Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 7:3 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus a dubhairt mé ríu, Ná hoscaltar geatadha Ierusalem nó go ttéighidh an ghrían; agus an feadh sheasfuid síadsan do leathtaóibh, druididís na doirse, agus cuiridís barradha orra: agus órduighidh luchd faire do áitreabhachaibh Ierusalem, gach éanduine iona áit faire, agus gach áonduine do bheith as cuinne a thighe féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Dúirt [mé] leo: “Ná osclaítear geataí Iarúsailéim nó go dtaga teas sa ghrian, agus dúntar agus daingnítear na doirse fad tá [sí fós ard]. Ceapaigí fir as áitritheoirí Iarúsailéim le bheith ina lucht garda, cuid acu i láithreacha faire agus cuid eile acu os comhair a dtí féin.”

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 7:3
8 Tagairtí Cros  

Agus tárla, fa nam ar thionnscnadar geatadha Ierusalem bheith dorcha roimhe an tsábbóid, gur aíthin misi na geatadha do dhrud, agus dfuágair mé gan a noscladh nó go ttíocfadh déis na sábbóide: agus do chuir mé cuid dom mhuinntir ag na geatadhuibh, chor noch ttiubharthaói áon úalach a steach annsa tsábbóid.


Ná dhiáigh sin do leasuigh Beniamin agus Hassúb thall as coinne a ttighe féin. Na dhiáigh sin do leasuigh Asariah mhac Maaseiah mhic Ananiah láimh re na thigh féin.


Go ttug mé dom dhearbhrathair Hanáni, agus do Hananiah uachdarain an phaláis, cúram ós cionn Ierusalem: (óir do bhí sé na dhuine fhírinneach, agus eagla Dé ar ós cionn mhóráin.)


Anois do bhí an chathair fairsing mór: agus beagan daóine inte, agus níor cuireadh na tighthe súas.


Muna bhfoirgníghe an TIGHEARNA an tigh, is díomhaóin oibrighid an lucht fhoirgnighios é: muna ccumhduighe an TIGHEARNA an chathair, is go díomhaóin do ní an fear coimhéada faire.


Oír do neartuigh sé barradha do dhoirsi; do bheannuigh sé do leinibh ann do mheadhón.


Féuch, cuirimse sibhse mar cháorchaibh a measg mhadradh állta: ar anadhbharsin bídhidh glic mar na haithreacha neimhe, agus neamburchóideach mar na colama.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí