Nihimiá 7:2 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)2 Go ttug mé dom dhearbhrathair Hanáni, agus do Hananiah uachdarain an phaláis, cúram ós cionn Ierusalem: (óir do bhí sé na dhuine fhírinneach, agus eagla Dé ar ós cionn mhóráin.) Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 19812 Chuir mé riaradh Iarúsailéim faoi chúram mo dhearthár Hanáiní agus Hanainiá, ceannasaí an dúnfoirt, mar ba dhuine iontaofa é agus eagla Dé air thar mar is gnáth. Féach an chaibidil |
Agus tiucfaidh a ccrích, ar ball a nimtheochuidh misi uáitse, go mbéaruidh Spiorad an TIGHEARNA thusa leis, ní fheadar cá hionad; agus annsin a núair thiocfas misi agus inneosas mé do Ahab, agus nach bhfuighe sé thusa, go muirfidh sé mé; achd misi do shearbhfhoghantuigh atá eagla an TIGHEARNA orum óm óige.
Agus a dubhairt mé ríu, Ná hoscaltar geatadha Ierusalem nó go ttéighidh an ghrían; agus an feadh sheasfuid síadsan do leathtaóibh, druididís na doirse, agus cuiridís barradha orra: agus órduighidh luchd faire do áitreabhachaibh Ierusalem, gach éanduine iona áit faire, agus gach áonduine do bheith as cuinne a thighe féin.