Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 16:28 - An Bíobla Naofa 1981

28 Deirim libh go fírinneach, tá daoine anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh Mac an Duine feicthe acu ag teacht ina ríocht.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

28 Deirim libh go fírinneach, tá siad ina seasamh anseo nach mblaisfidh an bás go bhfeice siad Mac an duine ag teacht i réim a ríochta.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

28 Amén adeirim libh, tá cuid dá bhfuil ina seasamh annseo nach mblaisfidh bás go dtí go bhfeicidh siad Mac an Duine ag teacht ina ríoghacht.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Go fírinneach adeirim libh, Atá cuid díobh‐san atá n‐a seasamh annso, nach mblaisfidh bás nó go bhfeicid Mac an Duine ag teacht ’n‐a ríoghacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

28 Go fírinneach a deirimsi ribh, Go bhfuil cuid do luchd a tá na seasamh ann so, nach blaisfidh bás, no go bhfaicid Mac an duine ag teachd ann a rioghachd féin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Go deimhin adeirim libh, tá cuid d’á bhfuil ’n-a seasamh anso agus ní bhlaisfid siad bás go bhfeicfid siad Mac an Duine ag teacht ’n-a rígheacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

28 Deirim libh go fírinneach, tá daoine anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh Mac an Duine feicthe acu ag teacht ina Ríocht.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 16:28
25 Tagairtí Cros  

Má bhítear sa tóir oraibh i gcathair áirithe teithigí go cathair eile. Deirim libh go fírinneach, sula mbeidh cathracha Iosrael siúlta agaibh, beidh Mac an Duine tagtha.


Ar theacht isteach i gceantar Chéasaráia Philib dó, d'fhiafraigh Íosa dá chuid deisceabal: “Cé hé a deir na daoine Mac an Duine?”


Agus ina shuí dó ar Chnoc na nOlóg, tháinig na deisceabail chuige ar leithligh agus dúirt siad: “Inis dúinn cén uair a thitfidh an méid sin amach agus cén comhartha a bheidh ann ar do théarnamhsa agus ar dheireadh an tsaoil.”


Deirim libh go fírinneach, ní imeoidh an ghlúin seo gan na nithe seo uile a bheith tagtha chun cinn.


Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh cén lá a thiocfaidh bhur dTiarna.


Dúirt Íosa leis: “Tá sé ráite agat. Ach deirim libh, beidh Mac an Duine le feiceáil agaibh amach anseo, ina shuí ar dheis na cumhachta, agus é ag teacht ar scamaill na bhflaitheas.”


Dúirt Íosa leis: “Tá pruchóga ag na sionnaigh agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.”


Agus ansin feicfidh siad Mac an Duine ag teacht sna scamaill le mórchumhacht agus glóir.


Óir cibé ar nár leis mise agus mo bhriathra sa ghlúin adhaltrach pheacúil seo, is nár le Mac an Duine eisean mar an gcéanna nuair a thiocfaidh sé i nglóir a Athar in éineacht leis na haingil naofa.”


Agus dúirt sé leo: “Deirim libh go fírinneach, tá daoine anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh ríocht Dé feicthe acu agus í tagtha i gcumhacht.”


Deirim libh, déanfaidh sé ceart go grod. Ach nuair a thiocfaidh Mac an Duine, an bhfaighidh sé creideamh ar an talamh?”


Agus bhí foilsiú faighte ón Spiorad Naomh aige nach bhfeicfeadh sé an bás nó go bhfeicfeadh Meisias an Tiarna.


Ach deirim libh go dearfa, tá cuid dá bhfuil anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh ríocht Dé feicthe acu.”


Dúirt Íosa leis: “Más mian liom é a fhanacht go dtaga mé, cad é sin duitse? Lean-sa mise.”


Amen, Amen, a deírim libh, má choinníonn aon duine mo bhriatharsa ní fheicfidh sé bás choíche.”


Dúirt na Giúdaigh leis: “Tá a fhios againn anois go bhfuil deamhan ionat. Tá Abrahám marbh agus na fáithe agus deir tusa: ‘Má choinníonn aon duine mo bhriatharsa, ní bhlaisfidh sé bás choíche.’


“A fheara na Gailíle,” ar siad, “cad ab áil libh in bhur seasamh ansin ag amharc in airde sa spéir? An Íosa seo a tógadh suas ar neamh uaibh, tiocfaidh sé an tslí chéanna ina bhfaca sibh ag dul suas é.”


Beidh gach duine ina rang féin áfach; Críost an chéadtoradh; ansin nuair a fhillfidh sé aiséireoidh an mhuintir a bheidh i bpáirt le Críost;


agus chun feitheamh lena Mhac Íosa a theacht ó na flaithis - an Mac a thóg sé ó mhairbh agus atá dár bhfuascailt ón bhfearg atá le teacht.


Is é rud a fheicfimid, áfach, ná Íosa - an té a rinneadh níba ísle ná na haingil ar feadh tamaillín i ngeall ar an mbás a d'fhulaing sé - agus é faoi choróin ghlóire agus onóra; mar (is trí ghrásta Dé a) d'fhulaing sé an bás ar mhaithe le cách.


Bíodh foighne agaibh dá bhrí sin a bhráithre go dtí teacht an Tiarna. Féach an feirmeoir agus é ag feitheamh le fómhar luachmhar na hithreach, agus foighne aige leis nó go bhfaighe sé an fhearthainn luath agus dhéanach.


Ní ag aithris aon fhabhalscéalta a ceapadh go cliste a bhíomar nuair a thugamar eolas daoibh ar chumhacht, agus ar theacht ár dTiarna Íosa Críost, mar chonaiceamar a mhórgacht lenár súile cinn.


Agus anois, a chlann liom, mairigí ann ionas nuair a fhoilseofar é go mba lánmhuiníneach sinn as, in ionad a bheith náirithe agus sinn deighilte uaidh ar theacht dó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí