Nihimiá 7 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil VII. Do hórduigheadh gach neithe le crionnachd. 5 Geinealuigh agus uíbhir na ndaoine a ttainic as Baibilon. 1 Anois tárla, a nuáir do bhí an balla déanta, agus do chuir misi na dóirsi súas, agus na doirseóirigh agus an lucht ceóil agus na Lebhítigh orduighthe, 2 Go ttug mé dom dhearbhrathair Hanáni, agus do Hananiah uachdarain an phaláis, cúram ós cionn Ierusalem: (óir do bhí sé na dhuine fhírinneach, agus eagla Dé ar ós cionn mhóráin.) 3 Agus a dubhairt mé ríu, Ná hoscaltar geatadha Ierusalem nó go ttéighidh an ghrían; agus an feadh sheasfuid síadsan do leathtaóibh, druididís na doirse, agus cuiridís barradha orra: agus órduighidh luchd faire do áitreabhachaibh Ierusalem, gach éanduine iona áit faire, agus gach áonduine do bheith as cuinne a thighe féin. 4 Anois do bhí an chathair fairsing mór: agus beagan daóine inte, agus níor cuireadh na tighthe súas. 5 ¶ Agus do chuir mo Dhíasa ann mo chroidhe na huáisle do chruinniughadh a gcionn a chéile, agus na huachdaráin, agus an pobal, chor go náireomhthaoi íad le na nginealach. Agus fuáir mé leabhar ginealuigh na méide tháinig a níos a chéad uáir, agus fuáir mé scríobhtha annsin, 6 Asíadso clann na proibhinse, do chuáidh súas as a ndaóirsine, don luchd rugadh ar siubhal, agus noch rug Nebuchadnessar rígh na Babiloine ar siubhal, agus thangadar a rís go Hierusalem agus go Iúdah, gach áon da chathruigh féin. 7 Noch Tháinic le Serubbabel: Iessua, Nehemiah, Asariah, Raamiah, Nahamani, Mordecai, Bilsan, Misperet, Bigbhai, Nehum, Baanah. Do bí so uibhir dhaóine phobail Israel; 8 Clann Pharos, dhá mhíle céud agus seachtmhodhad agus días. 9 Clann Shéphatiah, trí chéad seachdmhoghad agus días. 10 Clann Arah, sé chéud cáogad agus días. 11 Clann Phahat‐moab, do chloinn Iessua agus Ioab, dhá mhíle agus ocht ccéud agus a hochd déug. 12 Clann Elam, míle dhá chéud cáogad agus ceathrar. 13 Clann Shattu, ocht ccéud ceathrachad agus cúigear. 14 Clann Shaccai, seacht ccéud agus trí fithchid. 15 Clann Bhinnui, sé chéud ceathrachad agus ochtar. 16 Clann Bhebai, sé chéad fithche agus ochtar. 17 Clann Asgad, dhá mhíle trí chéud fithche agus días. 18 Clann Adonicam, sé chéud trí fithchid agus móirsheisear. 19 Clann Bhigbhai, dhá mhíle trí fhithchid agus móirsheisior. 20 Clann Adin, sé chéud cáogad agus cúigear. 21 Clann Ader ó Heseciah, nóchad agus ochtar. 22 Clann Hassum, trí chéad fhithche agus ochtar. 23 Clann Bhesai, trí chéud fhithche agus ceathrar. 24 Clann Hariph, céud agus dhá fhear dhéag. 25 Clann Ghibeon, nóchad agus cúigear. 26 Fír Bhetlehem agus Netóphah, céud ceithre fhithchid agus ochdar. 27 Fir Anatot, céud fhithche agus ochtar. 28 Fir Bhet‐Asmabhet, ceathrachad agus días. 29 Fir Chiriat‐Iarim, Chephira, agus Bheerot, seachd ccéad ceathrachad agus tríur. 30 Fir Ramah agus Gheba, sé chéud fhithche agus áon. 31 Fir Mhichmas, céud fhithche agus días. 32 Fir Bhetel agus Ai, céud fhithche agus tríur. 33 Fír Nebo oile, cáogad agus a dias. 34 Clann an Elam oile, míle dhá chéud cáogad agus ceathrar. 35 Clann Harim, trí chéud agus fhithche. 36 Clann Iericho, trí chéud ceathrachad agus cúigear. 37 Clann Lod, Hádid, agus Ono, seachd ccéad fhithche agus áon. 38 Clann Shenaah, trí mhíle naói ccéud agus tríochad. 39 ¶ Na sagairt: clann Iedaia, ó thigh Iessua, naói ccéud seachdmhoghad agus tríur. 40 Clann Immer, míle cáogad agus días. 41 Clann Phassur, míle dhá chéad ceathrachad agus móirsheisior. 42 Clann Harim, míle agus seachd bhfir dhéag. 43 ¶ Na Lebhítigh: clann Iessua, ó Chadmiel, agus do chloinn Hodebhah, seachtmhoghad agus ceathrar. 44 Na cantairigh: clann Asaph, céad ceathrachad agus ochtar. 45 Na doirseórigh: clann Shallum, clann Ater, clann Thalmon, clann Accub, clann Hatita, clann Shobai, céad tríochad agus ochtar, 46 ¶ Na Netinimigh: clann Shiha, clann Hasupha, clann Thabaot, 47 Clann Cheros, clann Shia, clann Phadon, 48 Clann Lebana, clann Hagaba, clann Shalmai, 49 Clann Hanan, clann Ghiddel, clann Ghahar, 50 Clann Reaiah, clann Resin, clann Necoda, 51 Clann Ghassam, clann Ussa, clann Phaseah, 52 Clann Bhesai, clann Mheunim, clann Nephissesim, 53 Clann Bhacbuc, clann Hacupha, clann Harhur, 54 Clann Bhaslit, clann Mhehida, clann Harsa, 55 Clann Bharcos, clann Shisera, clann Thamah, 56 Clann Nesiah, clann Hatipha. 57 ¶ Clann sherbhíseach Sholuimh; clann Shotai, clann Shopheret, clann Pherida. 58 Clann Iaala, clann Darcon, clann Ghiddel, 59 Clann Shephatiah, clann Hattil, clann Phocheret ó Shebaim, clann Ammon. 60 Na Netinimigh uile, agus clann sherbhíseach Sholuimh, do budh trí chéud nóchad agus días. 61 Agus dob íadso an mhéid mar an ccéadna do chuáidh súas ó Thel‐melah, Thel‐haressa, Cherub, Addon, agus Immer: acht níor fhéadadar tigh a nathar dinnisin, nó a síol, an do Israel íad. 62 Clann Delaiah, clann Thobiah, clann Necoda, sé chéad ceathrachad agus días. 63 ¶ Agus do na sagartuibh: clann Habaiah, clann Chos, clann Bharsillai, noch thug inghean do Bharsillai an Gileadíteach na mnaoi, agus do goireadh íad do réir a nanma. 64 Díarradarso a seanchus a measg na muinntire do háirmheadh tré na nginealach, acht ní fríth é: uime sin mar dhaóine cáidheacha, do cuireadh ón tsagartachd íad. 65 Agus a dubhairt an Tirsata riú, nach íosaidís do na neithibh ro náomhta, nó go néirgheadh súas lé Hurim agus le Tummim. 66 ¶ An comhchruinniughadh uile go hiomlán, budh ceathrachad agus dá mhile trí chéad agus trí fhichthid. 67 Táobh amuigh da noglachaibh agus da mbanóglachaibh, da raibh seacht mile trí chéad tríochad agus móirsheisior: agus do bhí dhá chéad cheathrachad agus a cúig dfearuibh ceóil agus do mhnáibh ceóil aca. 68 A neich, seacht ccéad tríochad agus a sé: múilhdhe, dhá chéad ceathrachad agus a cúig. 69 A gcámhuill, ceithre chéud tríochad agus a cúig: sé mhíle seacht ccéud agus fhithche assal. 70 ¶ Agus thug cuid do thogha na naithreadh chum na hoibre. Thug an Tirsata chum a nionnmhuis míle drama óir, caogad báisín, cúig cceud agus tríochad culaidh shagairt. 71 Agus thugadar cuid do thogha na naithreadh chum stóir na hoibre fhithche mile drama oir, agus dhá mhíle agus dá chéad punta airgid. 72 Agus isé méid thug an chuid oile don phobal úatha fhithche míle drama óir, agus dhá mhíle punta airgíd, agus trí fhithchid agus seachd cculadhacha sagart. 73 Marsin do áitigheadar na sagairt, na Lebhitígh, agus na doirseóirigh, agus na Netinimigh, agus Israel uile, iona ccaithreachaibh; agus a nuáir tháinic an seachtmhadh mí, do bhádar clann Israel iona ccaithreachaibh. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society