Lúcás 20:28 - An Bíobla Naofa 198128 agus chuir siad ceist air: “A Mháistir,” ar siad, “seo mar a d'ordaigh Maois dúinn sa scríbhinn: ‘Má bhíonn ag duine deartháir pósta a gheobhadh bás gan chlann, é féin a ghabháil na baintrí chun gin sleachta a thógáil dá dheartháir.’ Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)28 agus chuir siad ceist air, agus dúirt siad, “A Oide, tá scríofa ag Maois dúinn, faoi chás duine a bhfuil a dheartháir i ndiaidh bás a fháil, agus bean aige agus é gan chlann, á rá go gcaithfidh an duine sin an bhean a ghlacadh agus clann a sholáthar dá dheartháir. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara28 Ag rádh: A Mháighistir, scríobh Maoise dúinn, dá bhfaghadh dearbhráthair dhuine ar bith bás, agus bean aige, agus dá mbéadh sé sin gan chloinn, go nglacfadh a dhearbhráthair-sean í mar mhnaoi, agus go dtógfadh sé sliocht dá dhearbhráthair. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)28 g‐á rádh, A Mháighistir, do scríobh Maois dúinn, dá bhfaghadh dearbhráthair duine bás, agus bean phósta aige, agus gan clann aige, go nglacfadh a dhearbhráthair an bhean, agus go dtógfadh sé sliocht d’á dhearbhráthair. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)28 Ag rádh, A Mhaighisdir, do sgríobh Máoisi dhúinn, Dá bhfaghadh dearbhráthar dhúine ar bith bás, agá mbía bean phósda, agus go bhfuigheadh sé bás gan chloinn, go ngéubhadh a dhearbhráthair chuige a bhean, agus go tóigéubhadh se sliochd dá dhearbhrathair. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)28 Agus dubhradar: A Mháighistir, do sgríbh Maois dúinn, Má gheibheann dritháir dhuine bás agus bean phósta aige, agus gan clann aige, go nglacfadh a dhritháir an bhean agus go dtógfadh sé sliocht d’á dhritháir. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201228 agus chuir siad ceist air: “A Mháistir,” ar siad, “seo mar a dʼordaigh Maois dúinn sa scríbhinn: ‘Má bhíonn ag duine deartháir pósta a gheobhadh bás gan chlann, é féin a ghabháil na baintrí chun gin sleachta a thógáil dá dheartháir.’ Féach an chaibidil |