Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 9:56 - An Bíobla Naofa 1981

56 Agus d'imigh siad go dtí baile nárbh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

56 Agus chuaigh siad go baile eile.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

56 Ní tháinic Mac an Duine le h-anmanna a scrios, acht a shábháil. Agus d’imthigh siad go baile eile.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

56 Agus d’imtigheadar go baile beag eile.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

56 Oír ní thaínic Mac an duine do sgríos anmann na ndáoine, achd dá slánughadh. Agus do chúadar as sin go bhaile eile.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

56 Ní chun anamnacha do mhilleadh a tháinig Mac an Duine, ach chun iad do shábháil. Agus d’imthigheadar go baile eile.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

56 Agus dʼimigh siad go dtí baile nárbh é.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 9:56
16 Tagairtí Cros  

“Aire daoibh gan bheith neamhshuimiúil i nduine ar bith de na rudaí beaga seo, óir deirim libh, bíonn a n‑aingil ar neamh ag breathnú de shíor ar ghnúis m'Athar atá ar neamh.


“Óir tháinig Mac an Duine chun an rud a bhí caillte a shlánú.


díreach faoi mar nár tháinig Mac an Duine chun go mbeifí ag freastal air ach chun go ndéanfadh sé féin freastal agus a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.”


Ach is é a deirimse libh gan seasamh in aghaidh an drochdhuine: ina ionad sin, an té a thugann buille sa leiceann dheas duit, iompaigh chuige an leiceann eile freisin;


óir tháinig Mac an Duine chun an rud a bhí caillte a lorg agus a shlánú.”


Labhair Íosa agus dúirt: “Ligigí dóibh; is leor an méid sin,” agus bhain sé leis an gcluais agus rinne slán í.


Dúirt Íosa: “A Athair, maith dóibh óir níl a fhios acu cad tá siad a dhéanamh.” Ansin, ag roinnt a chuid éadaigh eatarthu, chuir siad ar chrainn iad.


Ach d'iompaigh sé chucu agus thug casaoid dóibh.


Agus ag gluaiseacht dóibh, dúirt duine éigin sa tslí leis: “Leanfaidh mé thú cibé áit a rachaidh tú.”


Ní thagann an bithiúnach ach chun bheith ag goid, ag marú agus ag milleadh. Tháinig mise chun go mbeadh an bheatha acu agus go mbeadh sí acu go fial.


Má chluineann aon duine mo bhriathra agus nach gcoinneoidh sé iad, ní mise a thugann daorbhreith air, óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol a tháinig mé, ach chun an saol a shaoradh.


Óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol a chuir Dia a Mhac uaidh ar an saol ach chun go slánófaí an saol tríd.


Ná faigheadh an t‑olc an lámh uachtair ort ach faighse an lámh uachtair ar an olc leis an maith.


Is barántúil agus is iontaofa go hiomlán an ráiteas é gur tháinig Críost Íosa ar an saol chun peacaigh a shlánú. Táim féin ar an bpeacach is mó orthu,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí