Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 9:41 - An Bíobla Naofa 1981

41 D'fhreagair Íosa agus dúirt: “Ó a ghlúin dhíchreidmheach chlaon, cá fad a bheidh mé in bhur measc agus a chuirfidh mé suas libh? Tabhair chugam anseo do mhac.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

41 Is é a dʼfhreagair Íosa, “A ghlúin dhíchreidmheach, chlaon, cá fhad atá orm bheith libh nó teacht libh? Tabhair chugam anseo do mhac.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

41 Agus d’fhreagair Íosa, agus dubhairt: A ghlúin mhíchreidmheach, chlaon, cá fhad a bhéas mé i bhur measc agus a chuirfeas mé suas libh? Tabhair do mhac annseo chugam.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

41 Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé, A shliocht mhíchreidmhigh, chlaoin, cá fhad bhéas mé eadraibh, agus fhuilingeochas mé libh? tabhair chugam do mhac.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

41 Agus ar bhfreaga Díosa a dubhairt sé, A chineadh míchreidmheach cláon, ga fad fós bhiás mé eadruibh, agus fhuileongas mé sibh? Tabhair do mhác leachd an so.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

41 Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt: Ó, a shliocht chlaon gan creideamh, an fada a bheidh mé eadraibh ag cur suas libh? Tabhair anso do mhac.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

41 Dʼfhreagair Íosa agus dúirt: “Ó, a ghlúin dhíchreidmheach chlaon, cá fad a bheidh mé in bhur measc agus a chuirfidh mé suas libh? Tabhair chugam anseo do mhac.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 9:41
31 Tagairtí Cros  

Ar a chloisteáil d'Eilíseá, giolla Dé, gur stróic rí Iosrael a chuid éadaigh, chuir sé scéala chun an rí: “Cad chuige ar stróic tú do chuid éadaigh? Lig dó teacht chugamsa, agus gheobhaidh sé amach go bhfuil fáidh in Iosrael.”


sula mbeidís mar a n‑aithreacha rompu ina nglúin easumhal ceanndána; glúin gan seasmhacht ina gcroí nach raibh dílis do Dhia ina meanma.


Chuaigh Maois agus Árón dá bhrí sin isteach go Forann agus dúradar leis: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia na nEabhrach: ‘An fada eile a dhiúltóidh tú géilleadh dom? Lig do mo phobal imeacht agus íobairt a dhéanamh dom.


Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “An fada eile a dhiúltóidh sibh m'aitheanta agus mo dhlíthe a choimeád?


Nigh do chroí ó urchóid ionas go sábháilfear thú, a Iarúsailéim. Cá fhad a lonnfaidh i do chroí do smaointe mailíseacha?


Dúirt an Tiarna le Maois: “An fada a bheidh an pobal seo do mo mhaslú? An fada a dhiúltóidh siad creideamh ionam d'ainneoin na gcomharthaí go léir a rinne mé ina measc?


“An fada a bheidh an mhuintir chlaon seo ag monabhar i m'aghaidh? Chuala mé na gearáin atá á ndéanamh ag clann Iosrael i m'aghaidh.


“Tagaigí chugam, sibhse uile a bhfuil saothar agus tromualach oraibh, agus tabharfaidh mé faoiseamh daoibh.


Ach dúirt sé leo á bhfreagairt: “Drochghlúin adhaltrach agus í ag lorg comhartha, agus gan de chomhartha le tabhairt di ach comhartha Ióna fáidh.


Imíonn sé ansin agus beireann sé in éineacht leis seacht spioraid eile is measa ná é féin: téann siad isteach agus glacann siad áras ann, agus is measa dála an duine sin ar deireadh ná ar dtús. Sin mar a bheidh an scéal ag an drochghlúin seo freisin.”


Drochghlúin adhaltrach agus í ag lorg comhartha, agus gan de chomhartha le tabhairt di ach comhartha Ióna” - a bhfágáil ansin agus ag imeacht leis.


D'fhreagair Íosa agus dúirt: “Ó a ghlúin dhíchreidmheach chlaon, cá fhad a bheidh mé faraibh? Cá fhad a bheidh mé ag cur suas libh? Tugaigí chugam anseo é.”


Deirim libh go fírinneach, tiocfaidh an méid sin uile anuas ar an nglúin seo.


Nuair a chonaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadúcaigh ag teacht chun baisteadh chuige, dúirt sé leo: “A sceith na bpéisteanna, cé thug leid daoibhse teitheadh ón díbheirg atá le teacht?


Ar a fheiceáil sin dó, tháinig míchéadfa air agus dúirt leo: “Ligigí do na leanaí teacht chugam; na coiscigí iad, óir is lena leithéidí seo ríocht Dé.


Stad Íosa agus dúirt: “Glaoigí anseo air.” Agus ghlaoigh siad ar an dall á rá leis: “Bíodh misneach agat! Éirigh! Tá sé ag glaoch ort!”


Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Ó a ghlúin dhíchreidmheach, cá fhad a bheidh mé faraibh? Cá fhad a bheidh mé ag cur suas libh? Tugaigí chugam é.”


Agus dúirt sé leo: “Cá bhfuil bhur gcreideamh?” Ach bhí uamhan orthu agus rinne siad ionadh de, á rá eatarthu féin: “Cé hé an duine seo, más ea, a rá go bhfógraíonn sé ar na gaotha féin agus ar an uisce, agus go ndéanann siad rud air?”


Agus d'iarr mé ar do dheisceabail é a chaitheamh amach, agus níorbh fhéidir leo é.”


Agus le linn dó bheith ag teacht chuige, theilg an deamhan ar lár é agus bhain rachtaí as go dolba. Ach bhagair Íosa ar an spiorad míghlan, agus leigheas sé an t‑ógánach agus thug ar ais dá athair é.


Dúirt Íosa leis: “An bhfuilim an fad sin aimsire, a Philib, in bhur measc agus gan aithne agat orm? An té a chonaic mise, chonaic sé an tAthair. Conas, mar sin, a deir tú: ‘Taispeáin dúinn an tAthair’?


Ansin dúirt sé le Tomás: “Tabhair i leith do mhéar agus féach mo dhearnana, sín amach do lámh agus cuir i mo chliathán í, agus ná bí díchreidmheach ach creidmheach.”


agus [sholáthraigh] sé dóibh ar feadh daichead bliain san fhásach.


Rinne sé mórán eile cainte ag áiteamh leo agus ag tathant orthu: “Sabháiligí sibh féin,” ar seisean leo, “ón nglúin chlaon seo.”


Nó an amhlaidh is beag ort saibhreas a chineáltais agus a fhoighne agus a fhadfhulaingthe? Nach bhfuil a fhios agat gur do do bhrostú chun aithrí atá cineáltas Dé?


Rinneadar coirpeacht, an chlann a ghin sé gan cháim; ál fealltach cam iad.


Déanaimis ár ndícheall, mar sin, chun dul isteach san áitreabh suaimhnis sin ionas nach dteipfidh ar aon duine de dheasca an saghas céanna easumlaíochta.


Óir fógraíodh an dea-scéal dúinn díreach mar a fógraíodh dóibhsean é. Ach níorbh aon tairbhe dóibh an teachtaireacht a chuala siad de bhrí nach raibh siad aontaithe tríd an gcreideamh leis na daoine a thug cluas di.


Dá thoradh sin, is féidir leis na daoine a thagann chun Dé tríd a shlánú go hiomlán de bhrí go maireann sé de shíor chun idirghuí a dhéanamh ar a son.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí