Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 7:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Dúirt [mé] leo: “Ná osclaítear geataí Iarúsailéim nó go dtaga teas sa ghrian, agus dúntar agus daingnítear na doirse fad tá [sí fós ard]. Ceapaigí fir as áitritheoirí Iarúsailéim le bheith ina lucht garda, cuid acu i láithreacha faire agus cuid eile acu os comhair a dtí féin.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus a dubhairt mé ríu, Ná hoscaltar geatadha Ierusalem nó go ttéighidh an ghrían; agus an feadh sheasfuid síadsan do leathtaóibh, druididís na doirse, agus cuiridís barradha orra: agus órduighidh luchd faire do áitreabhachaibh Ierusalem, gach éanduine iona áit faire, agus gach áonduine do bheith as cuinne a thighe féin.

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 7:3
8 Tagairtí Cros  

Díreach roimh an tsabóid nuair a bhí scáilí an dorchadais ag titim ar gheataí Iarúsailéim, thug mé ordú na comhlaí a dhúnadh, agus dúirt mé: “Na hosclaígí arís iad nó go mbeidh an tsabóid thart.” Chuir mé cuid de mo sheirbhísigh ag faire ag na geataí i dtreo nach n‑iomprófaí aon ualach isteach ar an tsabóid.


taobh leo-san rinne Biniáimin agus Haisiúb deisiú ar aghaidh a dtithe féin; taobh leo-san rinne Azairiá mac Mhásaeiá mac Anainiá deisiú in aice a thí féin;


Chuir mé riaradh Iarúsailéim faoi chúram mo dhearthár Hanáiní agus Hanainiá, ceannasaí an dúnfoirt, mar ba dhuine iontaofa é agus eagla Dé air thar mar is gnáth.


Ba mhór agus b'fhairsing í an chathair ach ba bheag é a líon daoine, gan aon tithe nua tógtha.


Amhrán Oilithreach. Le Solamh. 1 Mura ndéana an Tiarna an teach a thógail, is saothar amú é do lucht a thógála. Mura ndéana an Tiarna an chathair a chosaint, is díomhaoin don gharda bheith á faire.


Óir dhaingnigh sé sparraí do dhoirse; agus bheannaigh sé do chlann atá istigh ionat.


“Táim do bhur gcur uaim ar nós caorach i measc faolchúnna; dá bhrí sin, bígí chomh géarchúiseach leis an nathair nimhe agus chomh macánta leis an gcolm.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí