Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 11:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Nó fós má iarrann ubh, an sínfidh sé scairp chuige?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 nó má iarrann sé ubh air, a thabharfaidh scairp dó?

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Nó má iarrann sé uibh, an sínfidh sé scorpion chuige?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Nó dá n‐iarradh sé ubh, an scairp do‐bhéaradh sé dhó?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Nó dá niárradh sé úgh, an dtiobhradh se scorpion do?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Nó má iarrann sé ubh, an dtabharfaidh sé scorpión dó?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Nó fós má iarrann ubh, an sínfidh sé scairp chuige?

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 11:12
5 Tagairtí Cros  

Ná bíodh eagla ortsa rompu, a mhic an duine; ná bíodh eagla ort nuair a deir siad: ‘Tá dealga thart ort agus scairpeanna fút.’ Ná bíodh eagla ort roimh a mbriathra ná eagla roimh a ndrochshúil, mar is ceannairceach an dream iad.


Féach, tá cumas tugtha agam daoibh chun satailt ar nathracha nimhe agus ar scairpe agus ar gach neart den namhaid, agus ní dhéanfaidh rud ar bith dochar daoibh.


Cé hé an t‑athair in bhur measc go n‑iarrfaidh a mhac arán air, agus ar cloch a shínfidh sé chuige? Nó más iasc a iarrann, an nathair nimhe a shínfidh sé chuige in ionad éisc?


Dá bhrí sin, más eol daoibhse atá go holc nithe maithe a thabhairt do bhur gclann, nach móide go dtabharfaidh an tAthair ó neamh an Spiorad Naomh dóibh seo a iarrann air é?”


Tá eireaball orthu cosúil le scairp agus cealg ann; agus is san eireaball atá a gcumhacht chun bheith ag pianadh na ndaoine ar feadh chúig mhí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí