Nihimiá 7:1 - An Bíobla Naofa 19811 Nuair a bhí an balla tógtha agus na comhlaí go léir ar a lúdracha agam, ceapadh gardaí i bhfeighil na ngeataí (seachas na cantairí agus na Léivítigh). Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)1 Anois tárla, a nuáir do bhí an balla déanta, agus do chuir misi na dóirsi súas, agus na doirseóirigh agus an lucht ceóil agus na Lebhítigh orduighthe, Féach an chaibidil |
Ba sa dara mí den dara bliain tar éis dóibh teacht go Teampall Dé in Iarúsailéim a chrom Zarubáibil mac Sheailtíéil agus Iéisiúa mac Iózádác ar an obair leis an gcuid eile dá mbráithre, na sagairt, na Léivítigh agus an mhuintir go léir a d'fhill ar Iarúsailéim ón deoraíocht. Cheap siad na Léivítigh a bhí fiche bliain d'aois nó os a chionn i bhfeighil na hoibre ar Theampall an Tiarna.