Lúcás 12:58 - An Bíobla Naofa 198158 Mar sin, nuair a bhíonn tú ag imeacht le fear do chúisithe i láthair an phrionsa, déan do dhícheall, agus tú sa bhóthar, ar bheith réidh leis, le heagla go dtarraingeodh sé os comhair an bhreithimh tú agus go dtabharfadh an breitheamh ar láimh don sirriam tú agus go dteilgfeadh an sirriam i bpríosún tú. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)58 Nuair atá tusa agus an té atá do do chúisiú ar an mbealach go dtí an breitheamh, déan do dhícheall le teacht ar shocrú leis ar bhur mbealach, ar eagla go dtarraingeoidh sé chuig an mbreitheamh thú, agus go dtabharfaidh an breitheamh i láimh an chonstábla thú, agus go bhfágfaidh an constábla sa phríosún thú. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara58 Agus nuair a bhíos tú ag dul i n-aoinfheacht le d’eascaraid chuig an uachtarán, déan do dhícheall thú féin a réidhteach uaidh ar an tslighe, ar eagla go dtabharadh sé suas do’n bhreitheamh thú, agus go dtabharadh an breitheamh suas do’n tsirriam thú, agus go gcuireadh an sirriam isteach i bpríosún thú. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)58 Óir, nuair bhíonn tú ag dul i n‐éinfheacht led’ námhaid i láthair an ghiúistís, sa tslighe dhuit, déan do dhícheall chum réidhteach do dhéanamh leis; ar eagla go dtarraingeochadh sé os cómhair an bhreitheamhan thú, agus go dtiubhradh an breitheamh suas do’n fheadhmannach thú, agus go gcuirfeadh an feadhmannach i bpríosún thú. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)58 Agus fós an tan théid tá réd easgcaruid chum a núachdaráin, déana do dhícheall ar slighe, air thú féin do reíteach úadh; deagla go dtairrngeadh sé chum an bhreithimh thú, agus go dtiobhradh an bhreitheamh don tsirríam thú, agus go dteilgfeadh an sirriam thú a bpriosím. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)58 Agus nuair a bheidh tú ag dul, i n-aonfheacht led’namhaid, i láthair an phriúnsa, dein do dhícheal chun sgaramhaint leis, le h-eagla go mbéarfadh sé i láthair an bhreithimh tu, agus go dtabharfadh an breitheamh suas tu do’n fheidhmeadóir, agus go gcuirfeadh an feidhmeadóir sa charcair tu. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201258 Mar sin, nuair a bhíonn tú ag imeacht le fear do chúisithe i láthair an phrionsa, déan do dhícheall, agus tú sa bhóthar, ar a bheith réidh leis, le heagla go dtarraingeodh sé os comhair an bhreithimh thú agus go dtabharfadh an breitheamh ar láimh don sirriam thú agus go dteilgfeadh an sirriam i bpríosún thú. Féach an chaibidil |