Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 18:28 - An Bíobla Naofa 1981

28 Ansin dúirt Peadar: “Is é atá déanta againne: ár maoin shaolta a thréigean agus tusa a leanúint!”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

28 Agus dúirt Peadar, “Féach, táimidne i ndiaidh an baile a fhágáil agus tú a leanúint.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

28 Agus dubhairt Peadar: Féach, d’fhágamar sinne gach nídh agus leanamar thú.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Agus adubhairt Peadar, Féach, d’fhágamair‐ne ár mbailte féin, agus do leanamar thusa.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

28 Agus a dubhairt Peadar, Féuch, do fhágamairne na huile neithe, agus do leanamair thusa.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Agus dubhairt Peadar: Féac, d’fhágamairne gach aon rud agus do leanamair tusa.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

28 Ansin dúirt Peadar: “Is é atá déanta againne: ár maoin shaolta a thréigean agus tusa a leanúint!”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 18:28
7 Tagairtí Cros  

Labhair Peadar ansin agus dúirt sé leis: “Sinne, féach, d'fhágamar an uile ní agus leanamar thusa: cad a bheidh againn, más ea?”


Bhí Íosa ag imeacht leis ón áit sin, agus chonaic sé duine darbh ainm Matha ina shuí i dteach an chustaim agus dúirt leis: “Lean mise.” D'éirigh seisean agus lean sé é.


Chrom Peadar ar a rá leis: “Sinne, féach, d'fhágamar an uile ní agus leanamar thusa.”


Agus tharraing siad na báid aníos ar an trá, d'fhág siad gach uile ní agus lean é.


Ansin dúirt sé leis an deisceabal: “Sin í do mháthair.” Agus ón uair sin amach ghlac an deisceabal isteach ina bhaile féin í.


Na buntáistí seo a bhí agam, áfach, tá áirithe anois agam gur caillteanas glan iad mar gheall ar Chríost.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí