa teampul. Agus bhí se ag déanamh cómharthaí dhóibh, agus do lean an bhailbhe air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

22 Ach ar theacht amach dó, ní fhéadfadh sé labhairt leo, agus bhí a fhios acu go raibh fís feicthe sa sanctóir aige. Agus bhí sé ag sméideadh orthu, agus dʼfhan balbh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

22 Ach ar theacht amach dó, ní fhéadfadh sé labhairt leo, agus bhí a fhios acu go raibh fís feicthe sa sanctóir aige. Agus bhí sé ag sméideadh orthu, agus d'fhan balbh.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 1:22
8 Tagairtí Cros  

Agus do bhí an pobal ag fuireach le Sacharias, agus do b’iongnadh leo é bheith ag déanamh moille sa teampall.


Agus tharla, nuair do bhí laethe a dhualgais críochnuighthe aige, gur imthigh sé chum a thighe féin.


Agus d’fhiafruigheadar d’á athair le cómharthaibh cia an t‐ainm ba mhaith leis do ghlaodhach air.


Agus do sméid Síomón Pheadar airsean, agus adubhairt sé leis, Innis dúinn cia dhó go bhfuil sé ag tagairt.


Acht do bhagair sé le n‐a láimh ortha bheith ’n‐a dtost, agus d’innis sé dhóibh cionnas thug an Tighearna amach as an bpríosún é. Agus adubhairt sé, Innisidh na neithe seo do Shéamas agus do na bráithreachaibh. Agus d’imthigh sé, agus do chuaidh sé go h‐áit eile.


Agus thugadar Alecsander amach as lár an tsluaigh, na h‐Iúdaigh g‐á sháthadh rómpa. Agus do bhagair Alecsander a lámh ortha, d’fhonn pléidhe leis na daoinibh.


Thug sé an cead dó, agus, ’n‐a sheasamh do Phól ar an staighre, do bhagair sé a lámh ar an bpobal; agus nuair do bhí láin‐chiúnas ann, do labhair sé leo as an teangain Eabhra, g‐á rádh,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí