Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 7:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Chuir mé riaradh Iarúsailéim faoi chúram mo dhearthár Hanáiní agus Hanainiá, ceannasaí an dúnfoirt, mar ba dhuine iontaofa é agus eagla Dé air thar mar is gnáth.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Go ttug mé dom dhearbhrathair Hanáni, agus do Hananiah uachdarain an phaláis, cúram ós cionn Ierusalem: (óir do bhí sé na dhuine fhírinneach, agus eagla Dé ar ós cionn mhóráin.)

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 7:2
21 Tagairtí Cros  

Ar an tríú lá dúirt Iósaef leo: “Déanaigí mar seo, agus ní baol daoibh an bás, mar is duine mé ar a bhfuil eagla Dé;


Labhair Dia Iacóib agus dúirt Carraig Iosrael liom: An té a rialaíonn daoine leis an gceart, agus a bhfuil eagla Dé air ag rialú dó,


A luaithe a imeoidh mise uait, fuadóidh spiorad an Tiarna thú go ball éigin nach eol domsa. Tiocfaidh mise agus déarfaidh mé é le hAcháb agus nuair nach bhféadfaidh sé thú a fháil, cuirfidh sé chun báis mé cé gur thug mise, do shearbhónta, urraim don Tiarna riamh óna óige.


chuir Acháb fios ar Obaidiá, reachtaire an pháláis, agus fear a raibh an-urraim aige don Tiarna.


tháinig chugam duine de mo ghaolta, Hanáiní, le daoine áirithe ó Iúdá. Chuir mé ceist orthu i dtaobh na nGiúdach, an t‑iarmhar a fuasclaíodh ó dheoraíocht, agus i dtaobh Iarúsailéim.


Palaitiá, Hánán, Anáiá,


Mar reachtairí ar na stórais cheap mé Seilimiá an sagart, Zádóc an scríobhaí, agus Padáiá, Léivíteach, agus, mar chúntoirí, Hánán mac Zacúr, mac Mhatainiá, mar gur síleadh go raibh siad iontaofa; ba é a ngnó a gcuid a thabhairt dá ngaolta.


agus litir eile le haghaidh Ásáf, coimeádaí na bhforaoiseacha ríoga, á rá leis adhmad a thabhairt dom chun geataí a dhéanamh do dhúnfort an Teampaill agus le haghaidh ballaí na cathrach agus don teach a ndéanfainn féin cónaí ann.” Ghéill an rí do m'iarratas mar bhí lámh mhaith mo Dhé ag tacaíocht liom.


Ach na gobharnóirí a ghabh romham, ba ualach iad ar an bpobal; dhéanaidís daichead seicil airgid a thobhach [mar bheatha lae], agus bíodh leatrom á dhéanamh ag a seirbhísigh ar an bpobal chomh maith. Ach ní dhearna mise a leithéid, mar go raibh eagla Dé orm.


Dúirt [mé] leo: “Ná osclaítear geataí Iarúsailéim nó go dtaga teas sa ghrian, agus dúntar agus daingnítear na doirse fad tá [sí fós ard]. Ceapaigí fir as áitritheoirí Iarúsailéim le bheith ina lucht garda, cuid acu i láithreacha faire agus cuid eile acu os comhair a dtí féin.”


Bhí fear ann fadó i dtír Úz darbh ainm Iób. Duine ionraic fónta ab ea é; bhí eagla Dé air agus sheachain sé an t‑olc.


Beidh súil agam le fíréin na tíre a bheith in aontíos liom. An té a shiúlann sa tslí gan máchail, is é a dhéanfaidh fónamh dom.


Ach togh as an bpobal i gcoitinne fir a bhfuil cumas iontu agus eagla Dé orthu, fir chreidiúnacha dhobhreabtha; agus ceap iad seo ina gceannairí ar an bpobal i bhfeighil mílte agus céadta agus leathchéadta agus deichniúr.


Ach ní amhlaidh le Maois mo shearbhónta; Mo theach is baile dó;


Cé hé, más ea, an seirbhíseach iontaofa ciallmhar ar cheap a mháistir os cionn sclábhaí a theaghlaigh é chun a gcuid bia a thabhairt dóibh i dtráth?


Labhair a mháistir leis: ‘Go han-mhaith; dea-sheirbhíseach iontaofa thú: bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán; gabh isteach in aoibhneas do thiarna.’


Éilítear ansin ar na maoir duine a bheith dílis.


An teagasc a chuala tú uaimse i bhfianaise a lán, cuirse é i gcúram daoine iontaofa a bheidh in ann é a mhúineadh do dhaoine eile chomh maith.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí