Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Nihimiá 7:1 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Anois tárla, a nuáir do bhí an balla déanta, agus do chuir misi na dóirsi súas, agus na doirseóirigh agus an lucht ceóil agus na Lebhítigh orduighthe,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Nuair a bhí an balla tógtha agus na comhlaí go léir ar a lúdracha agam, ceapadh gardaí i bhfeighil na ngeataí (seachas na cantairí agus na Léivítigh).

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 7:1
12 Tagairtí Cros  

Mar sin thangadar agus do ghoireadar ar dhoírseóir na caíthreach: agus do innisiodar dhóibh, dha rádh, Thangamairne go campa na Siriannach, agus, féuch, ní raibh duine annsin, nó guth duine, achd eich cheangailte, agus assail cheangailte, agus na cábáin mar do bhádar.


¶ Agus dórduigh Heseciah cúrsa na sagart agus na Lebhiteach do réir a ccúrsadh, gach áonduine do reír a sheirbhíse, na sagairt agus na Lebhítigh chum ofrála loisge agus ofrála siothchána, do mhiniostralachd, agus do bhreith buidhe, agus do mholadh a ndorus lóistíneadh an TIGHEARNA.


¶ Anois annsa dara bhlíadhain ar tteacht dóibh go tigh Dé ann Ierusalem, air an dara mí do tosuigh Serubbabel mhac Sealtiel, agus Iessua mhac Iosadac, agus ar mhair dá ndearbhráithribh na sagairt agus na Lebítigh, agus a nuile dhuine dá ttáinic as a ndaoirsine go Hierusalem; agus dórduigheadar na Lebhítigh, ó fithchid bliadham daóis agus ós a chionn, do chur oibre thighe an TIGHEARNA ar a haghaidh.


Oír béaruid clann Israel agus clann Lebhi ofráil a narbha, a nfiona nuáidh, agus na hola, do na séomradhuibh, mar a bhfuilid soithighe na sanctóra, agus na sagairt mhiniostralus, agus na doirseóirigh, agus an luchd ceóil: agus ní thréigfemne tigh ar Ndé.


¶ Anois is íadso rogha an phroibhinsi do rinne comhnuidh ann Ierusalem: acht a ccaithreachaibh Iudah do rinne gach áon comhnuigh iona sheilbh féin ann a ccaithreachaibh, eadhon Israel, na sagairt, agus na Lebhítigh, agus na Netinimigh, agus clann shearbhfhoghantadh Sholuimh.


Agus cinn na Lebhíteach: Hassabiah, Serebiah, agus Iessua mhac Cadmiel, maille re na ndearbhráithribh thall as a ccuinne, do mholadh agus do bhreith buidhe, do réir aithne Dháibhi ógluigh Dé, faire as coinne faire.


Anois tárla, a núair do chúala Sanballat, agus Tobiah, agus Gessem an Tarábianách, agus an chuid oile dar naimhdibh, gur chuir misi an balla súas, agus nar fágbhadh beárna ar bith air; gidh nar chuir mé fa namsin doirsi súas air na geatadhuibh;


¶ Marsin do chríochnuigheadh an balla annsa ccúigeadh lá fithchiod don mhí Elul, a ndá lá ar cháogad.


Dinnseadar fós a ngníomha maithe am lathairsi, agus dinnsedís mo bhriathrasa dhó. Agus do chuir Tobiah litreacha úadha do chur eagla orumsa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí