Nihimiá 7:4 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)4 Anois do bhí an chathair fairsing mór: agus beagan daóine inte, agus níor cuireadh na tighthe súas. Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 19814 Ba mhór agus b'fhairsing í an chathair ach ba bheag é a líon daoine, gan aon tithe nua tógtha. Féach an chaibidil |
Agus a dubhairt mé ríu, Ná hoscaltar geatadha Ierusalem nó go ttéighidh an ghrían; agus an feadh sheasfuid síadsan do leathtaóibh, druididís na doirse, agus cuiridís barradha orra: agus órduighidh luchd faire do áitreabhachaibh Ierusalem, gach éanduine iona áit faire, agus gach áonduine do bheith as cuinne a thighe féin.